English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire atá Freagrach as Cosaint, Paul Kehoe, T.D., Scaoileadh Ábhar ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata (1916-1923) i nDeireadh Fómhair 2019

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 4 Deireadh Fómhair 2019
  • An t-eolas is déanaí: 11 Deireadh Fómhair 2019

D’fhógair an tAire atá Freagrach as Cosaint, Paul Kehoe, T.D., an t-ábhar is déanaí a scaoileadh ar líne ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata (an BPSM) (1916-1923). Leanann seo roinnt scaoilte roimhe seo a rinneadh le hábhar a thosaigh in 2014. Scaoileadh inniu le 4,600 comhad a bhaineann le 1,540 iarshaighdiúir aonair a d’fhóin go gníomhach i gcaitheamh na tréimhse idir 1916 agus 1923. Tá comhaid 9,555 duine aonair ar fáil anois ar líne, nuair a chuirtear an scaoileadh seo san áireamh.

Ag labhairt dó maidir le scaoileadh an lae inniu, dúirt an tAire “I ndiaidh gur scaoileadh na tuairiscí tábhachtacha ar Ghníomhaíocht Bhriogáide ní ba luaithe i mbliana, cuirim fáilte roimh scaoileadh an lae inniu le hábhar ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata. Scaoileadh le comhaid do 313 iarratas a sheol mná ar aghaidh, a chuireann léargas breise ar fáil ar an ról a ghlac siad sa streachailt dár neamhspleáchas.” Lean sé air lena rá, “Leanann an tionscadal seo le cur lena acmhainn ar líne, a chuireann teacht gan stró ar fáil ar dheiseanna chun an tuiscint atá againn ar an am a chuaigh thart a fhiosrú agus a fhorbairt. Ba mhaith liom moladh a thabhairt d’fhoireann an Tionscadail maidir le caighdeán a gcuid oibre, arb ábhar mór bróid dom é.”

Tá na comhaid seo ar fáil inniu don phobal den chéad uair agus is féidir iad a fheiceáil ar líne ar leathanaigh láithreán gréasáin an MPSM ag www.militaryarchives.ie. Anuas ar chomhaid 313 bean a bhí páirteach sa tréimhse réabhlóideach, scaoileadh le comhaid, chomh maith, a bhaineann le pléascadh Mhuileann an tSáile i Loch Garman (1920), an iarracht a rinneadh chun Frank Carty a bhaint ó veain príosúin i nGlaschú i mBealtaine 1921, agus comhaid 45 ball a chuireann léargas ar fáil ar struchtúr agus gníomhaíocht an IRA agus Chumann na mBan i Manchain.

Gníomh comórtha atá i dTionscadal féin an PSM atá dírithe ar eispéiris na ndaoine siúd a mhair i dtréimhse thábhachtach i Stair na hÉireann nár insíodh go fóill nó a ligeadh i ndearmad. Bhain ríthábhacht leis an obair a rinne cartlanna a chaomhnú agus iad a chur ar fáil do thaighde maidir leis an tuiscint atá againn ar Réabhlóid na hÉireann agus ar an nglúin iomlán a bhí ag troid ar son an Neamhspleáchais, ar bunaíodh Stát na hÉireann sa nua-aois mar thoradh air.

CRÍOCH

NÓTAÍ D’EAGARTHÓIRÍ

Comhthionscadal é tionscadal an Bhailiúcháin Phinsean Seirbhíse Míleata (an BPSM) (1916-1923) idir an Roinn Cosanta agus na Fórsaí Cosanta a chuireann le Deich mBliana na gCuimhneachán. Tá de shainchúram ag an tionscadal scaoileadh le comhaid agus taifid na Roinne Cosanta a dhéileálann le seirbhís bhaill cháilitheacha Óglaigh na hÉireann, Arm Cathartha na hÉireann, the Hibernian Rifles, Chumann na mBan, na bhFianna Éireann agus Arm Poblachtach na hÉireann sa tréimhse ó Aibreán 1916 go dtí an 30 Meán Fómhair 1923. Is éard a bhaineann leis seo ná beagnach 300,000 comhad a chatalógú agus a dhigitiú go páirteach.

An Bailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata (1916-1923) – Pléascadh Mhuileann an tSáile an 12 Deireadh Fómhair 1920
Files relating to those killed were released previously and now we are releasing the files relating to the nine who were wounded.
Amharc amharc