Feachtas Eolais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh 2020-2021’ seolta ag an Rialtas
- Foilsithe: 4 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Feachtas Eolais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh 2020-2021’ seolta ag an Rialtas
Tascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála
‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’
Inniu sheol an Rialtas Feachtas Eolais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ 2020 -2021.
Ba é an tAire Cosanta agus Cathaoirleach Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála, an tUasal Simon Coveney T.D. agus an tAire Stáit atá freagrach as Iompar agus Lóistíocht Bóthair agus Idirnáisiúnta, Hildegarde Naughton T.D., Uasal, a sheoladh an feachtas. Bhí Evelyn Cusack, Uasal, Ceannasaí Réamhaisnéise Met Éireann, i láthair chomh maith.
Reáchtáladh an ócáid seolta i ndiaidh cruinnithe de chuid Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála, ag ar pléadh ceisteanna a bhaineann le hullmhacht don gheimhreadh, agus rinne ionadaithe ó Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais cur síos ar a réimsí freagrachta féin.
Tá sé beartaithe go dtarraingeoidh an feachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’, atá á rith don deichiú bliain as a chéile i mbliana, aird ar na dúshláin ar leith a bhaineann le míonna an gheimhridh agus soláthraíonn sé cur chuige comhordaithe agus leathan maidir le teachtaireachtaí sábháilteachta don phobal agus eolas a scaipeadh maidir le hullmhúcháin don gheimhreadh.
Tá an feachtas eolais seo seanbhunaithe faoin tráth seo agus is imeacht bliantúil tábhachtach é a bhfuil tionchar aige ar an tseirbhís phoiblí trí chéile.
Tarraingíonn an feachtas aird ar an gcur chuige ‘Uile-Rialtais’ atá á ghlacadh maidir leis na hullmhúcháin don gheimhreadh. Bhí fianaise ar an gcur chuige comhordaithe seo le tabhairt faoi deara i rith stoirmeacha agus drochaimsir a tharla le blianta beaga anuas a chruthaigh dúshláin do dhaoine aonair, pobail, gnóthaí, Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais.
An rud is tábhachtaí is ea go gcuireann an feachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ an pobal ar an eolas faoin obair ullmhúcháin atá á déanamh don gheimhreadh agus na háiteanna ar féidir leo eolas luachmhar a fháil chun cabhrú leo fanacht slán i rith tréimhse dhúshlánach.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Coveney i rith na hócáide seolta:
“Is mian liom aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do dhíograis ár gcuid oibrithe túslíne agus don obair atá á déanamh ag ár nÚdaráis Áitiúla chun seirbhísí riachtanacha a sholáthar i rith tréimhsí drochaimsire agus chun cabhrú linn teacht chugainn féin arís i ndiaidh a leithéid sin de thréimhsí drochaimsire.
Chomh maith leis sin, is mian liom aitheantas a thabhairt don obair atá déanta ag daoine aonair, grúpaí pobail agus na seirbhísí éigeandála deonacha as an gcúnamh riachtanach a sholáthraíonn siad.
Tá príomhtheachtaireacht an fheachtais simplí: bí ullamh, bí sábháilte agus bí ar an eolas faoi cá háit a bhfuil cúnamh le fáil.”
Iompar
I rith an gheimhridh anuraidh, úsáideadh 116,000 tona salainn ar ár mbóithre náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla. Bhí obair ullmhúcháin déanta ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) roimh ré lena chinntiú go raibh dóthain salainn ar fáil agus lean TII ag obair le hÚdaráis Áitiúla roimh an ngeimhreadh amach romhainn.
I mbliana, tá 202,000 tona salainn le fáil le húsáid ar fud na tíre.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Naughton ag an seoladh:
“Is í an teachtaireacht is tábhachtaí nach mór do thiománaithe agus d’úsáideoirí bóithre eile aird a thabhairt uirthi go gcabhraíonn réamhullmhúcháin le haon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith amach romhainn a laghdú. Is féidir linn a chinntiú go bhfuil ár bhfeithiclí ullamh do choinníollacha aimsire an gheimhridh, agus is féidir linn a chinntiú go bhfuil daoine eile in ann muid a fheiceáil nuair a bhíonn muid amuigh ag rothaíocht nó ag siúl.
Tá treoir iontach curtha i dtoll a chéile ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre do dhaoine a bhíonn ag tiomáint, ag rothaíocht nó ag siúl i rith an gheimhridh atá le fáil ar an suíomh gréasáin www.rsa.ie agus chomh maith leis sin tá achoimre den treoir seo le fáil sa leabhrán Bí Ullamh don Gheimhreadh.”