Freastalaíonn an tAire Coveney ar Ócáid Chomóradh 100 Bliain an Aerchóir
- Foilsithe: 23 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Preasráiteas maidir le hImeacht Cheiliúradh 100 Bliain an Aerchóir ag Aeradróm Mhic Easmainn, Baile Dhónaill ar an gCéadaoin, an 23 Márta 2022.
D’fhreastail an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D. agus Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leifteanant Ginearálta, Seán Clancy, ar imeacht ag Aeradróm Mhic Easmainn inniu le haghaidh Cheiliúradh 100 Bliain Aerchór na hÉireann.
Ag labhairt ar an lá, thréaslaigh agus mhol an tAire pearsanra uile an Aerchóir as a ndíograis, lena n-áirítear baill den 26ú agus 27ú Cúrsa Sciathán d’Oifigigh Óga ar bronnadh a sciatháin do phíolótaí Míleata orthu ag an imeacht. Chomh maith leis sin, ghabh sé buíochas le pearsanra an Aerchóir as a seirbhís leanúnach i ngairm atá dúshlánach agus fiúntach.
San áireamh san imeacht bhí tareitilt d’aerárthaí an Aerchóir, agus tosaíodh trí Bhratach na hÉireann a thaispeáint. Bhuail an tAire le pearsanra agus le teaghlaigh an Aerchóir agus léirigh gach duine spéis i dtaispeántas músaeim agus comóradh céad bliain an Aerchóir.
Bhí an méid seo a leans le rá ag an Aire Coveney, “Is imeacht speisialta é comóradh céad bliain Aerchór na hÉireann agus baineann tábhacht ar leith le ceiliúradh a dhéanamh inniu i ndiaidh dhá bhliain d’oibríochtaí suntasacha a bheith curtha i gcrích ag an Aerchóir thar ceann an Stáit. Thacaigh gach duine agaibh leis an iarracht náisiúnta nuair a bhímid ag déileáil le héigeandáil náisiúnta agus tá sibh ag tacú le gníomhaíochtaí míleata ar bhonn leanúnach”.
D'admhaigh an tAire an infheistíocht san Aerchór atá ar siúl faoi láthair le soláthar dhá aerárthach patróil mhuirí nua ar chostas € 228m atá le seachadadh an bhliain seo chugainn. Tiocfaidh an dá aerárthach nua in ionad an dá aerárthaí patróil mhuirí CASA, a bhí i mbun seirbhíse ó 1994. Chomh maith lena ról faireachais mhuirí, soláthróidh na ceardaíocht aeir seo raon leathan seirbhísí lena n-áirítear tacaíocht lóistíochta agus iompar trúpaí agus trealamh, aslonnú leighis agus otharcharr aeir, cuardach agus tarrtháil agus ról fóntais ghinearálta.
Is léiriú é an infheistíocht seo in aerárthaí patróil mhuirí nua don Aerchór, atá mar bhonn taca ag an bPáipéar Bán Cosanta, agus tá tacaíocht ag an Roinn, ina léiriú ar thiomantas an Rialtais a chinntiú go leanann gach brainse d'Óglaigh na hÉireann ag coinneáil a Réimse cumais mhíleata thraidisiúnta sholúbtha chun na róil atá sannta a chomhlíonadh.
Bhí an méid seo a leanas le rá aige freisin, “Le 100 bliain anuas, is iomaí triail agus dúshlán a bhí le sárú againn agus is amhlaidh a bheidh, ach ciallaíonn díograis, uaillmhian agus deaslámhacht phearsanra an Aerchóir, go sárófar gach dúshlán. I measc mholtaí an Choimisiúin maidir le Todhchaí Óglaigh na hÉireann tá sraith moltaí a bhaineann go díreach le ról an Aerchóir. Creidim gur ré dhearfach agus athraitheach don Aerchór é seo agus d’Óglaigh na hÉireann go ginearálta.”
CRÍOCH