English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Freastlaíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Simon Coveney, T.D., ar Sheoladh na Straitéise Meabhairshláinte agus Folláine d’Óglaigh na hÉireann 2020–2023

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 2 Nollaig 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Freastlaíonn an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Simon Coveney, T.D., ar Sheoladh na Straitéise Meabhairshláinte agus Folláine d’Óglaigh na hÉireann 2020–2023 ag Dún Mhic Aoidh, Baile Átha Cliath ar Dé Céadaoin 2ú Nollaig 2020 ag 10:00 r.n.

Sheol an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, Simon Coveney, T.D., an Straitéis Meabhairshláinte agus Folláine d’Óglaigh na hÉireann 2020–2023 inniu ag Dún Mhic Aoidh, Baile Átha Cliath.

Is í aidhm na straitéise seo córas tacaíochta comhordaithe agus éifeachtach meabhairshláinte agus folláine a sholáthar do phearsanra Óglaigh na hÉireann trí shraith beart a ghlacadh idir 2020 agus 2023. Tógann sé ar an raon leathan seirbhísí agus tacaíochtaí leighis atá i bhfeidhm faoi láthair do bhaill Óglaigh na hÉireann.

Bunófar Buanchoiste Meabhairshláinte agus Folláine Óglaigh na hÉireann chun peirspictíochtaí gairmiúla meabhairshláinte agus folláine a thabhairt le chéile laistigh d’Óglaigh na hÉireann chun an straitéis a chur i bhfeidhm sna trí bliana atá amach romhainn. Tá sé beartaithe ag deireadh 2023, go soláthrófar tacaíocht meabhairshláinte agus folláine laistigh d’Óglaigh na hÉireann ar bhealach comhordaithe, ildisciplíneach agus dírithe atá deartha chun na torthaí is fearr a sholáthar don eagraíocht agus do phearsanra míleata agus a dteaghlaigh.

D’fháiltigh an tAire roimh fhoilsiú na straitése, ag tabhairt dá haire “D’fhreastail na tacaíochtaí meabhairshláinte agus folláine atá ann cheana go maith ar bhaill Óglaigh na hÉireann. Tá forbairt leanúnach na dtacaíochtaí sin agus cur chuige feabhsaithe ‘comhtháite’ a sholáthar, ina ngnéithe lárnacha den straitéis seo”.

Dúirt sé freisin: “Tabharfaidh cur i bhfeidhm na straitéise seo, trí Bhuanchoiste Meabhairshláinte agus Folláine Óglaigh na hÉireann, peirspictíochtaí gairmiúla meabhairshláinte agus folláine le chéile ó gach cuid d’Óglaigh na hÉireann. Cinnteoidh an cur chuige seo go ndéanfar an straitéis, a bhfuil codanna difriúla ach comhlántacha ag baint léi, a chur chun cinn ina hiomláine”.