Gealltanas Tugtha An Athuair Ag An Aire Kehoe Ar Lá Idirnáisiúnta Na Mban Tuilleadh Ban A Thabhairt Isteach In Óglaigh Na Héireann
- Foilsithe: 8 Márta 2017
- An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2019
Gealltanas tugtha an athuair ag an Aire Kehoe ar Lá Idirnáisiúnta na mBan tuilleadh ban a thabhairt isteach in Óglaigh na hÉireann
Dúirt an tUasal Kehoe, T.D., an tAire a bhfuil Freagracht air maidir le Cosaint, "Tá sé tráthúil, Lá Idirnáisiúnta na mBan, ceiliúradh agus machnamh a dhéanamh ar an méid atá déanta ag mná i saol poiblí na hÉireann agus, ó mo thaobhsa de, in Óglaigh na hÉireann go mór mór. Is fiú a rá an athuair go bhfuil an Rialtas tiomanta do pholasaí comhionannais deiseanna d'fhir agus do mhná araon in Óglaigh na hÉireann trí chéile, agus do chomhpháirtíocht iomlán na mban san uile ghné de ghníomhaíochtaí Óglaigh na hÉireann. Sampla eiseamláireach den chomhionannas sin is ea Polasaí Comhionannais Óglaigh na hÉireann agus Plean Gnímh Óglaigh na hÉireann maidir le Straitéis Éagsúlachta agus Cuimsithe, áit a leagtar amach tiomantas na hEagraíochta do chomhionannas inscne agus an cur chuige onnghníomhach atá ann maidir le mná a earcú."
Agus é ag labhairt ar imscaradh lucht síochánaíochta mná, dúirt an tAire Kehoe
"Is é is aidhm le clár oibre Ban, Síochána agus Slándála na hÉireann, (WPS), atá bunaithe ar Rún 1325 Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (UNSCR), a chinntiú go gcomhlíontar cearta agus cosaint ban agus cailíní le linn caismirte agus ina diaidh, agus go bhfeabhsaítear ról na mban maidir le cinntí a dhéanamh a bhaineann le cúrsaí caismirte agus le ceisteanna iarchaismirte. Tá Plan Gnímh forbartha ag Óglaigh na hÉireann múnlaithe as Rún 1325 Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus go láidir as Plean Gnímh Náisiúnta foriomlán na hÉireann.
Nuair a bhíonn mná i láthair, braitheann pobail i bhfad níos sábháilte. Cuirtear leis na scileanna a theastaíonn i misean síochánaíochta dá mbarr agus fágann siad go bhfeiceann mná eile, sa bhaile agus thar lear, daoine ar féidir leo a ndea-shampla a leanúint.
Cuid lárnach dár n-oibríochtaí síochánaíochta is ea béim láidir a chur ar chúrsaí inscne. Féachfaidh mé le rannpháirtíocht na mban i gcúrsaí síochánaíochta a bhrú chun cinn mar thionscadal.”
Dúirt an tAire “Beidh sé ina thosaíocht ag mo Roinnse feasta fórsa níos cuimsithí a dhéanamh as Óglaigh na hÉireann.”
Le linn don Pháipéar Bán ar Chosaint, 2015 - straitéis deich mbliana - a bheith ann, déanfar tuilleadh tionscnamh a fhorbairt d'fhonn mná a spreagadh cur isteach ar phost in Óglaigh na hÉireann agus cur le rannpháirtíocht na mban ar gach céim. Beidh suirbhé san áireamh leis an méid sin, áit a n-aithneofar aon constaicí a chuirtear ar dhul chun cinn na mban i mBuan-Óglaigh na hÉireann, mar aon le tionchar riachtanas cúrsaí gairme agus seirbhíse thar lear ar choinneáil siar agus ar dhul chun cinn na mban.
CRÍOCH