Guíonn an tAire Stáit a bhfuil Freagracht air do Chosaint, an tUasal Paul Kehoe, gach rath ar chriú an LÉ Samuel Beckett ar a n-aistear go dtí an Mheánmhuir ar Oibríocht Sophia
- Foilsithe: 15 Aibreán 2018
- An t-eolas is déanaí: 10 Deireadh Fómhair 2019
Ghuí an tAire a bhfuil Freagracht air do Chosaint, an tUasal Paul Kehoe T.D., gach rath ar an Leifteanantcheannsaí Eoin Smyth agus ar chriú an L.É. Samuel Beckett sular thug siad aghaidh inniu ar an Mheánmhuir mar chuid d'Oibríocht Sophia.
Is í Oibríocht Sophia oibríocht chabhlaigh an AE in aghaidh smuigléirí agus gáinneálaithe i Lárdheisceart na Meánmhara. I Meán Fómhair 2017 ar dtús a ghlac Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann páirt in Oibríocht Sophia nuair a imscaradh an LÉ Niamh mar chuid den mhisean ar feadh tréimhse trí mhí.
Ag guí gach rath ar chriú an LÉ Samuel Beckett dó, dúirt an tAire “Táim cinnte go neartóidh sócmhainní Chabhlach na hÉireann atá le himscaradh in 2018 go mór le hacmhainn Oibríocht Sophia agus go gcuideoidh le chomh maith is atá ag éirí le misean cabhlaigh an AE."
Thug an tAire ar aird “Beidh Éire ag cuidiú arís le dul i ngleic le cuid de na príomhnithe is cúis le himirce agus gáinneáil. Tá an misean dírithe den chuid is mó ar oibríochtaí slándála agus sáraithe chun cur isteach ar oibríochtaí na mbuíonta coiriúlachta atá i mbun smugláil agus gáinneáil ar dhaoine agus atá ag teacht i dtír ar dhaoine leochaileacha agus atá ag cur le géarchéim na n-imirceach sa Mheánmhuir. Beidh an L.É. Samuel Beckett ar fáil chun gníomhú ar iarratas ó na húdaráis iomchuí chun cuidiú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála nuair a éilítear sin.”
Tá Oibríocht Sophia leagtha amach chun cur isteach ar oibríochtaí smuglála daoine sa Mheánmhuir agus chun an cosc ar airm atá ar an Libia a chur i bhfeidhm. Is gné amháin é sin de chur chuige cuimsitheach a bhfuil an tAontas Eorpach ina bhun chun dul i ngleic le géarchéim na n-imirceach i Lárdheisceart na Meánmhara.
[CRÍOCH]
Nóta d’Eagarthóirí
Oibríocht Sophia
I mí Iúil 2017 fuair an tAire Kehoe, T.D., cead ón Rialtas agus ón Dáil meitheal de chuid na mBuan-Óglach a imscaradh mar chuid d'oibríocht chabhlaigh an AE sa Mheánmhuir, Oibríocht Sophia EUNAVFOR MED.
Imscaradh an L.É. Niamh an 6 Deireadh Fómhair 2017 chun dul i mbun Oibríocht Sophia agus d'fhill sí an 20 Nollaig 2017. Le linn na tréimhse sin, thug an L.É. Niamh faoi thascanna slándála a bhain le himeachtaí mara Sábháilteacht Anama ar Muir (cuardach agus tarrtháil) i limistéar na hoibríochta.
Ní hé amháin gurb é cuspóir Oibríocht Sophia cur isteach ar ghníomhaíochtaí smuigléirí agus gáinneálaithe ach freisin cosc a chur ar a thuilleadh daoine bás a fháil ar muir agus an fhulaingt agus an dúshaothrú ar imircigh a mhaolú trí chur i gcoinne eagraíochtaí coiriúlachta atá i mbun gníomhaíochtaí den chineál sin.
Mar chuid d'imscaradh na Seirbhíse Cabhlaigh in 2018 mar chuid d'Oibríocht Sophia, imscarfar 2 árthach cabhlaigh i ndiaidh a chéile le linn na bliana go ceann tréimhse de suas le 30 seachtain. Ó lár Aibreáin go deireadh mhí na Samhna a mhairfidh an t-imscaradh.