Nochtann an Tánaiste agus Aire smaoineamh milliún euro i nDúshlán Nuálaíochta SFI-Eagraíochta Cosanta
- Foilsithe: 22 Feabhra 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Nochtann an Tánaiste agus Aire smaoineamh milliún euro i nDúshlán Nuálaíochta SFI-Eagraíochta Cosanta
22 Feabhra 2023:
Inniu (Dé Céadaoin), d’fhógair an Tánaiste agus Aire Cosanta, Micheál Martin, agus an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris, buaiteoirí Dhúshlán Nuálaíochta SFI-Eagraíochta Cosanta, an chéad uair a ritheadh é.
Thar thréimhse 18 mí, bhí 10 bhfoireann san iomaíocht le haghaidh maoinithe chun réitigh shuaiteacha a fhorbairt phríomhdhúshláin Eagraíochta Cosanta le húsáid i ngach réimse d’Óglaigh na hÉireann.
Foireann in Ollscoil Mhá Nuad a cheap an tionscadal a tháinig isteach sa chéad áit, agus a bheidh ag fáil €1 milliún chun leanúint ar aghaidh lena cuid oibre, foireann a úsáideann an mheaisínfhoghlaim agus an bhreathnóireacht ó shatailítí agus dróin chun cabhrú le foirne ón aer tinte loiscthe sléibhe a chomhrac.
Ag fógairt na foirne buacacha, dúirt an Tánaiste Micheál Martin:
“Is mór an spreagadh é a bheith in ann an nuálaíocht agus an réiteach fadhbanna chruthaitheach a fheiceáil atá á déanamh ag an oiread sin foirne atá páirteach sa dúshlán seo.
“Tá Aonad RTI na hEagraíochta Cosanta ag méadú an méid a úsáidtear an taighde, an nuálaíocht agus an teicneolaíocht chun tacú le cumas Óglaigh na hÉireann, agus is mór an dul chun cinn atá i gceist leis an leagan is deireanaí de.
“Ligtear don duine na fadhbanna atá siad ag iarraidh a réiteach nuair atá siad in ann idirghníomhú leis an taighde, go díreach. Tréaslaím leis an bhfoireann a fuair an chéad áit, agus is údar spreagtha dom freisin a fheiceáil conas a chuirfidh foirne eile le misin, agus le cumais atá ailínithe leis an mbeartas cosanta náisiúnta.
“Gabhaim buíochas leis na baill sin den Eagraíocht Chosanta a d’oibrigh ar na tionscadail seo agus táim ag tnúth go mór le feiceáil conas a fhorbraíonn an obair seo amach anseo.”
Dúirt an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Simon Harris:
“Tá cur chuige úrnua ar fad, i gcomhthéacs Éireannach, léirithe ag na taighdeoirí agus léirigh siad gur féidir linn a bheith suaite ní hamháin maidir lenár smaointe ach sa chaoi a ndéanaimid iad a sheachadadh agus an gnáthshaol in Éirinn a fheabhsú.
“Léirigh an fhoireann bhuaiteach an chumhacht atá ag an teicneolaíocht nua chun cabhrú le hobair Óglaigh na hÉireann, le feidhmchláir a d’fhéadfadh a tionchar i bhfad níos leithne a bheith i gceist acu ná an dúshlán bunaidh.
“Scéim cheannródaíoch a bhí i gceist agus táim ag tnúth le níos mó buntáistí a fheiceáil ag teacht ón gCiste Dúshlán Náisiúnta agus ó dhúshláin na Sprice Forbartha Inbhuaine a thaispeánann go bhfuil Éire réidh le dul i ngleic leis na fadhbanna is deacra agus réitigh a sholáthar.”
Dúirt an tOllamh Philip Nolan, Ard-Stiúrthóir SFI:
“San SFI, táimid ag treorú daoine isteach sa taighde dúshlán-bhunaithe toisc go bhfuil a fhios againn gur féidir leis an obair atá á déanamh a athrú ó bhonn. Bhí deis ag gach foireann a bhí páirteach sa dúshlán seo, ní hamháin maoiniú a fháil, ach taithí ar leith a fháil ar conas dul i ngleic leo siúd ar mian leo a gcuid fadhbanna a réiteach.
“Tá súil agam nach bhfuil feicthe againn leis sin ach tús na hoibre a dhéanfaidh do na foirne seo, agus tús na hoibre foirne idir taighdeoirí agus an Eagraíocht Chosanta.”
Dúirt an ceannaire foirne, an tOllamh Tim McCarthy, go gcabhróidh an maoiniú taighde seo leis an riachtanas atá ann ullmhú don todhchaí, agus é measta go mbeidh tinte loiscthe sléibhe ag tarlú níos minice agus go mbeidh siad níos déine, agus go mbeidh ról méadaithe ag an teicneolaíocht braite uathrialach agus ag an AI chun freagairt do na héigeandálaí seo.
Dúirt sé, leis: “Is é fírinne an scéil ná gur dócha anois go mbeidh tionchar díreach nó indíreach ag tinte loiscthe sléibhe orainn go léir mar gheall ar an athrú aeráide.
“Lenár dtionscadal CoPilot AI, tugadh foireann idirdhisciplíneach le chéile lena n-áirítear Comhphríomh-Imscrúdaitheoir, an tOllamh John McDonald, ceannaire an tsnáithe taighde an Dr Charles Markham agus taighdeoirí breise ó Roinn na Ríomheolaíochta, an Lárionad Náisiúnta Geoiríomhaireachta in Institiúid Eolaíochtaí Sóisialta Ollscoil Mhá Nuad, ag obair go dlúth leis an bhfoireann comhraicthe dóiteáin ón aer faoi cheannaireacht an Cheannfoirt Jay O'Reilly agus príomhpháirtithe leasmhara ón tSeirbhís Dóiteáin, ón tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus Coillte.
“Laistigh de 18 mí anuas, rinneamar ardán Chomhphictiúir Oibríochtúil iomasach a dhearadh, a thógáil agus a thástáil chun feabhas a chur ar an gcaoi ar féidir sonraí digiteacha ó shatailítí, aerárthaí agus braiteoirí dróin a ghabháil, a chomhthiomsú agus a roinnt san fhíor-am idir ghníomhaireachtaí freagróra éagsúla.”
Nóta d'Eagarthóirí:
Is ionann an Eagraíocht Chosanta agus an Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann araon. In 2021, roghnaigh siad cúig dhúshlán a raibh réitigh de dhíth orthu agus rinneadh catagóir amháin a fhágáil oscailte d’fhoirne taighde chun smaointe nua a mholadh.
D’úsáideadh bealach oibre ceannródaíocht sa Dúshlán, ag nascadh na foirne le baill d’Óglaigh na hÉireann chun dlúthchaidreamh a dhéanamh agus réitigh a fhorbairt ar an dúshlán.
Bhí cleachtadh beo curtha ar siúl i Sléibhte Bhaile Átha Cliath chun an córas a fuair an duais a léiriú inar oibrigh níos mó ná 40 pearsanra ilghníomhaireachta le chéile.
Bainfidh an fhoireann úsáid as an duais chun leanúint lena gcuid oibre go dtí an chéim réamhoibríochta den chóras, d’fhonn tacú le heagraíochtaí freagróra, ní hamháin in Éirinn ach ar fud an Aontais Eorpaigh agus i gcríocha níos faide i gcéin fiú.
Bhí an tOllamh Holger Claussen i gceannas ar an bhfoireann MISTRAL, a tháinig sa dara háit, ó Institiúid Náisiúnta Tyndall atá lonnaithe i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, agus a fuair €500,000 de mhaoiniú leanúnach dá bharr.
D’oibrigh an fhoireann go dlúth leis an gCaptaen Ken Lyons ón gCór Seirbhísí Cumarsáide agus Eolais, agus leis an monaróir drón Éireannach A-techSYN. Mhol siad córas nua chun dróin a úsáid chun comharthaí raidió a chur ar aghaidh, ag taispeáint go bhféadfadh líon beag drón ard-eitilte cumarsáid shábháilte a chinntiú d’Óglaigh na hÉireann atá ag feidhmiú i gceantair iargúlta, lena n-áirítear iad siúd atá ar dhualgais síochánaíochta thar lear.