English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Cosanta, Tánaiste Micheál Martin

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 25 Lúnasa 2024
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Chuir an Ceann Foirne ar an eolas mé faoin staid sa Liobáin agus Hezbollah agus Iosrael tar éis ionsaithe diúracán a dhéanamh oíche aréir.

Cuireadh in iúl dom, cé go ndeachaigh pearsanra de chuid Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh le UNIFIL faoin bhfothain i mbuncair daingnithe i gcaitheamh na hoíche, go bhfuil siad uilig slán sábháilte agus go bhfuil tuairisc ar gach duine acu.

Leanann Óglaigh na hÉireann agus Ceanncheathrú UNIFIL de bheith ag déanamh monatóireacht ghéar ar an gcás agus coimeádfaidh an Ceann Foirne ar an eolas mé dá réir.

Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh gach taobh an lasóg a bhaint den bharrach láithreach.