Seoladh Feachtas Eolais an Rialtais 'Bí Ullamh don Gheimhreadh' 2024-2025 inniu leis an teachtaireacht: "Bí Ullamh an Geimhreadh seo".
- Foilsithe: 18 Deireadh Fómhair 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
winterready.ie
@emergencyIE #bewinterready
Seolann an Rialtas Feachtas Eolais Bí Ullamh don Gheimhreadh 2024-2025
Tascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála
'Bí Ullamh don Gheimhreadh'
30 Deireadh Fómhair 2024
Seoladh Feachtas Eolais an Rialtais 'Bí Ullamh don Gheimhreadh' 2024-2025 inniu leis an teachtaireacht: "Bí Ullamh an Geimhreadh seo".
Bhí an tAire Stáit atá freagrach as Iompar agus Lóistíocht Idirnáisiúnta agus Bóthair, James Lawless TD, i dteannta an Aire Stáit atá freagrach as Oifig na nOibreacha Poiblí, Kieran O'Donnell TD, agus Eoin Sherlock, Ceann Réamhaisnéise ag Met Éireann.
Tarraingíonn feachtas na bliana seo aird ar an gcur chuige 'Rialtais iomláin' a glacadh chun pleanáil agus ullmhú do dhúshláin an gheimhridh. Croílár an fheachtais seo ná an teachtaireacht le bheith réidh, fanacht sábháilte agus fios a bheith agat cá háit le cabhair a fháil más gá.
Cuireann an suíomh gréasáin www.winterready.ie eolas cabhrach ar fáil don teacht aniar an geimhreadh seo do dhaoine, dá dteaghlaigh agus dá bpobail.
Ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire James Lawless: "Tugann seoladh an fheachtais seo deis thráthúil do dhaoine aonair, do theaghlaigh agus do phobail machnamh a dhéanamh ar na rioscaí a d'fhéadfadh a bheith ag baint leis an ngeimhreadh uaireanta. Chomh maith leis sin, cuireann sé tús le tréimhse an-dian do go leor daoine, mar thoradh ar na dúshláin iomadúla a d'fhéadfadh míonna an gheimhridh agus drochaimsir a chur os ár gcomhair ó leibhéal aonair agus mar shochaí araon.
Clúdaíonn feachtas Bí Ullamh don Gheimhreadh i mbliana saincheisteanna ar nós, sábháilteacht ar bhóithre agus ar fheirmeacha, tuilte, rabhaidh aimsire feasacht meabhairshláinte - príomhcheisteanna le cuimhneamh orthu agus muid ag ullmhú do mhíonna an gheimhridh amach romhainn.
Mholfainn do gach duine roinnt ama a ghlacadh chun cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin tiomnaithe winterready.ie, athbhreithniú a dhéanamh ar an gcomhairle sábháilteachta éagsúla a chuirtear ar fáil agus a chinntiú gur féidir iad féin agus a dteaghlaigh a ullmhú, fanacht sábháilte, agus fios a bheith acu cá bhfaighidh siad cabhair más gá nuair a bhíonn drochaimsir againn i rith mhíonna an gheimhridh amach romhainn.
Thapaigh an tAire Lawless an deis freisin a dheimhniú go bhfuil pleananna teagmhasacha mionsonraithe i bhfeidhm ag oibritheoirí iompair na hÉireann chun déileáil le tionchair drochaimsire an geimhreadh seo. Mheabhraigh sé freisin dóibh siúd go léir a úsáideann ár mbóithre – bíodh sin mar thiománaithe, mar rothaithe, nó mar choisithe – go bhfuil céimeanna gur féidir a ghlacadh chun pleanáil agus ullmhú do do thuras agus a bheith ar an eolas le linn do thurais chun iad féin agus daoine eile a chosaint ar na bóithre i rith an gheimhridh."
Dúirt an tAire Kieran O'Donnell freisin: "Is féidir le tuilte tionchar suntasach a imirt ar dhaoine aonair agus ar phobail, cur isteach ar sheirbhísí riachtanacha agus damáiste a dhéanamh do mhaoin agus do shealúchais. I gcás tuile, cuirfidh na húdaráis áitiúla agus na seirbhísí éigeandála an phríomhfhreagairt ar fáil ag leibhéal áitiúil agus ba chóir do dhaoine a dtreoracha a leanúint i gcónaí.
Is féidir le daoine aonair agus pobail ról tábhachtach a imirt freisin maidir le tionchar tuile a laghdú trí bheith ar an eolas faoi rioscaí tuile agus tríd an am a ghlacadh chun na hullmhúcháin chuí a dhéanamh roimh ré. I mbliana, tá feachtas eolais 'Rialtais iomlán' á sheoladh ag an rialtas chun cabhrú le teaghlaigh ullmhú don gheimhreadh agus do thuilte a d'fhéadfadh a bheith ann. Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas treoir úsáideach a chur ar fáil do dhaoine aonair chun iad féin, a dtithe agus a slite beatha a chosaint i gcás tuile, agus is í an tsábháilteacht an phríomhthosaíocht. Mholfainn do gach duine cuairt a thabhairt ar shuíomh gréasáin winterready.ie agus dul i ngleic leis an leabhrán nuashonraithe "Bí Ullamh don Gheimhreadh".
--- CRÍOCH ---
Nótaí don Eagarthóir
Is iad seo a leanas príomhchuspóirí an fheachtais faisnéise 'Bí Ullamh don Gheimhreadh':
- Comhairle phraiticiúil a chur ar fáil maidir leis an mbealach is fearr le hullmhú don gheimhreadh atá le teacht.
- A chinntiú go bhfuil an pobal ar an eolas faoin áit ar féidir comhairle agus cabhair a fháil, más gá, agus
- An pobal a chur ar a suaimhneas go bhfuil ullmhúcháin á ndéanamh agus socruithe curtha i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh freagairt chomhordaithe ann ar theagmhais drochaimsire.
Trí shuíomh gréasáin tiomnaithe winterready.ie, tá comhairle á cur ar fáil ó réimse leathan foinsí lena n-áirítear Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údaráis Áitiúla agus na soláthraithe iompair.
Rinneadh an chomhairle a chatagóiriú faoi cheannteidil éagsúla lena n-áirítear: an Baile, Sábháilteacht ar Bhóithre, Scoileanna, an Pobal Feirmeoireachta agus an Earnáil Ghnó. Tá achoimre ar an bhfaisnéis atá ar fáil curtha le chéile i leabhrán nuashonraithe "Bí Ullamh don Gheimhreadh" a foilsíodh ar an suíomh gréasáin seo.
Iarradh ar gach Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais an feachtas faisnéise "Bí Ullamh don Gheimhreadh" a chur chun cinn trína láithreáin ghréasáin féin agus ar na meáin shóisialta agus a n-ullmhúcháin agus a bhfeachtais faisnéise féin a nuashonrú go rialta mar chur chuige "Rialtais iomlán" maidir le hullmhúcháin gheimhridh den sórt sin.
Ina theannta sin, beidh an Oifig Pleanála Éigeandála ag tvuíteáil go rialta i rith thréimhse an gheimhridh chun cur leis an bhfeachtas 'Bí Ullamh don Gheimhreadh' i gcomhar le feachtais eile sna meáin ar YouTube agus sa phreas náisiúnta. Is féidir an cuntas twitter a leanúint ar @emergencyIE agus táthar ag moladh don phobal páirt a ghlacadh sa chomhrá leis an haischlib #bewinterready.