Seoladh Feachtas Faisnéise an Rialtais ‘Bí Réidh don Samhradh’
- Foilsithe: 21 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Preaseisiúint
Seoladh Feachtas Faisnéise an Rialtais ‘Bí Réidh don Samhradh’
21 Aibreán 2021
Sheol an Rialtas an Feachtas Faisnéise faoi Shábháilteacht Phoiblí 2021 ‘Bí Réidh don Samhradh’ 2021 inniu. Soláthraíonn an feachtas seo comhairle thar raon leathan ábhar maidir le fanacht sábháilte an samhradh seo. Is é pointe fócais an fheachtais seo ná “Bí ar an airdeall faoi Shábháilteacht Uisce”.
Sheol an tAire Cosanta agus Cathaoirleach Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála an feachtas i gcomhpháirt leis an Uasal Simon Coveney TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Uasal Heather Humphreys TD agus an tAire Stáit a bhfuil freagracht ar leith aici as freagracht as Iompar Bóthair agus Lóistíocht Idirnáisiúnta, Hildegarde Naughton Uas
Dúirt an tAire Coveney, “Bhí bliain an-deacair againn mar gheall ar Covid 19, agus de réir mar a thagann feabhas ar an aimsir agus na laethanta ag éirí níos faide tá sé thar bheith tábhachtach go gcinnteoimid go mbeimid ar an airdeall faoinár sábháilteacht phearsanta agus muid ag obair nó ag tabhairt cuairte ar an gcósta, lochanna, aibhneacha nó ár gceantar tuaithe.”
Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail máthair-Roinn Sábháilteachta Uisce Éireann agus ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Heather Humphreys, “Is tragóid do theaghlach, do chairde agus do phobail an íospartaigh gach bás trí bhá.
Mar sin is í an teachtaireacht mhór atá agam inniu ná go n-oibreoimid go léir le chéile chun na tragóidí seo a íoslaghdú.
Trí iarrachtaí de go leor eagraíochtaí, sábhálfar na céadta duine gach bliain ó bhá agus faigheann na mílte garchabhair. Mar sin, de réir mar a chloímid go léir le treoirlínte agus srianta an rialtais, impím ar gach duine aire bhreise a thabhairt duit féin agus do do mhuintir in aice le haon uiscebhealach, agus a bheith ar an airdeall breise le linn laethanta saoire nuair is féidir linn bheith neamairdeallach go nádúrtha.
Caithfidh sábháilteacht uisce a bheith mar chuid de na comhráite a bhíonn againn lenár ngaolta.
Sin an fáth go bhfuil feachtais ar nós an tionscnaimh ‘Bí Réidh don Samhradh’ chomh tábhachtach.
I seoladh an lae inniu freisin, chualathas faoin tábhacht atá ag Garda Cósta na hÉireann agus an ról a imríonn sé i rith míonna an tsamhraidh. Dúirt an tAire Naughton, “Is meabhrúchán tráthúil é seoladh an fheachtais ‘Bí Réidh don Samhradh’ ar an ngá freastal ar ár sábháilteacht phearsanta féin, a bheith ar an eolas faoi cad ba cheart a dhéanamh i gcás éigeandála, agus cúpla riail shimplí chiallmhar a urramú sula dtéann tú i mbun aon ghníomhaíochta. I bhfianaise na srianta ar thaisteal idirnáisiúnta is dóigh go bhfeicfimid leibhéil mhéadaithe gníomhaíochta ar ár gcósta agus ar an uisce, an samhradh seo. Cheana féin is léir go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an líon daoine atá ag glacadh páirte i snámh uisce oscailte, mar ghníomhaíocht ar feadh na bliana agus go cinnte ar feadh tréimhse níos faide ná an séasúr traidisiúnta snámha lasmuigh.
Tá ár dteachtaireacht shoiléir inniu - is cuma cén ghníomhaíocht atá agat ar an uisce an samhradh seo - sula dtéann tú ar an uisce nó gar dó bíodh plean agat. Déan cinnte go gcuireann tú in iúl do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul agus cén t-am a mheasann tú teacht ar ais. Déan cinnte go bhfuil modh cumarsáide agat, bíodh sé raidió VHF, fón póca luchtaithe go hiomlán, seiceáil réamhaisnéis na haimsire agus amanna na taoide, agus caith seaicéad tarrthála i gcónaí má tá tú ag dul ar snámh. "
Dúirt an tAire Coveney freisin, “Tá sábháilteacht uisce tábhachtach dúinn go léir anseo in Éirinn. Tá cuid de na huiscebhealaí agus na tránna is iontaí ar domhan in Éirinn agus bíonn an-tóir orthu i rith an tsamhraidh ach, go tragóideach, is féidir le báite tarlú go héasca. Ba chóir go mbeadh a fhios ag gach duine conas fanacht sábháilte san uisce agus tá sé tábhachtach go múinfimid é seo dár leanaí freisin.
Is tionscnamh ‘Uile-Rialtais’ é an feachtas ‘Bí Réidh don Samhradh’ chun faisnéis a sholáthar don phobal i gcoitinne faoi rioscaí féideartha a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu i rith míonna an tsamhraidh. Seachadfar teachtaireachtaí an fheachtais trí ardáin fhaisnéise atá bunaithe ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta ar fud an Rialtais agus trí leabhrán faisnéise ‘Bí Réidh don Samhradh-’ agus bileog ‘Bí ar an airdeall faoi Shábháilteacht Uisce’ atá ar fáil le híoslódáil ar www.gov.ie/summerready.
CRÍOCH