Seoladh Fheachtas Eolais an Rialtais 'Bí Réidh don Samhradh'
- Foilsithe: 1 Bealtaine 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2024
Sheol an Rialtas an Feachtas Eolais maidir le Sábháilteacht Phoiblí 'Bí Réidh don Samhradh' 2024 inniu. Cuireann an feachtas seo comhairle ar fáil maidir le réimse leathan ábhar i dtaca le bheith sábháilte an samhradh seo. I mbliana is í an teachtaireacht dhírithe ná 'TravelWise'- seirbhís comhairle taistil na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
Sheol an Tánaiste, an tAire Cosanta agus Cathaoirleach Thascfhórsa an Rialtais ar Phleanáil Éigeandála, an tUasal Micheál Martin agus an tAire Stáit atá freagrach as an nGarda Cósta, an tUasal Jack Chambers an feachtas i gcomhar le chéile.
Dúirt an Tánaiste:
"Is foinse iontach eolais phraiticiúil é an feachtas Bí Réidh don Samhradh, eolas le cur san áireamh agus muid ag pleanáil gníomhaíochtaí i rith an tsamhraidh. Thar aon rud eile, baineann an feachtas le do chuid oibre a dhéanamh agus taitneamh a bhaint as do chuid gníomhaíochtaí fóillíochta agus a fhios agat go bhfuil gach rud déanta agat chun tú féin agus do theaghlach a choinneáil slán an samhradh seo."
Ansin dúirt an Tánaiste:
"Tá níos mó a Éireannach ag taisteal thar lear níos minice, ná riamh. Agus iad thar lear, ba mhaith linn go léir go mbeadh na cuimhní cearta acu; bíodh siad le cairde nó leis an teaghlach; ar shos deireadh seachtaine, turas ranga, nó i mbun eachtraíochta nach ndéanfá ach uair amháin i do shaol. Mar sin féin, agus muid ag taisteal níos minice agus níos faide ó bhaile, níl neart air ach go dtiocfaidh méadú ar na cineálacha rioscaí atá romhainn freisin. Fios a bheith agat faoin chaoi le hullmhú do thaisteal thar lear, agus faoin méid atá le déanamh nuair a théann cúrsaí chun donais, is é sin atá i gceist le TravelWise."
Bhain seoladh an lae inniu freisin le ceisteanna a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus chualamar an tábhacht a bhaineann le feasacht maidir le sábháilteacht uisce agus an samhradh ag druidim linn.
Dúirt an tAire Chambers:
"Moltar don phobal i gcónaí 'Smaoinigh ar Shábháilteacht Uisce - Bíodh plean agaibh agus bígí Réidh.' Is minic gur féidir le céimeanna praiticiúla agus simplí beatha duine a shábháil - mar shampla réamhaisnéis na haimsire agus amanna taoidí a sheiceáil do do cheantar áitiúil; dul ag snámh ag tránna ag a bhfuil garda tarrthála agus agus gan gabháil amach ródhomhain; agus a chinntiú go bhfuil an trealamh ceart agat don ghníomhaíocht uisce atá tú ar tí tabhairt fúithi, cabhróidh sé lena chinntiú go bhfillfidh tú abhaile go sábháilte.
"Bí cinnte go gcuirfidh tú in iúl do dhuine i dtír cá bhfuil tú ag dul agus cén uair a bhfuil tú ag súil le bheith ar ais agus go bhfuil bealach agat i gcónaí chun cúnamh a iarraidh, mar shampla guthán póca lánluchtaithe nó Raidió VHFMara.
"In 2023, tháinig Garda Cósta na hÉireann i gcabhair ar níos mó ná 600 duine, rud a d'fhág gur sábháladh beatha daoine nó gur sábháladh daoine ar dul san ospidéal go fadtéarmach nó ar ghortuithe a athraíonn an saol dóibh. Tá freagairt tugtha ag an nGarda Cósta ar bhreis is 500 teagmhas i mbliana agus tá sé ag súil le tréimhse ghnóthach eile i rith an tsamhraidh.
"Má fheiceann tú duine éigin i dtrioblóid ar an uisce nó ar feadh an chósta, nó má cheapann tú go bhfuil siad i dtrioblóid, bain úsáid as cainéal 16 VHF mara nó glaoigh 112 agus iarr le haghaidh an Gharda Cósta."
Is tionscnamh 'Uile-Rialtais' é an feachtas 'Bí Réidh don Samhradh' chun eolas a chur ar fáil don phobal i gcoitinne faoi na rioscaí a d'fhéadfadh dul i bhfeidhm orthu i rith mhíonna an tsamhraidh. Cuirfear teachtaireachtaí an fheachtais ar fáil trí ardáin eolais atá bunaithe ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta ar fud an Rialtais agus trí leabhrán eolais agus comhaid fuaime 'Bí Réidh don Samhradh' agus bileog 'TravelWise' a chur ar fáil atá ar fáil le híoslódáil ag www.gov.ie/summerready