English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an Rialtas Feachtas Eolais ‘Bí Réidh don Samhradh’

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 6 Aibreán 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Seolann an Rialtas Feachtas Eolais ‘Bí Réidh don Samhradh’

6 Aibreán 2022

Inniu sheol an Rialtas an Feachtas Eolais Sábháilteachta Phoiblí ‘Bí Réidh don Samhradh’ 2022. Cuireann an feachtas seo comhairle ar fáil ar réimse leathan de thopaicí maidir le bheith sábháilte an samhradh seo. Díríonn an feachtas seo ar “Aire a thabhairt do do Mheabhairshláinte an Samhradh seo”.

Is é an tAire Cosanta agus Cathaoirleach ar Thascfhórsa an Rialtais um Sheirbhísí Éigeandála, an tUasal Simon Coveney T.D., a sheol an feachtas in éineacht leis an Aire Stáit le freagracht speisialta as Meabhairshláinte agus Daoine Scothaosta, an tUasal Mary Butler T.D., agus an Aire Stáit le freagracht as Iompar Idirnáisiúnta agus Bóithre agus Lóistíochta, an tUasal Hildegarde Naughton T.D.

Dúirt an tAire Coveney, “Agus muid ag baint tairbhe anois as na laethanta atá ag éirí níos faide agus as an aimsir atá ag dul i bhfeabhas, ba mhaith linn go mbeidh gach duine ábalta taitneamh a bhaint as ár ngíomhaíochtaí oibre agus fóillíochta go sábháilte. Is mian linn daoine a spreagadh chun go mbeidh siad féintuilleamaíoch ach ag an am céanna go n-aithnóidís nuair is gá cabhair a lorg agus cá bhfuil sí le fáil.”

Is í an Roinn Sláinte Roinn tuismitheora FSS agus nuair a bhí sí ag labhairt ag an seoladh, dúirt an tAire Butler,

“Cosnaíonn an aclaíocht ár sláinte choirp agus mheabhrach, agus is am iontach é an samhradh chun triail a bhaint as rudaí nua. I gcomhthéacs Covid, tá sé an-sábháilte gníomhaíochtaí a dhéanamh taobh amuigh; is rud luachmhar é leas a bhaint as an aimsir mhaith agus as na laethanta fada.”

Ag an seoladh inniu cuireadh in iúl freisin cé chomh tábhachtach is atá Garda Cósta na hÉireann agus an ról atá aige le linn míonna an tsamhraidh. Dúirt an tAire Naughton,

“Tá sé tábhachtach bheith ar an eolas maidir le sábháilteacht uisce agus seo hí an teachtaireacht ó Gharda Cósta na hÉireann i dtaca le ceantair chósta agus le gníomhaíochtaí uisce – STAD;

• Déan plean sula dtéann tú in aice leis an uisce nó isteach ann. Ba chóir go mbeidh a fhios agat roimh ré conas cúnamh a iarraidh más gá. Déan cinnte de go bhfuil a fhios ag duine éigin cá bhfuil tú ag dul agus cén t-am ar chóir duit a bheith ar ais.

• Bí cinnte i gcónaí go bhfuil modh cumarsáide agat, m. sh. raidió VHF, fón póca atá lánluchtaithe, bladhmanna nó rabhchán aimsiúcháin leictreonach. Bíodh seaicéad tarrthála nó gaireas snámhachta pearsanta ort i gcónaí má tú tú ag dul i mbun gníomhaíocht báid, lena n-áirítear cadhcáil agus curachóireacht.

• Bain úsáid as eolas atá ar fáil go héasca agus faigh cleachtadh ar an ngnáthaimsir agus bí ar an eolas maidir le hamanna an taoide agus réamhaisnéis na haimsire.

• Lorg cabhair láithreach má tú tú féin i dtioblóid nó má thugann tú faoi deara go bhfuil duine eile i mbaol.

• Bain taitneamh as an samhradh lasmuigh go sábháilte agus iompair tú féin go freagrach.”

Is tionscnamh uile-Rialtais é an feachtas ‘Bí Réidh don Samhradh’ leis an aidhm eolas a sholáthar don phobal maidir le rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann i rith míonna an tsamhraidh. Seachadófar teachtaireachtaí an fheachtais tríd an idirlín agus ar ardáin eolais sna meáin shóisialta de chuid an Rialtais, agus trí leabhrán ‘Bí Réidh don Samhradh’ mar aon le comhaid fhuaime agus bileog eolais ‘Tabhair Aire do do Mheabhshláinte an Samhradh seo’. Is féidir iad seo a íoslódáil ag www.gov.ie/summerready.

DEIREADH

Bí Réidh don Samhradh 2022 - an tAire Coveney

Bí Réidh don Samhradh 2022 - an tAire Naughton

Bí Réidh don Samhradh 2022 - an tAire Butler