Sheol an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D., an t-ábhar ar líne is déanaí a eisíodh ó Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata (1916-1923).
- Foilsithe: 10 Samhain 2020
- An t-eolas is déanaí: 30 Samhain 2020
Sheol an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D., an t-ábhar is déanaí a eisíodh ó Bhailiúchán Pinsean na Seirbhíse Míleata (1916-1923) ar líne. Is é an eisiúint is déanaí seo de thaifid an naoú heisiúint d’ábhair agus tá 3,383 comhad nua ann a bhaineann le 1,170 duine aonair. Tá iarratais ar phinsin seirbhíse agus iarratais faoin Acht Arm-Phinsean a bhaineann le pinsin mhíchumais sna taifid seo.
Agus an t-ábhar is déanaí seo a eisíodh á sheoladh ar líne, dúirt an tAire “Is mór an sásamh dom taifid bhreise stairiúla a chur ar fáil don phobal trí scanadh agus digitiú leanúnach a dhéanamh ar thaifid atá sa Bhailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata. Cuireann an t-ábhar is déanaí seo a eisíodh, chomh maith le hábhar a eisíodh roimhe seo, foinse shárluachmhar d’eolas ar fáil a leanann le cabhair mhór a thabhairt do thaighde a dhéanamh ar an tréimhse ar leith seo i stair na hÉireann, agus tugann daoine aonair a ghlac páirt in imeachtaí sa tréimhse sin a gcuntas pearsanta.”
Tá an naoú heisiúint d’ábhar ar fáil anois le hamharc air ag www.militaryarchives.ie
Bunúis agus scóip: Comhaid ghníomhacha riaracháin a bhí i gceist leis na cartlanna atá sa Bhailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata, tráth dá raibh, agus chruthaigh reachtaíocht iad a d’achtaigh Saorstát Éireann a bhí nuabhunaithe ó Mheitheamh 1923. Rinneadh achtanna éagsúla dlíthiúla a cheadú i ndiaidh na coimhlinte chun cúiteamh a thabhairt do bhaill d’eagraíochtaí áirithe agus dá mbaintreacha/mbaintreacha fir, dá leanaí agus dá gcleithiúnaithe. Rinneadh reachtaíocht a fheabhsú agus a fhairsingiú le himeacht ama chun níos mó iarshaighdiúirí a chur san áireamh, baill de Chumann na mBan ina measc.
Baineann tábhacht le dhá shraith reachtaíochta maidir leis an mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata:
- Na hAchtanna Arm-Phinsean, ó 1923 go 1953: a dhéileálann leis na rannpháirtithe a gortaíodh agus le cleithiúnaithe na rannpháirtithe a maraíodh.
- Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924, 1934, 1949: a dhéileálann leis na rannpháirtithe a tháinig slán as agus a d’fhéadfadh a chruthú gur chuir siad seirbhís ghníomhach ar fáil.
Rinne Bord na nArm-Phinsean, Bord Measúnóirí, measúnú ar iarratasóirí agus rinne Moltóir agus Coiste Comhairleach measúnú orthu ina dhiaidh sin. D’eascair na comhaid as próiseas fíoraithe agus tá ábhar iontu a sheol na hiarratasóirí ar aghaidh maidir lena n-éilimh.
Tá Treoir maidir leis an mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata ar fáil le híoslódáil ar láithreán gréasáin na Cartlainne Míleata.