Sheol an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D., an t-ábhar ar líne is déanaí a eisíodh ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata (1916-1923).
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2021
Sheol an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D., an t-ábhar ar líne is déanaí a eisíodh ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata (1916-1923).
Sheol an tAire Cosanta, an tUasal Simon Coveney, T.D., an t-ábhar is déanaí a eisíodh ón mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata (1916-1923) (an BPSM) ar líne inniu. Is é an eisiúint is déanaí seo de thaifid an deichiú heisiúint d’ábhair agus tá 2,500 comhad nua ann faoi Thionscadal an BPSM a bhaineann le taifid 1,120 duine aonair. Tá iarratais ar phinsin seirbhíse agus iarratais faoin Acht Arm-Phinsean a bhaineann le pinsin mhíchumais sna taifid nua seo a eisíodh. Baineann 869 de na comhaid le hiarratasóirí mná.
Ag labhairt dó maidir leis an eisiúint seo is déanaí, dúirt an tAire “Cuirtear eolas sárluachmhar stairiúil ar fáil sna taifid a chuimsítear sa Bhailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata ina dtugtar cuntais phearsanta ar eispéiris na ndaoine aonair a bhí bainteach sa tréimhse chinniúnach seo i stair na hÉireann. Nochtar san ábhar go léir a eisítear ón mbailiúchán seo eispéiris iad siúd a bhí bainteach in imeachtaí na linne sin nach rabhthas eolach orthu roimhe seo nó a ligeadh i ndearmad. Is mór an sásamh dom taifid bhreise stairiúla atá sa bhailiúchán seo a chur ar fáil don phobal.”
Tá an deichiú heisiúint d’ábhar ar fáil anois le hamharc air ar limistéar an BPSM den láithreán gréasáin www.militaryarchives.ie
Fáiltíonn an tAire roimh fheabhsúcháin a rinneadh ar na háiseanna cuardaigh ar líne ó scaoileadh ábhar an uair dheireanach i Samhain 2020. I measc na bhfeabhsúchán, tá réimsí nua cuardaigh a chur ar fáil a dhéanann níos éasca é cuardaigh ar líne a dhéanamh. Anuas air sin, cuireadh ábhar an BPSM a bhaineann leis tréimhse an tSosa Cogaidh le chéile chun acmhainn nua ar líne a chruthú ar www.militaryarchives.ie. Tá léarscáil san ábhar seo ina dtugtar cuntas ar na daoine a maraíodh mar thoradh ar an gcoimhlint i dTréimhse an tSosa Cogaidh ón 12 Iúil 1921 go dtí an 27 Meitheamh 1922. Tá an obair seo bunriachtanach le teacht ardchaighdeáin agus éagsúil a chinntiú ar an mbailiúchán. Saothraíonn agus fairsingíonn sé an acmhainn reatha, agus cuireann sé eolas iomlán nua i láthair agus forbraíonn sé bealaí nua chun bunfhoinsí uathúla a roinnt leis an bpobal i gcoitinne.
Tá na foilseacháin de chuid an BPSM, “Treoir maidir leis an mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata” agus treoir maidir le “Tuairiscí Gníomhaíochta na mBriogáidí” ar fáil le híoslódáil ar láithreán gréasáin na Cartlainne Míleata.
Nóta d’Eagarthóirí:
Bunúis agus scóip: Comhaid ghníomhacha riaracháin a bhí i gceist leis na cartlanna atá sa Bhailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata, tráth dá raibh, agus chruthaigh reachtaíocht iad a d’achtaigh Saorstát Éireann a bhí nuabhunaithe ó Mheitheamh 1923. Rinneadh achtanna éagsúla dlíthiúla a cheadú i ndiaidh na coimhlinte chun cúiteamh a thabhairt do bhaill d’eagraíochtaí áirithe agus dá mbaintreacha/mbaintreacha fir, dá leanaí agus dá gcleithiúnaithe. Rinneadh reachtaíocht a fheabhsú agus a fhairsingiú le himeacht ama chun níos mó iarshaighdiúirí a chur san áireamh, baill de Chumann na mBan ina measc.
Baineann tábhacht le dhá shraith reachtaíochta maidir leis an mBailiúchán Pinsean Seirbhíse Míleata:
- Na hAchtanna Arm-Phinsean, ó 1923 go 1953: a dhéileálann leis na rannpháirtithe a gortaíodh agus le cleithiúnaithe na rannpháirtithe a maraíodh.
- Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924, 1934, 1949: a dhéileálann leis na rannpháirtithe a tháinig slán as agus a d’fhéadfadh a chruthú gur chuir siad seirbhís ghníomhach ar fáil.
Rinne Bord na nArm-Phinsean, Bord Measúnóirí, measúnú ar iarratasóirí agus rinne Moltóir agus Coiste Comhairleach measúnú orthu ina dhiaidh sin. D’eascair na comhaid as próiseas fíoraithe agus tá ábhar iontu a sheol na hiarratasóirí ar aghaidh maidir lena n-éilimh.
Ó scaoileadh leis an gcéad ábhartha in 2014, rinne foireann an BPSM thart ar 104,000 comhad a chatalógú ar bhonn aonair, agus tá breis agus 34,000 comhad scanta go hiomlán ar fáil ar líne.