English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá an Feachtas Faisnéise Bí Ullamh don Gheimhreadh, 2022-2023 Seolta ag an Rialtas

‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’

Inniu, sheol an Rialtas an Feachtas Faisnéise ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh, 2022 -2023’.

Sheol Patrick O’Donovan T.D, an tAire Stáit le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí, agus Hildegarde Naughton T.D., an tAire Stáit sa Roinn Iompair le freagracht speisialta as Iompar agus Lóistíocht Idirnáisiúnta agus Bóthair, an feachtas i gcomhpháirt le chéile. Bhí Evelyn Cusack, Ceannaire na Réamhaisnéise ag Met Éireann i láthair freisin.

Is é cuspóir an fheachtais ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’, a bhfuiltear sa 12ú bliain anois dó a bheith curtha ar siúl, ná go gcuirfear leis an bhfeasacht atá ann ar na dúshláin ar leith a bhíonn ann aimsir an gheimhridh agus cuirtear cur chuige comhordaithe agus trasghearrtha ar fáil leis maidir le teachtaireachtaí sábháilteachta poiblí agus le scaipeadh faisnéise maidir le hullmhúcháin don gheimhreadh

Is ócáid thábhachtach bhliantúil sheanbhunaithe é an feachtas faisnéise seo agus tá tionchar aige ar an tseirbhís poiblí ar fad.

Leagtar béim san fheachtas ar an gcur chuige ‘Uile-Rialtais’ lena nglactar leis an ullmhúchán don gheimhreadh. Chonacthas an cur chuige seo le linn na stoirmeacha agus na teagmhais aimsire a tharla le cúpla bliain anuas agus a thug dúshláin do phobail, do ghnólachtaí, do Ranna Rialtais agus do Ghníomhaireachtaí.

Rud atá tábhachtach, san fheachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ cuirtear an pobal ar an eolas faoi cad atá á dhéanamh maidir le hullmhúcháin gheimhridh agus cén áit is féidir leo teacht ar fhaisnéis luachmhar a d'fhéadfadh cabhrú leo in amanna a mbíonn deacrachtaí acu.

Is í an teachtaireacht ar a bhfuil feachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ dírithe i mbliana ná “Treoir maidir le Tuilte”. Tá an Oifig um an bPleanáil Éigeandála tar éis bileog faoi thuilte a dhearadh agus a tháirgeadh, i gcomhpháirtíocht le foireann Oifig na nOibreacha Poiblí. Tá an bhileog seo, chomh maith le bileoga eile ó fheachtas a ritheadh blianta eile roimhe seo de chuid ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ ar fáil ar an suíomh gréasáin winterready.ie

Ag an seoladh, dúirt an tAire Patrick O’Donovan: “Cé nach féidir leis an Rialtas deireadh a chur leis an mbaol tuilte, tá infheistíocht mhór á déanamh acu chun daoine agus aonad maoine a aithnítear iad a bheith i mbaol suntasach tuilte, faoi láthair agus amach anseo, a chosaint. Is féidir le daoine aonair agus le pobail araon ról suntasach a ghlacadh freisin maidir le tionchar tuilte a bhainistiú agus a laghdú trí phleanáil roimh ré. Is í an teachtaireacht atá i gcroílár an fheachtais ‘Bí ullamh, Bí sábháilte’: Bí ullamh, fan sábháilte agus gníomhaigh, bí eolach ar conas cúnamh a fháil más rud é go dteastaíonn sé sin uait. Tá treoir le fáil ar an suíomh gréasáin ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ agus sa leabhrán ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ atá thar a bheith áisiúil agus praiticiúil do dhaoine aonair maidir le conas a dteach agus a slí bheatha féin a chosaint i gcás tuilte, agus sábháilteacht mar an phríomhthosaíocht.”

Dúirt an tAire Hildegard Naughton: “Gach bliain, tugann an feachtas Bí Réidh don Gheimhreadh deis dúinn machnamh a dhéanamh ar cad is féidir linn a dhéanamh, inár ndéanamh agus i dteannta le chéile freisin, chun ullmhú do na dúshláin agus na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann le linn an gheimhridh agus chun ár bpobail a ullmhú le bheith athléimneach.”

Thapaigh an tAire Naughton an deis freisin chun deimhniú go bhfuil pleananna teagmhasacha mionsonraithe i bhfeidhm ag oibreoirí iompair na hÉireann chun déileáil le tionchair na drochaimsire an geimhreadh seo. Mheabhraigh sí freisin do gach duine a úsáideann ár mbóithre – cibé acu is tiománaithe cairr, rothaithe nó coisithe iad – go bhfuil céimeanna ar féidir a ghlacadh chun iad féin agus daoine eile a chosaint ar na bóithre le linn an gheimhridh.

CRÍOCH

Nóta don Eagarthóir

Is iad príomhchuspóirí an fheachtais faisnéise ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ ná:

- Comhairle phraiticiúil a chur ar fáil ar an mbealach is fearr le hullmhú don gheimhreadh i mbliana.

- A chinntiú go bhfuil an pobal ar an eolas faoin áit is féidir comhairle agus cabhair a fháil, más gá, agus

- An pobal a chur ar a shuaimhneas go bhfuil ullmhúcháin á ndéanamh agus socruithe curtha i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh freagairt chomhordaithe ar theagmhais aimsire.

Tá comhairle curtha ar fáil ar an suíomh tiomnaithe, www.winterready.ie, ó roinnt foinsí lena n-áirítear Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais, An Garda Síochána, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Oifig na nOibreacha Poiblí, Údaráis Áitiúla agus soláthraithe iompair éagsúla chomh maith.

Tá an chomhairle rangaithe de réir cheannteideal éagsúla lena n-áirítear: an Baile, Sábháilteacht ar Bhóithre, Scoileanna, an Pobal Feirmeoireachta agus an Earnáil Ghnó. Tá achoimre den fhaisnéis atá ar fáil tar éis a bheith cuimsithe le chéile i leabhrán nuashonraithe maidir le “Bí Ullamh don Gheimhreadh” agus tá sé foilsithe ar an suíomh gréasáin seo.

Iarradh ar gach uile Roinn agus Gníomhaireacht Rialtais an feachtas faisnéise “Bí Ullamh don Gheimhreadh” a chur chun cinn ar a láithreáin ghréasáin féin agus sna meáin shóisialta, agus iarradh orthu chomh maith na hullmhúcháin agus na feachtais faisnéise atá déanta acu féin a nuashonrú go rialta mar ghné den chur chuige “Uile-Rialtais” chun aghaidh a thabhairt ar ullmhúcháin don gheimhreadh dá leithéid.

Ina theannta sin, déanfaidh an Oifig um an bPleanáil Éigeandála tvuíteáil go rialta i rith an gheimhridh chun cur leis an bhfeachtas ‘Bí Ullamh don Gheimhreadh’ in aontí le feachtais mheáin i nuachtáin náisiúnta agus ar an raidió. Is féidir an cuntas twitter a leanúint ar @emergencyIE agus tá an pobal á spreagadh chun páirt a ghlacadh sa chomhrá sin ach an haischlib #bewinterready a úsáid.