Tús le Scéim na Roinne Cosanta 2022 – 2025
- Foilsithe: 23 Bealtaine 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tús le Scéim na Roinne Cosanta 2022 – 2025
faoi Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
D’fhógair an Roinn Cosanta inniu go gcuirfí tús lena ceathrú Scéim Teanga do thréimhse na bliana 2022 go 2025. Ullmhaíodh an Scéim, a tháinig i bhfeidhm ar an 2 Feabhra 2022, de réir Alt 15 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Sé cuspóir na Scéime nua ná tuilleadh feabhais a chur ar sholáthar na seirbhísí trí Ghaeilge agus leanann sí leis an obair ar cuireadh tús léi i scéimeanna na Roinne roimhe seo. Is féidir an Scéim a fheiceáil ar shuíomh Gréasáin na Roinne ag www.defence.ie.
Agus ag labhairt faoi thabhairt isteach Scéim nua na Teanga, dúirt an tAire Coveney, “Cuirim fáilte mhór roimh thabhairt isteach na Scéime seo, an ceathrú Scéim Teanga de chuid na Roinne. Leanann sí ar an dul chun cinn a tháinig as na Scéimeanna níos luaithe agus iarrfaidh sí soláthar seirbhísí na Roinne trí Ghaeilge a fheabhsú a thuilleadh. Táim ag tnúth le dul chun cinn leanúnach ina leith seo.”