English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Thrúpaí Éireannacha ag dul i mbun seirbhíse le UNDOF

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 14 Meán Fómhair 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

14 Meán Fómhair 2020

Déanan an tAire Cosanta and Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D.,

athbhreithniú ar Thrúpaí Éireannacha ag dul i mbun seirbhíse le UNDOF,

Dún Mhic Aogáin, Dún Dealgan, - Dé Luain, 14 Meán Fómhair 2020

Bhuail an tAire Cosanta and Gnóthaí Eachtracha, Simon Coveney, T.D., le roinnt ball d’Fhórsaí Cosanta na 62ú Cathlán Coisithe a bheidh ag fágáil sna seachtainí atá romhainn chun dul i mbun seirbhíse le Fórsa Breathnóireachta Díscoir na Náisiún Aontaithe (UNDOF) sna hArda Golan. I gceist leis an imeacht seo bhí leagan teoranta, de bharr srianta COVID19, den Ghnáthathbhreithniú Aire de chathláin atá ag fágáil na tíre. Rinneadh an t-athbhreithniú taobh amuigh agus chomhlíon sé go hiomlán na treoirlínte agus na rialacháin maidir leis an scaradh sóisialta.

Ag labhairt dó le linn an athbhreithnithe, dúirt an tAire Coveney, “San am dúshlánach seo, tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go leanfaimid orainn ag obair leis na Náisiúin Aontaithe agus leis an Aontas Eorpach chun go mbeidh feachtais shíochánaíochta chomh héifeachtach agus chomh héifeachtúil agus is féidir. Tá sé tábhachtach i gcónaí go mbeidh an misean UNDOF ann chun a chinntiú go leanfar leis an sos comhraic idir Iosrael agus an tSiria, agus tá sé á thacú ag an dá thír sin”.

Tá uainíocht Síochánaíochta na NA tar éis atosú i ndiaidh d’Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe iad a chur ar fionraí in Aibreán mar fhreagairt ar an bpaindéim COVID19. D’fháiltigh an tAire roimh atosú uainíocht na NA d’ainneoin na ndúthshlán atá ag dul ar aghaidh i gcónaí cosúil le teorainneacha a bheith dúnta agus socruithe coraintín i dtíortha óstacha. Agus é ag aithint an bhéim atá á cur ag na NA ag an am seo ar phobail áitiúila agus coimeádaithe síochána a chosaint, dúirt an tAire Coveney go bhfuil sé tábhachtach cloí go hiomlán leis na riachtanais coraintín. Dhearbhaigh an tAire don phearsanra gur aithin sé “an tionchar atá ag srianta coraintín ar na Fórsaí Cosanta agus a dteaghlaigh” agus “go bhfuil ard-mheas ag an Rialtas agus ag an bpobal ar na híobairtí pearsanta breise atá á ndéanamh ag trúpaí atá ag imlonnú ag an am seo.”

Mar fhocal scoir, d’iarr an tAire go gcuirfí ar aghaidh teachtaireacht chomhghairdis do gach ball den 130 ball sa 62ú Cathlán Coisithe maidir leis an traenáil agus na héachtaí atá bainte amach acu go dtí seo agus ghuigh sé gach rath orthu sa mhisean seo.

DEIREADH

Nóta don Eagarthóir

Ar iarratas ó na Náisiúin Aontaithe, agus tar éis é a bheith faofa ag an Rialtas agus ag Dáil Éireann, imlonnaíodh cathlán den Bhuanfhórsa Cosanta mar Fhórsa Taca Móibíleach do UNDOF sna hArda Golan ó 2013.

Imlonnófar 130 Éireannach den 62ú Cathlán Coisithe go dtí Campa Faouar ar an taobh Siriach de cheantar na deighilte agus beidh siad ann in ionad an 61ú Grúpa Coisithe.

Socruithe Coraintín: Chun pobail áitiúla agus coimeádaithe síochána a chosaint, beidh an 62ú Grúpa Coisithe ag aonrú/ar coraintín i gCampa Uí Loinsigh, Cill Uird ar feadh 14 lá roimh dóibh an tír a fhágáil go moch ar 7 Deireadh Fómhair 2020. Beidh na trúpaí ar coraintín freisin nuair a shroicheann siad an misean UNDOF.