Thuarascáil Bhliantúil 2021 na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann
- Foilsithe: 3 Lúnasa 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Fáiltíonn an tAire Coveney roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2021 na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann
Tá fáilte curtha ag an Aire Cosanta, Simon Coveney, T.D., inniu roimh fhoilsiú Thuarascáil Bhliantúil 2021 na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann.
Déanann an Tuarascáil Bhliantúil athbhreithniú ar fheidhmíocht na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann le linn 2021 i gcoinne gach ceann de na spriocanna straitéiseacha mar atá leagtha amach i Ráiteas Straitéise 2021 – 2023 na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann.
I measc obair eile in 2021 lean an Coimisiún ar Óglaigh na hÉireann agus cuireadh tús leis an Athbhreithniú ar Chumas Eagrúcháin (OCR) na Roinne Cosanta. Tá an dá phróiseas seo tugtha chun críche anois. Tugadh tuarascáil an Choimisiúin chun críche go luath in 2022 agus bhí sí ina hábhar do chinneadh an Rialtais maidir le Plean Gníomhaíochta Ardleibhéil a aontú agus an méadú is mó ar chaiteachas cosanta ó bunaíodh an Stát. Tá tuarascáil OCR agus Plean Forfheidhmithe Ardleibhéil breithnithe ag an Rialtas freisin.
Dúirt an tAire Coveney:
“Leagtar amach i dTuarascáil Bhliantúil 2021 na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann an obair shuntasach atá déanta ag pearsanra sibhialta agus míleata na hEagraíochta Cosanta le bliain anuas – bliain urghnách eile a raibh COVID-19 i gceannas uirthi. Léirigh athléimneacht na hEagraíochta Cosanta cé chomh lúfar agus chomh héifeachtach is atá an Eagraíocht de réir mar a leanadh den obair sa bhaile agus thar lear gan cur isteach suntasach.”
Dúirt an tAire Coveney freisin:
“Is mian liom an deis seo a thapú chun mo bhuíochas a ghabháil leis an Ard-Rúnaí agus leis an gCeann Foirne agus leis an bpearsanra ar fad laistigh den Roinn Cosanta agus Óglaigh na hÉireann, sa bhaile agus thar lear, chomh maith le hoibrithe deonacha sa Chosaint Shibhialta, as a gcuid obair leanúnach chrua agus iarrachtaí suntasacha i rith 2021.”
Dúirt an Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta, Jacqui McCrum, freisin:
“Tugann ár dTuarascáil Bhliantúil deis dúinn machnamh a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta thar an raon leathan oibre a bhfuil an Roinn freagrach astu, ó sheachadadh Chlár Bonneagair Thógtha agus an Plean Forbartha Trealaimh Óglaigh na hÉireann go dtí leas na hÉireann a chaibidil agus a chur chun cinn maidir le tionscnamh chosanta agus slándála ar leibhéal an AE. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine dár bhfoireann as a n-iarracht ollmhór oibre agus a dtiomantas i mbliain dhúshlánach eile.
Tar éis cinntí a rinneadh le déanaí ón Rialtas ar na gníomhaíochtaí a d’eascair as tuarascáil an Choimisiúin ar Óglaigh na hÉireann agus ón Athbhreithniú ar Chumas Eagrúcháin na Roinne dírímid anois ar oibriú le chéile chun na cláir oibre uailmhianacha seo a chur i gcrích.”
Dúirt an Ceann Foirne de chuid Óglaigh na hÉireann, Leifteanant-Ghinearál Séan Clance, freisin:
"Leagann Tuarascáil Bhliantúil na Roinne Cosanta agus Óglaigh na hÉireann béim ar an raon leathan ghníomhaíochtaí agus aschur a rinne an Eagraíocht Chosanta I rith na bliana agus bam haith liom buíochas a ghabháil le mo chomhghleacaithe sa Roinn Cosanta as a gcomhoibriú agus a ngairmiúlacht leanúnach. Ligfidh ár bhfís chomhroinnte dúinn fás bliain i ndiaidh bliana le bheith lúfar, solúbtha agus oiriúnaitheach maidir le freagairt d’athruithe dinimiciúla sa timpeallacht slándála.
Tháinig dúshláin nach bhfacthas riamh cheana in 2021 de bharr na paindéime COVID-19, ach táim an-bhródúil as fir agus mná Óglaigh na hÉireann, a raibh ról ríthábhachtach acu san iarracht náisiúnta chomhroinnte. Gabhaim buíochas do gach ball d’Óglaigh na hÉireann, idir bhuan agus chúltaca, an phríomh-theachtaireacht atá agam. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil libh go léir as ucht bhur gcuid oibre crua, iarrachtaí agus tiomantais, oibríochtaí a chothabháil sa bhaile agus thar lear, agus ag an am céanna ag traenáil agus ag díriú ar róil neamh-mhíleata a aistriú, ar feadh bliana an-éilitheach."