Tugann an Tánaiste aitheasc don Siompóisiam um Chábla Fomhuirí, ina leagtar amach tiomantas an Rialtais don tSlándáil agus don Athléimneacht
- Foilsithe: 11 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tugann an Tánaiste aitheasc don Siompóisiam um Chábla Fomhuirí, ina leagtar amach tiomantas an Rialtais don tSlándáil agus don Athléimneacht
11 Deireadh Fómhair 2024
Thug an Tánaiste, an tAire Cosanta agus an tAire Gnóthaí Eachtracha, Micheál Martin, aitheasc inniu ag Siompóisiam Slándála agus Athléimneachta Cábla Fomhuirí Dhairbhre.
Tugann an siompóisiam an saol acadúil, an tionscal agus an rialtas le chéile chun slándáil agus athléimneacht an Bhonneagair Chriticiúil Faoin bhFarraige a phlé.
Roimh an gcruinniú i gCiarraí, lárionad stairiúil cumarsáide domhanda, dúirt an Tánaiste:
“I lorg muirí na hÉireann, ár Limistéar Eacnamaíoch Eisiach, tá cáblaí snáthoptaice a iompraíonn beagnach 97% den chumarsáid dhomhanda.
“Is léir gur gá dúinn tuiscint iomlán a bheith againn ar a bhfuil ag tarlú sa spás muirí chun bonneagar criticiúil faoin bhfarraige a chosaint.”
Cuideoidh an plé ag an siompóisiam le hÉirinn tuiscint níos fearr a fháil ar bhealaí nuálacha chun slándáil agus athléimneacht cáblaí fomhuirí a fheabhsú agus na bealaí sin a shainaithint. Trí leochaileachtaí a aithint agus a mbagairtí a mhaolú, is féidir le hÉirinn leanúnachas ratha agus dul chun cinn eacnamaíoch a chinntiú.
Beidh ról ceannasach ag an Roinn Cosanta i slándáil mhuirí a chomhordú amach anseo, lena n-áirítear tástáil struis ar bhonneagar criticiúil san earnáil fuinnimh i gcoinne bagairtí de dhéantús an duine.
Dúirt an Tánaiste: “Bealach amháin atá á dhéanamh againn is ea infheistíocht a dhéanamh sa saineolas míleata agus sibhialta agus sna cumais mhíleata agus shibhialtacha a theastaíonn chun freagairt go leordhóthanach d’aon teagmhas. Éascófar dul chun cinn suntasach freisin maidir le tionscadail thábhachtacha chosanta, lena n-áirítear radar míleata agus feasacht ar an bhfomhuir, trí €1.35 billiún de chistiú Cosanta a leithdháileadh, an méid is mó riamh, do 2025.’
Tá urraíocht curtha ar fáil ag an Roinn Cosanta agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha araon chun tacú leis an siompóisiam.
Tá an ócáid á heagrú ag coiste stiúrtha de lucht acadúil agus de lucht tionscail a bhfuil taithí acu sa réimse seo, agus Fondúireacht Cábla Trasatlantach Dhairbhre ag aontú an ócáid a óstáil agus a oibriú. Cuireann suíomh Dhairbhre le tosaíocht stairiúil na hÉireann sa cheantar seo agus leagadh an chéad chábla trasatlantach ó Dhairbhre go Talamh an Éisc in 1858.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoin siompóisiam, cliceáil anseo