English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann An tAire Cosanta, Simon Coveney, T.D., cuairt ar Thrúpaí na hÉireann in UNIFIL ón 4ú – 7ú Iúil 2021

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 4 Iúil 2021
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tugann An tAire Cosanta, Simon Coveney, T.D., cuairt ar Thrúpaí na hÉireann in UNIFIL ón 4ú – 7ú Iúil 2021

Tá Simon Coveney T.D., An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Cosanta, ag dul chun na Liobáine inniu chun cuairt a thabhairt ar thrúpaí na hÉireann atá ag fónamh le Fórsaí Eatramhacha na Náisiún Aontaithe sa Liobáin (UNIFIL). Beidh Ard-Rúnaí na Roinne Cosanta, Jacqui McCrum, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, an Leasaimiréal Mark Mellett, Stiúrthóir Beartais Cosanta, Ciaran Murphy agus Stiúrthóir Polaitíochta na Roinne Gnóthaí Eachtracha, Sonja Hyland i dteannta an Aire.

Le linn a chuairte, tabharfaidh an tAire cuairt ar cheanncheathrú UNIFIL i Naquora, áit a mbuailfidh sé le ceannaireacht mhisean sinsearach na Náisiún Aontaithe de chuid UNIFIL, mar aon le pearsanra Óglaigh na hÉireann atá ag fónamh ag Ceanncheathrú UNIFIL agus pearsanra atá ag fónamh mar chuid d’Eagras na Náisiún Aontaithe um Maoirseacht ar Shos Cogaidh (UNTSO).

Rachaidh sé ansin go bunchampa agus poist breathnóireachta Óglaigh na hÉireann ar an Líne Ghorm, ag bualadh le baill den 118ú Cathlán Coisithe d’Óglaigh na hÉireann atá imlonnaithe faoi láthair san UNIFIL mar aon le baill d’fhórsaí armtha na Polainne, na hUngáire agus Málta atá mar chuid den bhuíon Éireannach agus Polannach ilnáisiúnta san UNIFIL. “Is príomhchuspóir beartais an chomhpháirtíocht dhinimiciúil seo le Comhpháirtithe an AE toisc go bhfeabhsaíonn sé rannchuidiú an AE le misin na Náisiún Aontaithe, go dtacaíonn sé agus go bhfeabhsaíonn sé idir-inoibritheacht Óglaigh na hÉireann agus go leathnaíonn sé ár gcumas náisiúnta cur le hoibríochtaí bainistíochta géarchéime idirnáisiúnta”, a dúirt an tAire. “Léirítear an tiomantas seo do rannpháirtíocht comhpháirtithe a thuilleadh inár gcumas leabaithe SOF leis an nGearmáin i Mailí i Misean MINUSMA na Náisiún Aontaithe.”

Chomh maith le cuairt a thabhairt ar ár dtrúpaí, cuimsíonn plean turais an Aire cruinnithe le ceannairí polaitiúla, lena n-áirítear An tAire Cosanta agus An tAire Gníomhach Gnóthaí Eachtracha agus Ceann Foirne Fórsaí Armtha na Liobáine agus le ceannairí polaitiúla agus sochaí sibhialta eile sa Liobáin.

Labhair An tAire Coveney faoin turas á rá, “Ba mhaith liom a rá go pearsanta le pearsanra Óglaigh na hÉireann atá imlonnaithe sa Liobáin an meas atá ag an Rialtas ar an obair atá ar siúl acu ann. Braitheann cuidiú suntasach na hÉireann in oibríochtaí tacaíochta síochána idirnáisiúnta ar thiomantas leanúnach phearsanra Óglaigh na hÉireann fónamh thar lear i gcúinsí deacra agus contúirteacha go minic agus measaim go bhfuil sé an-tábhachtach an iarracht seo a aithint.”

Lean An tAire air á rá “Tá naisc láidre polaitiúla agus stairiúla ag Éirinn leis an Liobáin, ag eascairt ón mbaint a bhí againn le fada an lá le UNIFIL ó bunaíodh an misean breis agus 40 bliain ó shin. Tá comhluachanna agus stair eadrainn freisin. Tá mo Rialtas tiomanta go láidir i gcónaí chun síocháin agus slándáil a chothabháil i ndeisceart na Liobáine.”

CRÍOCH

[Nótaí don Eagarthóir]

Tá stair fhada a bhfuil ardmheas uirthi ag Éirinn maidir le rannpháirtíocht i misin thar lear atá sainordaithe ag Na Náisiún Aontaithe ó 1958. Sa tréimhse sin, tá pearsanra Óglaigh na hÉireann tar éis 70,000 turas dualgais aonair a dhéanamh i misin thar lear. Ón 8 Meitheamh 2021, tá Éire ag cur 564 pearsanra le misin éagsúla ar fud an domhain.