English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann An Taoiseach Enda Kenny Td, Mar Aon Leis An Aire A Bhfuil Freagracht Air Maidir Le Cosaint, Paul Kehoe Td, Onóir Do Ghníomhartha Cróga Na Saighdiúirí Éireannacha I Gcath Jadotville I Meán Fómhair 1961 Trí Bhonn A Bhronnadh Orthu

  • Ó: An Roinn Cosanta

  • Foilsithe: 13 Meitheamh 2017
  • An t-eolas is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2019

Tá cinneadh tógtha ag an Taoiseach Enda Kenny mar aon leis an Aire a bhfuil freagracht air maidir le Cosaint, Paul Kehoe TD, inniu bonn a bhronnadh ar fhir Chomplacht "A", an 35ú Cathlán Coisithe agus ar neasghaolta chomhaltaí éagtha, chun aitheantas iomlán agus cuí a thabhairt dóibh in onóir a gcuid gníomhartha cróga i gCath Jadotville i Meán Fómhair 1961.

Ag labhairt dó faoin gcinneadh, dúirt an Taoiseach "Tá mé an-sásta an cinneadh seo boinn a bhronnadh ar fhir Chomplacht "A" a fhógairt. Tugann sé seo aitheantas iomlán don chrógacht agus don mhisneach a léirigh siad i rith chúinsí uathúla Léigear Jadotville. Ba í an oibríocht síochánaíochta sin de chuid na NA sa Chongó an chéad uair a d'imscar na NA fórsa suntasach míleata agus bhí sí ar cheann de na chéad oibríochtaí síochánaíochta NA a raibh Éire páirteach inti. Ba mhaith liom an deis a thapú chomh maith cuimhneamh ar an méid a rinne gach ball d'Óglaigh na hÉireann a d'fhóin i rith an Mhisin sin.”

Dúirt an tAire Kehoe “Tá Léigear Jadotville go mór i gcuimhne mhuintir na hÉireann a lean na himeachtaí sna nuachtáin ag an am. Ceann de na chéad cinntí a rinne mé nuair a ceapadh chuig m'Oifig mé ná ómós a thabhairt d'fhir Chomplacht "A" trí Ardlua Aonaid a bhronnadh mar aitheantas ar a gcuid comhghníomhaíochtaí le linn an Léigir. Is céim eisceachtúil í an cinneadh a rinneadh inniu onóir a thabhairt do na fir sin trí bhonn a bhronnadh orthu a thógann ar shearmanas na bliana seo caite agus a thugann aitheantas iomlán dá gcuid feidhmíochta le linn an Léigir."

Dúirt an tAire Kehoe chomh maith "Ba mhaith liom moladh a thabhairt d'fhir agus do mhná ár bhFórsaí Cosanta atá ar imscaradh i láthair na huaire ar iliomad misean ar son na síochána. Léiriú é rannpháirtíocht leanúnach i misin na Náisiún Aontaithe ar an difear dearfach atá tíortha beaga ar nós Éirinn in ann a dhéanamh i dtíortha ar fud an domhain a mbíonn trioblóid iontu. Bíonn a dtiomantas agus na híobairtí a dhéanann siad, mar aon le híobairtí a dteaghlaigh, i gcónaí ar m'intinn."

Oibreoidh an Roinn Cosanta agus na hÚdaráis Mhíleata le chéile chun socruithe a dhéanamh maidir le bronnadh na mbonn. Mar gheall ar an bpróiseas atá i gceist, glacfaidh sé roinnt ama é sin a dhéanamh.

CRÍOCH

Nótaí don Eagarthóir:

B'eachtra é Léigear Jadotville a tharla le linn mhisean síochánaíochta na hÉireann sa Chongó i mí Mheán Fómhair 1961. Ghlac Complacht 'A', an 35ú Cathlán Coisithe freagracht as post na NA ag Jadotville an 3 Meán Fómhair. Ar an 9 Meán Fómhair bhí siad timpeallaithe ag fórsa Gendarmarie as Cataing agus go luath ar maidin an 13 Meán Fómhair tháinig an Complacht faoi ionsaí. Sna laethanta ina dhiaidh sin go dtí an 17 Meán Fómhair rinneadh ionsaí leanúnach orthu ar thalamh agus ón aer.

In ainneoin iarrachtaí cróga leanúnacha cheanncheathrú an 35ú Cathlán Coisithe cúnamh a thabhairt, gabhadh Complacht 'A' an 17 Meán Fómhair. Faoin tráth sin ní raibh aon uisce ag Complacht 'A' agus bhí roinnt de na fir gortaithe. Bhí Complacht 'A' i ngéibheann go dtí gur scaoileadh saor iad ar deireadh an 25 Deireadh Fómhair, 1961.

Ba í Oibríocht na Náisiún Aontaithe sa Chongó an chéad mhisean síochánaíochta a raibh líon suntasach saighdiúirí Éireannacha páirteach ann. D'fhóin 6,000 saighdiúir Éireannach in iomlán sa Chongó ó 1960 go dtí 1964.