Tim Forde
- Foilsithe: 18 Iúil 2024
- An t-eolas is déanaí: 1 Lúnasa 2025

Is é Tim Forde an Príomhoifigeach Teicneolaíochta um Chumarsáid agus tá sé freagrach as an Rannán Forbartha Straitéise agus Bainistíochta Gnó a threorú. Tá an rannán freagrach as na nithe seo a leanas:
- Faireachas margaidh ar rolladh amach líonraí seasta agus líonraí soghluaiste agus beartais a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a sainaithníodh
- Straitéisí a fhorbairt chun spriocanna Nascachta Digití na roinne a bhaint amach, lena n-áirítear forbairtí idirnáisiúnta maidir le cáblaí teileachumarsáide fomhuirí, agus maoirseacht a dhéanamh ar na Straitéisí sin.
- Páirt réamhghníomhach a ghlacadh i bhfóraim AE agus i bhfóraim idirnáisiúnta um beartais maidir le speictream raidió