Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Post mar Oifigeach Seirbhísí - An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sna Forbacha, Co na Gaillimhe


Earcaíocht: Oifigeach Seirbhísí - Na Forbacha, Co na Gaillimhe

Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag lorg iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn do phost mar Oifigeach Seirbhísí ina hoifigí sna Forbacha, Co. na Gaillimhe. Tá sé tábhachtach a aithint gurb í an Ghaeilge teanga oibre na hoifige seo agus go bhfuil scileanna cumarsáide den scoth idir scríobh agus labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla mar bhunriachtanais d’iarrthóirí.

Beidh na dualgais seo a leanas i gceist leis an ról mar Oifigeach Seirbhísí sa Roinn:

  • plé a dhéanamh leis an bpobal ag an bhfáiltiú agus ar an bhfón
  • idirchaidreamh a dhéanamh le hOifig na nOibreacha Poiblí agus/nó conraitheoirí seachtracha maidir le cothabháil an trealaimh fhoirgnimh/oifige - laistigh agus lasmuigh
  • déileáil le post inmheánach agus seachtrach
  • soláthairtí oifige a ordú agus stoc na stáiseanóireachta a choinneáil suas chun dáta
  • billí fóntais oifige a phróiseáil in am trátha
  • leagan amach an tseomra cruinnithe a eagrú, sólaistí agus Teicneolaíocht Faisnéise a shocrú le haghaidh cruinnithe réamh-áirithinte
  • loga lucht freastail san fhoirgneamh a choinneáil
  • bratacha a ardú agus a ísliú de réir mar is cuí
  • aon dualgas eile a bhaineann leis an bpost a dhéanamh

Íoslódáil an Leabhrán Faisnéise faoi iamh, le do thoil, le haghaidh tuilleadh faisnéise ar incháilitheacht agus riachtanais.

Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo mar Oifigeach Seirbhísí, íoslódáil an Fhoirm Iarratais faoi iamh, le do thoil. Nuair atá an fhoirm iarratais comhlánaithe, is féidir é a sheoladh i ríomhphost chuig Personnel@tcagsm.gov.ie

Glacfaidh an Roinn le hiarratais go dtí 12:00 Dé Céadaoin, an 22 Meán Fómhair 2021.

Murar féidir leat cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarratas chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus seolfaimid cóip chugat trí r-phost.

Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go gcuirfear iarrthóirí a n-éireoidh leo ag an agallamh ar phainéal óna bhféadfar ceapacháin a dhéanamh ó am go ham.

Foirm Iarratais

FOIRM IARRATAIS - Oifigeach Seirbhísí
Íoslódáil nasc le haghaidh Íoslódáil

Nóta Faisnéise d'Iarratasóirí

An Post Oifigeach Seirbhísí - Nóta Fáisnéise d'Iarratasóirí
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat