Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona (2022 – 2026)

Is clár píolótach taighde é an Scéim Phíolótach um BhunIoncam d'Ealaíontóirí a bheidh mar bhonn eolais do bheartas an rialtais amach anseo maidir leis an mbealach is fearr chun tacú le healaíontóirí agus le lucht na n-ealaíon in Éirinn.

Tá céim thaighde na scéime píolótaí fós ar siúl, is léir ó fhianaise a bailíodh go dtí seo faoin scéim go bhfuil tionchar dearfach aici ar rannpháirtithe. Léiríonn na sonraí sin go bhfuil tionchar comhsheasmhach dearfach ag an íocaíocht faoin scéim faoi gach táscaire nach mór - rud a dhéanann difear maidir le forbairt cleachtais, coinneáil foirne san earnáil, folláine agus gannchuid.

De ghnáth, bíonn ealaíontóirí a fhaigheann an tacaíocht in ann níos mó ama a chaitheamh lena gceird, níos mó píosaí oibre a chruthú, is fearr an tsláinte acu toisc go mbaineann siad sásamh as a bpost agus is lú a mbuairt, agus is mó an chosaint ar an neamhbhuaine ioncaim san earnáil atá acu ná mar atá acu siúd nach bhfuil an tacaíocht á fáil acu.

Cúlra na scéime

Chuir an tAire Martin de chúram ar an Tascfhórsa Ealaíon agus Cultúir, a bunaíodh i mí Mheán Fómhair 2020, tuarascáil a chur le chéile chun sraith moltaí a chur san áireamh maidir leis an gcaoi is fearr a bhféadfadh earnáil na n-ealaíon agus an chultúir oiriúnú agus téarnamh ó phaindéim COVID-19.

Ba é an moladh is fearr a thig as tuarascáil an tascfhórsa "Life Worth Living" scéim maidir le Bunioncaim a reáchtáil ar bhonn píolótach ar feadh tréimhse trí bliana in earnáil na n-ealaíon, an chultúir, an chlosamhairc agus na dtaibhithe agus na n-imeachtaí beo.

Mar chuid den Phlean Náisiúnta don Téarnamh Eacnamaíoch, a seoladh an 1 Meitheamh 2021, fuair an tAire Martin gealltanas ón Rialtas maidir le Scéim Phíolótach um Bhunioncaim d'ealaíontóirí.

Rinne an tAire €25 mhilliún a leithdháileadh mar chuid de Bhuiséad 2022 chun foráil a dhéanamh maidir le seoladh na scéime píolótaí.

Tuarascáil an Tascfhórsa um Théarnamh na nEalaíon agus an Chultúir foilsithe

Tuarascáil Thascfhórsa Téarnaimh na nEalaíon agus an Chultúir foilsithe

Forbairt na scéime

Le linn 2021, chuaigh an Roinn i mbun próiseas forbartha beartais, a raibh plé leis an nGrúpa Maoirseachta ar an tuarascáil Life Worth Living i gceist leis, agus chuaigh siad i dteagmháil le páirtithe leasmhara san earnáil, agus rinne siad meitheal idir-rannach a thionóil chun measúnú a dhéanamh ar na dúshláin, agus a rinne athbhreithniú ar thaighde idirnáisiúnta agus ar dhea-chleachtas. Bhain an Roinn úsáid as an obair seo chun bonn eolais a chur faoina togra le haghaidh scéim phíolótach um Bhunioncam d'Ealaíontóirí.

Bhí caidreamh leis na bpáirtithe leasmhara mar chuid lárnach den phróiseas forbartha beartais agus áiríodh leis sin fóram do pháirtithe leasmhara an 15 Nollaig 2021, inar tháinig os cionn 150 rannpháirtí, 50 ealaíontóir agus lucht na n-ealaíon ina measc le chéile, chun an togra a phlé.

Reáchtáladh comhairliúchán poiblí i rith mhí Eanáir 2022. Is é an cuspóir a bhí leis an gcomhairliúcháin a chinntiú go mbeadh an deis ag an bpobal i gcoitinne, ealaíontóirí agus lucht na n-ealaíon, agus iad siúd atá ag obair in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir, cur le forbairt beartais don scéim phíolótach.

Ioncam Bunúsach do na hEalaíona - Tuarascáil ar an gComhairliúchán Poiblí

Bhí an scéim phíolótach ar oscailt le haghaidh iarratas ón 12 Aibreán go dtí an 12 Bealtaine 2022.

Chun eolas a fháil maidir leis an scéim, léigh na tuarascálacha ar an Scéim Phíolótach agus na treoirlínte d'iarratasóirí ar an SCÉIM

Bhí freagraí ar roinnt ceisteanna coitianta ar fáil anseo: Scéim Phíolótach um Bhunioncam d'Ealaíontóirí: Freagraí ar Cheisteanna Coitianta

Plé painéil leis an Aire i mí na Nollag 2023 - https://youtu.be/aFkSKhoVJOs

Aitheasc ón Aire ag an gComhdháil maidir le Stádas Ealaíontóirí in Éirinn, Bealtaine 2024 - https://youtu.be/Gq6PIOcTMEk

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat