Comóradh 250 bliain ar bhreith Dhónaill Uí Chonaill a cheiliúradh
- Foilsithe: 29 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2025
Ionad: Tigh Mór Dhoire Fhíonáin, Cathair Dónall, Chiarraí
Dáta: Dé Céadaoin, an 6 Lúnasa 2025
Ócáid chomórtha faoi stiúir an Stáit arna eagrú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt i gcomhpháirtíocht le hOifig na nOibreacha Poiblí, Roinn an Taoisigh, Óglaigh na hÉireann agus Comhairle Contae Chiarraí.

Forbhreathnú ar an ócáid
Tá 250 bliain imithe ó rugadh Ó Conaill, duine de na pearsana is tábhachtaí i stair na hÉireann. Chun ómós a thabhairt don oidhreacht a d'fhág sé againn, reáchtáladh comóradh oifigiúil faoi stiúir an Stáit i dTigh Mór Dhoire Fhíonáin, teach mhuintir Uí Chonaill i gContae Chiarraí. Tugadh suntas ag an ócáid don mhéid a rinne an Conallach i rith a shaoil chun ceartas, comhionannas agus cearta sibhialta a chur chun cinn, agus díríodh ar an tionchar buan a bhí aige ar shochaí na hÉireann agus ar luachanna daonlathais.
Ticéid don ócáid
Ócáid phoiblí saor in aisce a bhí anseo agus cuireadh ticéid ar fáil trí Eventbrite.
Naisc don ócáid faoi stiúir an Stáit
Tá teacht ar an nasc chun breathnú ar an ócáid anseo: https://www.rte.ie/player/movie/daniel-o-connell-commemoration-2025-s1-e1/699863079973 Tá teacht ar an gclár don ócáid anseo: https://assets.gov.ie/static/documents/DanielOConnell.pdf
Teachtaireacht Chuimhneacháin
Deis a bhí i gcomóradh Dhónaill Uí Chonaill teacht le chéile mar náisiún agus mar phobail áitiúla i gcuimhne ar shárcheannaire is físeach. Is trí ghníomhartha comhroinnte cuimhneacháin a leanaimid de bheith ag seasamh leis na prionsabail ar sheas sé leo — dínit, cuimsiú agus daonlathas.
- @deptculturecommssport (Instagram, LinkedIn, Facebook)
- @DeptCultureIRL (Twitter)