Slí an bhealaigh chuig ár gCeanncheathrú
- Foilsithe: 19 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 19 Meán Fómhair 2025
Tá Príomhoifig na Roinne suite ar Lána Líosain, giota beag ó Shráid Líosain Íochtarach i mBaile Átha Cliath 2. Má tá pleanálaithe taistil ar líne in úsáid agat, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú duit Eircode an fhoirgnimh a chur isteach: D02 R5Y3.
Mar is amhlaidh le gach suíomh i lár na cathrach, tá go leor modhanna taistil ar fáil. Tugtar forbhreathnú sa treoir seo ar na roghanna éagsúla. Is féidir leat leas a bhaint as Pleanálaí Náisiúnta Turais TFI chun cuidiú leat d'aistear a phleanáil.
Rothair
Tá páirceáil rothar ar an tsráid laistigh de chomharsanacht an fhoirgnimh, lena n-áirítear ar Shráid Haiste agus gar do Pháirc Fhaiche Stiabhna. Tá seastáin de chuid DublinBikes suite in aice láimhe gar do Pháirc Fhaiche Stiabhna agus in Ardán Phort an Iarla. Ina theannta sin, bíonn rothair ‘gan nasc’ páirceáilte sa cheantar de ghnáth, agus is féidir iad a fháil ar cíos.
Bus
Tá go leor roghanna bus faoi fhad siúil den fhoirgneamh. Tá sonraí ar an léarscáil thíos faoi na suíomhanna agus na bealaí éagsúla a bhfreastalaítear orthu.

Luas
Más ar an Luas atá tú ag taisteal, is é an stad is gaire ná an Líne Uaine ag Faiche Stiabhna, i ngaireacht 9 nóiméad den fhoirgneamh. Is é an stad is gaire ar an Líne Dhearg ná Sráid na Mainistreach, agus is féidir teacht air tríd an Líne Uaine ó Fhaiche Stiabhna.
DART/ Ar an traein
Is é Stáisiún an Phiarsaigh an stáisiún DART is gaire, i ngaireacht 15 nóiméad den fhoirgneamh Freastalaíonn bus 145 ar an bhfoirgneamh ó stáisiún Heuston, nó siúl 45 nóiméad atá ann. Is féidir Stáisiún Uí Chonghaile a bhaint amach ar roinnt bealaí bus, ach seans go mbeidh gá le haistriú i lár na cathrach; nó siúil 30 nóiméad atá ann.
Tacsaí
Tá stad tacsaithe in aice láimhe in Ardán Phort an Iarla.
I nGluaisteán
Tabhair do d'aire nach bhfuil aon pháirceáil ag an bhfoirgneamh seo, cé go bhfuil páirceáil íoctha agus taispeáin ar an tsráid ar fáil i gcomharsanacht an fhoirgnimh.