An Straitéis Dhigiteach Náisiúnta
- Foilsithe: 17 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 29 Meán Fómhair 2025
Seoladh an chéad chéim den Straitéis Dhigiteach Náisiúnta i mí Iúil 2013. Tá an straitéis seo dírithe ar rannpháirtíocht dhigiteach agus ar an gcaoi a bhféadfadh Éire leas a bhaint as sochaí atá rannpháirteach go digiteach. Leagtar amach ann fís shoiléir agus roinnt gníomhartha praiticiúla chun cabhrú le líon na saoránach agus na ngnólachtaí a bhíonn ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar líne a mhéadú tríd an tionscal agus an fhiontar, oiliúint saoránach, scoileanna agus oideachas.
Ag cur le Céim 1, tá an rialtas ag iarraidh Straitéis Dhigiteach Náisiúnta nua a fhorbairt. Tá sé seo mar fhreagra ar athrú teicneolaíoch thar na blianta agus an raon deiseanna agus dúshlán a chuireann sé seo i láthair shochaí na hÉireann.
Tionóladh comhairliúchán poiblí ar Straitéis Dhigiteach Náisiúnta nua ag deireadh 2018. Tugadh cuireadh don phobal agus do pháirtithe leasmhara sa chomhairliúchán seo aighneachtaí a dhéanamh a chuirfeadh eolas ar fáil maidir le raon feidhme agus cur i bhfeidhm na straitéise nua atá á dréachtú faoi láthair.