Tascfhórsa Geilleagair Oíche
- Foilsithe: 15 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 18 Nollaig 2024
Tugann an Tascfhórsa Geilleagair Oíche, a bhunaigh an tAire Catherine Martin an 30 Iúil 2020, deis do na páirtithe leasmhara cuí ón earnáil cultúir oíche cur chuige nuálach a fhorbairt chun tacú le geilleagar oíche bríomhar, éagsúil agus inbhuanaithe in Éirinn agus forbairt a dhéanamh air.
Rachaidh an Tascfhórsa i mbun comhairliúcháin leis na hearnálacha cuí agus na páirtithe leasmhara a bhfuil ról suntasach acu sa gheilleagar oíche chun a chinntiú go mbreithneofar gach dearcadh agus smaoineamh.
Cuirfidh an Tascfhórsa tuairisc faoi bhráid an Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ina n-áireofar moltaí maidir leis an bealach is fearr chun freastal orthu siúd atá ag obair agus ar mhian leo páirt a ghlacadh i gcultúr oíche bríomhar.
Postálfar an t-eolas is déanaí faoi dhul chun cinn an Tascfhórsa Geilleagair Oíche anseo. Má tá aon cheist agat déan teagmháil le NTE@chg.gov.ie
Pleananna Gníomhaíochta don Gheilleagar Oíche
Miontuairiscí Cruinnithe
Baill den Tascfhórsa Geilleagair Oíche
- An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
- An Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais
- An Roinn Iompair
- An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
- An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
- An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
- An Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta
- Údarás Náisiúnta Iompair
- An Garda Síochána
- Fáilte Éireann
- Give us the Night
- Cathaoirleach Chomhairle na bhForas Cultúrtha Náisiúnta
- An Chomhairle Ealaíon
- Cathaoirleach Oifigigh Ealaíon na nÚdarás Áitiúil
- Cathaoirleach Chumann na mBainisteoirí Contae agus Cathrach (CCMA)
- Ard-Mhéara Chathair Bhaile Átha Cliath
- Ard-Mhéara Chathair Chorcaí
Téarmaí Tagartha an Tascfhórsa Geilleagair Oíche
1. Fís atá éagsúil agus ionchuimsitheach a phlé agus a shainmhíniú i gcomhair éiceolaíocht oíche sna cathracha agus bailte móra atá againn.
2.Múnlaí idirnáisiúnta dea-chleachtais a aimsiú.
3.Próiseas tréan rannpháirteach do gheallsealbhóirí a reáchtáil leis na hearnálacha cuí agus le páirtithe leasmhara a bhfuil ról suntasach acu sa gheilleagar oíche chun a chinntiú go mbreithneofar gach dearcadh agus smaoineamh in obair an tascfhórsa. Áirítear sa phróiseas seo cruinnithe le geallsealbhóirí tábhachtacha agus iarratais ar aighneachtaí ó na páirtithe leasmhara.
4. Cleachtadh mionsonraithe ar mhapáil ionaid a reáchtáil leis na húdaráis áitiúla agus le comhpháirtithe san earnáil cultúir.
5. Eolas a aimsiú faoi chláir phíolótacha reatha (DCC agus CCC) agus iad a chomhlánú agus tús a chur le tuilleadh clár píolótach in áiteanna faoin tuath chun fáil amach faoi na dúshláin eile a d’fhéadfadh a bheith roimh na pobail thuaithe.
6. Bunaithe ar thaithí na gclár píolótach, féachaint an féidir coistí áitiúla a bhunú chun siamsaíocht oíche agus tairiscintí cruthaitheacha a chur chun cinn agus a fheabhsú i gceantair uirbeacha eile. Sa chomhthéacs sin, féachaint an féidir Ard-Mhéaraí Oíche a cheapadh i mBaile Átha Cliath agus i gCorcaigh.
7. Athbhreithniú iomlán a dhéanamh ar na rialacháin agus an creat beartais a rialaíonn an cultúr oíche ag leibhéal náisiúnta agus áitiúil.
8. Aird a tharraingt ar na dúshláin thábhachtacha eile a bhaineann leis na tionscadail phíolótacha agus na srianta reatha maidir le COVID-19 agus réitigh/gníomhartha tosaíochta a aimsiú lena n-áirítear an méid seo a leanas ach gan a bheith teoranta dó:
- Iompar
- Ord Poiblí
- Éagsúlacht na Tairisceana Cultúir
9.Moltaí a chur faoi bhráid an Aire maidir le forbairt Beartas Geilleagair Oíche.