Óráid an Aire Stáit ag Seimineár gréasáin maidir le Deiseanna fostaíochta san Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge
- Foilsithe: 28 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá an-áthas orm a bheith in bhur gcuideachta inniu chun tús a chur leis an gcomhdháil seo. Ba mhaith liom fáilte a chur roimh ár gcomhghleacaithe ón gCoimisiún Eorpach agus ó na hInstitiúidí Eorpacha eile atá ag glacadh páirte, go fíorúil, sa chomhdháil seo ó oifigí ar fud na hEorpa.
Tá úsáid na Gaeilge ag leibhéal oifigiúil mar chuid lárnach de na hiarrachtaí atá ar bun chun a chinntiú go mbeidh an teanga in úsáid ag glúine amach anseo. Tá sé an-tábhachtach do Rialtas na hÉireann go mbeidh an Ghaeilge ina theanga oibre iomlán in institiúidí an Aontais Eorpaigh agus tá muid tiomanta do dheireadh a chur le maolú ar úsáid na Gaeilge mar theanga oifigiúil agus oibre an Aontais Eorpaigh.
Mar chuid den obair sin, tá tionscnaimh éagsúla curtha ar bun ag mo Roinn agus Ard-Stiúrthóireacht an Aistriúcháin chun cur leis na hacmhainní Ghaeilge atá ar fáil mar thacaíocht do na seirbhísí teanga san AE. Le blianta beaga anuas, tá tuilleadh forbartha déanta ar an dtionscadal téarmaíochta IATE, tionscadal atá maoinithe ag Rialtas na hÉireann, agus tháinig méadú leanúnach ar bhanc idirinstitiúideach na gcuimhní aistriúcháin. Ina theannta sin, ullmhaíodh comhaontú idir an Choimisiún Eorpach agus Éireann chun corpais dhátheangacha reachtaíocht náisiúnta na hÉireann a chomhroinnt, agus tá an obair sin ag treabhadh ar aghaidh anois.
Mar thoradh ar an obair shuntasach seo, bhí na hinstitiuidí ag aistriú níos mó ná dhá oiread go Gaeilge i lár 2019, i gcomparáid le 2016. Anuas ar sin, tá méadú déanta ag an tAontas Eorpach ar líon na mball foirne Gaeilge agus tá os cionn 130 duine ag obair sna seirbhísí teanga anois.
Cé go bhfuil méadú ag teacht ar na huimhreacha, tá dúshlán fós roimh na hinstitúidí ó thaobh earcaíochta de. Tá obair leanúnach ar bun ag mo Roinn chun céimithe cáilithe a chur ar fáil le freastal ar riachtanais earcaíochta an Aontais Eorpaigh, mar atá leagtha amach sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge. Tá geallta sa Straitéis go dtabharfadh Rialtas na hÉireann gach tacaíocht agus cúnamh don Aontas Eorpach chun Gaeilge a chur i bhfeidhm mar theanga oifigiúil agus oibre san Aontas. Tá an gealltanas seo deimhnithe arís i bPlean Gníomhaíochta na Straitéise don tréimhse 2018-2022.
Mar a luaitear sa Phlean, cuireann mo Roinn, i gcomhar leis an Roinn Oideachais agus Scileanna agus leis an Údarás um Ard-Oideachas, maoiniú ar fáil do chúrsaí ábhartha tríú leibhéal, ar mhaithe le ráta ratha i gcomórtais earcaíochta an Aontas Eorpaigh a fheabhsú agus céimithe inniúla a sholáthar d’fhostaíocht sna hinstitiúidí Eorpacha. Cuirtear béim faoi leith sna cúrsaí seo, ar inniúlacht i dtrí theanga oifigiúla de chuid an Aontais.
Le roinnt blianta anuas, eagraíodh comórtas aistriúcháin le haghaidh meánscoileanna Gaeilge in Éirinn, thuaidh agus theas. Tugann an comórtas seo spreagadh do dhaltaí meánscoile smaoineamh ar na deiseanna fostaíochta atá san Eoraip dóibh siúd a bhfuil ard-chaighdeán Gaeilge acu. Bíonn ardchaighdéan aistriúcháin le feiceáil sa gcomórtas gach bhliain, agus bheinn ag súil go mbeadh cuid de na daoine óga céanna ag obair san earnáil amach anseo.
Anuas ar an gcomórtas sin, tá scéim intéirneachta á réachtáil ag mo Roinn, ag cur intéirnithe chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhsí 10 mí. Tá intéirnithe na bliana seo díreach tar éis tús a chur lena gcuid oibre sna hinstitiuidí ag tús na míosa seo. Tugann an scéim seo deis do dhaoine blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí, agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo. Cuidíonn na hintéirnithe chomh maith leis an obair atá ar bun san Eoraip an chuid is tábhachtaí den acquis communautaire a aistriú go Gaeilge.
Ó rinneadh an cinneadh in 2015 deireadh a chur leis an maolú, tá meitheal oibre idir institiúidí an Aontais Eorpaigh agus Rialtas na hÉireann ar bun ar mhaithe leis an gcinneadh a chur i bhfeidhm agus na spriocanna uaillmhianacha atá sa Rialachán nua a bhaint amach. Ag breathnú ar chlár an lae inniu, tá an leibhéal spéise atá léirithe ag an gCoimisiún agus ag na hinstitiúidí eile le brath go láidir. Tá ionadaíocht fhorleathan ó na hinstitiúidí le feiceáil, agus ba mhaith liom tréaslú libh ar fad as ucht an deá-obair atá ar bun agaibh. Tá ábhar fíor-spéisiúil le plé agaibh anseo inniu, agus tá súil agam go mbainfidh sibh sult as an lá.
Mar fhocail scoir, ba mhaith liom buíochas a ghabháil le foireann mo Roinne agus le foireann an Choimisiúin Eorpaigh as ucht an obair atá déanta acu chun an chomhdháil spéisiúil seo a eagrú. Tá dúshláin bhreise ag baint le ócáid mar seo i mbliana agus is de bharr obair chrua na foirne gur féidir imeachtaí mar seo a chur ar siúl. Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil chomh maith leis na cainteoirí atá ag glacadh páirte inniu agus a bhfuil go leor oibre déanta acu ag réiteach don chomhdháil.
Go raibh míle maith agaibh ar fad.