Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist pholasaí

Éirchód

Tá breis agus 35% de sheoltaí in Éirinn neamhuathúil sa mhéid is nach bhfuil aon ainm tí orthu nó nach bhfuil aon uimhir thí acu. Litríonn a lán daoine na seoltaí céanna ar bhealaí difriúla. Tá seans ann go n-úsáideann siad an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla den seoladh freisin. Fágann sé sin go mbíonn sé deacair do dhaoine a bhíonn ag seachadadh earraí agus seirbhísí nó ag freagairt d’éigeandáil suíomh an tseolta a aimsiú.

Dearadh Éirchód go sonrach chun an fhadhb sin a shárú. Murab ionann agus tíortha eile ina n-úsáidtear postchód chun limistéar a bhfuil grúpa seoltaí ann a shainaithint, sanntar Éirchód uathúil do gach seoladh cónaithe agus gnó in Éirinn.

Tá Éirchód comhdhéanta de sheacht gcarachtar, mar shampla D02 X285. Is é atá sa chéad trí charachtar ná an ‘Eochair Ródaithe’, ar féidir le roinnt bailte agus bailte fearainn í a chomhroinnt. Ach amháin i gcás na bpostcheantar i mBaile Átha Cliath, níl na litreacha nasctha le haon ainm baile ná le haon ainm cathrach. Is é atá sa dara cuid den Éirchód ná an ‘tAitheantóir Uathúil’, atá ceithre charachtar ar fad. Ní seicheamhach atá Éirchóid. Is é sin le rá, má fuair do chomharsa D02 X285 mar Éirchód, ní bhfaighidh tú D02 X286. Cinneadh gan iad a dhéanamh seicheamhach chun nach mbeadh aon ghá ann leis na hÉirchóid uile i limistéar ar leith a athrú i gcás go gcruthófaí foirgneamh nua idir dhá fhoirgneamh a bhí ann cheana, rud a bhrisfeadh an seicheamh cóid.

Aimsigh Éirchód

Sainaithnítear le hÉirchóid gach réadmhaoin in Éirinn. Fágann sé sin gur féidir le cuideachtaí seachadta agus le seirbhísí tithe agus gnólachtaí a aimsiú, gur féidir le seirbhísí éigeandála freagairt ar bhealach níos tapa agus gur féidir leat treoracha a fháil ar chóras loingseoireachta satailíte trí Éirchóid a úsáid.

Baineann gnólachtaí agus comhlachtaí stáit úsáid as Éirchóid le linn dóibh faisnéis a bhailiú ón bpobal, chun seoltaí a shainaithint i gceart agus chun a chinntiú go seachadtar na seirbhísí cearta. Baineann siad úsáid as Éirchóid freisin le linn dóibh faisnéis a bhailiú faoi dhaoine agus faoi ghnólachtaí, ar faisnéis í is féidir leo a úsáid ansin chun feabhas a chur ar na seirbhísí a sholáthraítear don tír.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat