Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An dara tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge 2018-2022 seolta ag an Aire Stáit, Jack Chambers

Rinne Jack Chambers TD, Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta agus an Spóirt an dara tuairisc bhliantúil ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta don Ghaeilge 2018-2022 a sheoladh inniu thar ceann an Rialtais.

Cuimsítear an tréimhse 18 mí ó 1 Iúil 2019 go 31 Nollaig 2020 sa dara tuairisc seo ina bhfuil leargas ar timpeall 180 gníomh sonrach atá le feidhmiú ag timpeall 60 geallsealbhóir thar shaolré cúig bliana an phlean. Tá freagracht fhoriomlán ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán as comhordú a dhéanamh ar fheidhmiú an Phlean, a thagann le cuspóirí foriomlána na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus leis na naoi réimse gníomhaíochta sa Straitéis.

Tagann foilsiú na tuairisce, a cuireadh faoi bhráid an Rialtais le gairid, leis an ngealltanas a rinneadh nuair a seoladh an Plean Gníomhaíochta i mí an Mheithimh 2018 go bhfoilseofaí a leithéid de thuairisc go bliantúil, ar son na trédhearcachta agus na cuntasachta.

In ainneoin na ndúshlán a tháinig chun cinn ó thús 2020 de dheasca COVID-19, tuairiscítear dul chun cinn suntasach trí chéile maidir le cur chun feidhme na bearta atá sa phlean.

Seo a leanas spléachadh ar na príomhnithe a baineadh amach thar an tréimhse maidir leis an naoi Réimse Gnímh thuasluaite:

  • cuireadh pacáiste tacaíochtaí breise múinteoireachta agus eile ar fáil do scoileanna atá ag glacadh páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta chun iad a spreagadh
  • in 2019, chuir Institiúid Oideachais Marino tús le clár Baitsiléir Oideachais (B.Oid.) nua lán-Ghaeilge oideachais tosaigh do bhunmhúinteoirí
  • tugadh Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) isteach do gach céim i ngach scoil i mí Mheán Fómhair 2019
  • ceadaíodh Pleananna teanga do 6 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta, do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta amháin agus do 3 Líonra Gaeilge
  • bhí 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga i mbun oibre ag deireadh mhí na Nollaig 2020 i réimse na Pleanála Teanga
  • tá cáipéis taighde ar Líon agus Lonnaíocht na dTeaghlach arb í an Ghaeilge a dTeanga nó a gComhtheanga Baile Laistigh de na Limistéir Ghaeltachta curtha i gcrích
  • eagraíodh 195 imeachtaí ar líne do na líonraí Teanga Tí le linn na dianghlasála
  • tá maoiniú Caiptil ag ráta 95% curtha ar fáil do 8 sheirbhís luathbhlianta sa Ghaeltacht
  • fuarthas cead pleanála chun lárionad Gaeilge a fhorbairt ag 6 Sráid Fhearchair, i lár Chathair Bhaile Átha Cliath
  • bhunaigh RTÉ an Home School Hub le feidhmiú go líneach agus ar líne, chun freastal ar riachtanais leanaí bunscoile na tíre le linn COVID-19
  • lean TG4 le coimisiúnú agus craoladh ábhar do phobal labhartha na Gaeilge
  • foilsíodh an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge i mí an Mheithimh 2020
  • chuaigh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 tríd dara chéim na Dála i mí Dheireadh Fómhair 2020
  • rinneadh athbhreithniú ar Chéad Sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tháinig na rialacháin i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2020
  • leanadh leis an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh chun deiseanna a chur ar fáil do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i réimsí an aistriúcháin agus an léimh profaí
  • cruthaíodh 427 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2020
  • bhí 7,363 post lánaimseartha agus 437 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana 2020
  • ceadaíodh €7.4m de thacaíochtaí éigeandála do chliantchomhlachtaí an Údaráis chun dul i ngleic le tionchar COVID-19 agus chun réiteach don Bhreatimeacht
  • cheadaigh Bord an Údaráis infheistíocht Stáit de luach €4.9m i ndeontais fostaíochta, innealra, oiliúna agus clár oiliúna i rith 2020
  • ceadaíodh suas le €20.3m i soláthar caipitil d’athchóiriú agus forbairt infreastruchtúr gnó na Gaeltachta chun tacú le buanú fostaíochta agus tograí nua a fhorbairt

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin bPlean Gníomhaíochta (PG5) agus an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge (S20) ag an nasc a leanas: https://www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/an-straiteis-20-bliain-don-ghaeilge-2010-2030/

Chuir an tAire Catherine Martin fáilte roimh fhoilsiú na tuairisce agus dúirt:

“Níl aon amhras ach go raibh dúshlán faoi leith bainteach leis an tréimhse ó thús 2020 mar gheall ar COVID-19. Fearacht gach réimse eile den saol d’imir an phaindéim tionchar suntasach ar ábaltacht gach eagraíocht lena mbaineann forfheidhmiú an Phlean Gníomhaíochta a gcion a dhéanamh chun cúram a dhéanamh de na bearta a mbaineann leo agus dá gcláir oibre trí chéile ar son na Gaeilge agus na Gaeltachta. Mura raibh aon neart ag éinne air sin, is díol suntais agus misnigh é gur aimsíodh bealaí agus seifteanna nua malartacha chun rudaí a dhéanamh”.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers:

“Ó ceapadh mé mar Aire Stáit na Gaeltachta tá gach deis tapaithe agam laistigh de na srianta COVID-19 chun bualadh leis an iliomad eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta fud fad na tíre ar mhaithe le cloisteáil uathu faoina bhfuil ar bun agus beartaithe acu ar leas na Gaeilge, ar leas na Gaeltachta agus ar leas an phobail lena mbaineann siad."

Dúirt an tAire Stáit chomh maith:

“De thoradh na comhpháirtíochta agus na comhúinéireachta a bhaineann leis seo uile, is údar sásaimh é domsa go bhfuil dul chun cinn suntasach le sonrú sa dara tuairisc seo ar chur chun feidhme an Plean Gníomhaíochta. Lena foilsiú, cuirtear ar shúile an Oireachtais, an státchórais, na n-eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta agus an phobail trí chéile an méid atá déanta san achar ama 18 mhí ó Iúil 2019 go Nolllaig 2020. Tugtar léargas ann chomh maith maidir le cá háit is gá le tuilleadh oibre a dhéanamh chun cúram níos fearr a dhéanamh de na bearta úd sa Phlean a bhfuil moill luaite leo.

Nótaí

Plean Gníomhaíochta 2018-2022: Tuairisc ar dhul chun cinn Iúil 2019 - Nollaig 2020

Tugtar léargas san achoimre fheidhmeach ar fheidhmiú na mbeart éagsúil mar a bhaineann siad leis na naoi réimse faoi leith mar a leagtar amach iad sa Straitéis í féin eadhon:

  • Oideachas
  • An Ghaeltacht
  • An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath
  • Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
  • Na Meáin agus an Teicneolaíocht
  • Foclóirí
  • Reachtaíocht agus Stádas
  • Saol Eacnamaíochta
  • Tionscnaimh Leathana

Tugtar léargas ar staid na mbeart sin agus na mbeart eile ag deireadh mhí na Nollag 2020 sa tuairisc féin ach seo leanas na buaicphointí:

Den 185 gníomh sa Phlean, bhí 51 gníomh le cur i bhfeidhm idir 2018 agus deireadh 2020 mar atá léirithe sa ghraf thuas.

Seo a leanas spléachadh ginearálta ar an dul chun cinn a rinneadh i leith na réimsí gnímh faoi leith:

Réimse Gnímh 1: Oideachas

  • d’fhoilsigh Aonad na Gaeilge sa Roinn Oideachais ciorcláin dhírithe ar leithligh in 2019 agus 2020 do scoileanna nach raibh ag glacadh páirt sa Scéim Aitheantais Scoileanna Gaeltachta chun iad a spreagadh le glacadh leis an rogha a bheith páirteach sa Scéim
  • cuireadh pacáiste tacaíochtaí breise múinteoireachta agus eile ar fáil do scoileanna atá ag glacadh páirt sa scéim ó 2018
  • chuir an tIonad Taighde Oideachais, i gcomhar leis an gCigireacht, tús le Staidéar Taighde agus Meastóireachta trí bliana ar thionchar na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta
  • in 2019, chuir Institiúid Oideachais Marino tús le clár Baitsiléir Oideachais (B.Oid.) nua lán-Ghaeilge oideachais tosaigh do bhunmhúinteoirí
  • tugadh Curaclam Teanga na Bunscoile (CTB) isteach do gach céim i ngach scoil i mí Mheán Fómhair 2019
  • seoladh suíomh idirlín nua do Séideán Sí agus leanadh le hobair ar aip nua

Réimse Gnímh 2: An Ghaeltacht

  • pleananna teanga ceadaithe do 6 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus do Bhaile Seirbhíse Gaeltachta amháin
  • 19 Oifigeach Pleanála Teanga agus 3 Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga i mbun oibre ag deireadh mhí na Nollaig 2020 i réimse na Pleanála Teanga
  • Plean Teanga á fheidhmiú i mBaile Seirbhíse Gaeltachta taobh amuigh den Ghaeltacht agus Plean Teanga eile scríofa agus le faomhadh
  • Pleananna Teanga na Líonraí faofa agus tairiscintí déanta le 3 Líonra Gaeilge
  • reacháileadh ceardlanna oiliúna ar bhonn rialta do na Oifigigh Pleanála Teanga agus na ceanneagraíochtaí pleanála teanga
  • eagraíodh cruinnithe eolais poiblí do ghrúpaí a bheidh mar chuid den phróiseas pleanála teanga amach anseo chomh maith le cruinnithe aonair meantóireachta le ceanneagraíochtaí agus oiliúint do choistí ceanneagraíochtaí ó Shainchomhairleoir Pleanála Teanga

Réimse Gnímh 3: An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath

  • cuireadh i gcrích an plean trí bliana a bhí aontaithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an Roinn
  • bhain 2,163 páiste/duine óg leas as scéimeanna, ranganna agus tograí eile Thuismitheoirí na Gaeltachta i 2019 agus 2,725 i 2020
  • tá cáipéis taighde ar Líon agus Lonnaíocht na dTeaghlach arb í an Ghaeilge a dTeanga nó a gComhtheanga Baile Laistigh de na Limistéir Ghaeltachta curtha i gcrích
  • eagraíodh 195 imeachtaí ar líne do na líonraí Teanga Tí le linn na dianghlasála
  • Maoiniú Caiptil ag ráta 95% curtha ar fáil do 8 sheirbhís luathbhlianta sa Ghaeltacht

Réimse Gnímh 4: Riarachán, Seirbhísí agus Pobal

  • reáchtáladh próiseas comhairliúcháin ar thodhchaí an Scéim Pobail Gaeilge
  • fuarthas cead pleanála chun lárionad Gaeilge a fhorbairt ag 6 Sráid Fhearchair, i lár Chathair Bhaile Átha Cliath

Réimse Gnímh 5: Na Meáin & An Teicneolaíocht

  • ceadaíodh deontas caipitil de €50,000 i leith costais digitithe ábhar i mBailiúcháin Thomáis Uí Mháille in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
  • bhunaigh RTÉ an Home School Hub le feidhmiú go líneach agus ar líne, chun freastal ar riachtanais leanaí bunscoile na tíre le linn COVID-19
  • lean TG4 le coimisiniú agus craoladh ábhar do phobal labhartha na Gaeilge
  • fógraíodh ciste maoinithe Glúin Nua le tacaíocht a chuir ar fáil do stiúrthóirí & scríobhnóirí ag tosú amach sa ghnó le tograí gearr fhaisnéise a chur i gcrích
  • leanadh leis an tionscadal Comhordú Acmhainní na dTeangacha Eorpacha (ELRC), chun acmhainní teanga a bhailiú ar mhaithe le hardán aistriúcháin uathoibríoch a fhorbairt don Ghaeilge

Réimse Gnímh 6: Foclóirí

  • foilsíodh an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge i mí an Mheithimh 2020
  • cás gnó á ullmhú don tionscadal nua foclóireachta Gaeilge-Gaeilge agus Gaeilge-Béarla
  • comhaontaíodh plean forbartha 2020-2025 idir Acadamh Ríoga na hÉireann agus RTCEGSM mí Lúnasa 2019, a shocraigh cuspóirí don tréimhse sin lena chinntiú go ndéanfar forbairt ar obair an Fhoclóra Stairiúil

Réimse Gnímh 7: Reachtaíocht agus Stádas

  • Chuaigh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2019 tríd dara chéim na Dála i mí Dheireadh Fómhair 2020
  • rinneadh athbhreithniú ar Chéad Sceideal Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus tháinig na rialacháin i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2020
  • leanadh leis an Scéim Intéirneachta in Institiúidí an Aontais Eorpaigh chun deiseanna á chur ar fáil do chéimithe chun socrúcháin oibre a fháil i réimsí an aistriúcháin agus an léimh profaí

Réimse Gnímh 8 – Saol Eacnamaíochta

  • cruthaíodh 427 post nua lánaimseartha i gcliantchomhlachtaí Údarás na Gaeltachta in 2020
  • bhí 7,363 post lánaimseartha agus 437 post páirtaimseartha i gcomhlachtaí a fuair tacaíocht ón Údarás ag deireadh na bliana 2020
  • ceadaíodh €7.4m de thacaíochtaí éigeandála do chliantchomhlachtaí an Údaráis chun dul i ngleic le tionchar COVID-19 agus réiteach don Bhreatimeacht
  • cheadaigh Bord an Údaráis infheistíocht Stáit de luach €4.9m i ndeontais fostaíochta, innealra, oiliúna agus clár oiliúna i rith 2020
  • ceadaíodh suas le €20.3m i soláthar caipitil d’athchóiriú agus forbairt infreastruchtúr gnó na Gaeltachta chun tacú le buanú fostaíochta agus tograí nua a fhorbairt

Monatóireacht

Mar a bhaineann sé le feidhmiú an chur chuige leasaithe a leagadh amach sa phlean gníomhaíochta maidir le monatóireacht, tionóladh 3 chruinniú den choiste stiúrtha faoi chathaoirleacht na Roinne le linn na tréimhse tuairiscithe.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat