Ioncam Bunúsach do na hEalaíona: Níos lú amhrais, níos mó tairgiúlachta, sásamh saoil níos fearr
- Foilsithe: 4 Meán Fómhair 2025
- An t-eolas is déanaí: 4 Meán Fómhair 2025
- Léiríonn tuarascáil nua go bhfuil faighteoirí BIA níos ábalta “greim a choinneáil faoin bhfiacal” agus go bhfuil buntáistí folláine á mothú acu.
- Caitheann faighteoirí 11 uair an chloig níos mó in aghaidh na seachtaine ar a gcleachtas cruthaitheach i gcomparáid leis an ngrúpa rialaithe.
Tá tuarascáil á foilsiú inniu ag an Aire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, ina ndéantar anailís ar dhá bhliain de shonraí scéime píolóta an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona (BIA). Cuireann an tuarascáil seo leis an taighde atá déanta ag an Roinn cheana féin.
Deimhnítear sa tuarascáil seo torthaí a léiríonn go bhfuil tionchar dearfach marthanach ag íocaíocht BIA ar shaol na bhfaighteoirí. Tá níos mó ama á chaitheamh ag faighteoirí ar a gcleachtas ealaíon, tá infheistíocht airgeadais níos airde á tuairisciú acu ina gcleachtas ealaíon, agus tá níos mó píosaí oibre á dtáirgeadh acu i gcomparáid leis an ngrúpa rialaithe. Ag an am céanna, tá níos lú ama á chaitheamh ag faighteoirí BIA ag obair in earnálacha eile, rud a chuireann borradh faoi choinneáil earnála.
Is lú an seans go mbeidh dúlagar agus imní ar fhaighteoirí BIA, agus go dtuairisceoidh siad sástacht saoil níos airde, ná an grúpa rialaithe. Is dóichí freisin go mbeidh sé ar a n-acmhainn íoc as riachtanais bhunúsacha. Ní chiallaíonn BIA a fháil go mbeidh tionchar aige sin ar an dóchúlacht go dtabharfar faoi obair neamhíoctha sna healaíona, go ndéanfar iarratas ar mhaoiniú ealaíon, nó go dtabharfar faoi chónaitheachtaí ealaíne. Níl aon tionchar aige ar phraghas na gcoimisiún ach oiread.
Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:
Cuireann an tuarascáil seo leis an taighde fairsing a rinneadh le linn an treoirthionscadail, rud a léiríonn tábhacht na scéime seo d’earnáil na n-ealaíon. Is iondúil gur féidir leo siúd a fhaigheann an BIA níos mó ama a chaitheamh ar a n-ealaín, feabhas a chur ar fholláine agus athinfheistiú in earnáil na n-ealaíon.
Cé nach bhfuil aon chinneadh déanta go fóill maidir le scéim comharbachta, tá sé curtha in iúl go soiléir agam gur mhaith liom go leanfaí leis an scéim agus táim ag tnúth leis an tuarascáil seo a roinnt le mo chomhghleacaithe mar chuid de phléití Bhuiséad 2026.
Is féidir teacht ar an tuarascáil ANSEO. Chun an páipéar a iarraidh i bhformáid atá inrochtana duit, seol ríomhphost chuig press.office@ccs.gov.ie nó cuir glaoch ar 01 6437610.
CRÍOCH