Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire Martin maoiniú níos mó ná €172,000 don Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2022

Inniu d’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sraith deontas faoi Scéim na Roinne um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann. Cheadaigh an tAire leithdháiltí €172,983 chun tacú le tionscadail chultúrtha a bhfuil gnéithe suntasacha trasteorann acu.

Tá sé mar aidhm ag tionscadail bheaga neamhspleácha a mhaoinítear faoin scéim feabhas a chur ar, nó ceiliúradh nó comóradh a dhéanamh ar ealaín, ar chultúr, ar cheol, ar scannáin nó ar oidhreacht Oileán na hÉireann ar bhonn Thuaidh/Theas.

Cuireadh fáilte roimh iarratais le haghaidh tionscadal a chabhraigh le:

  • comhoibriú agus comhthionscnaimh idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn
  • turasóireacht chultúrtha ar bhonn Thuaidh/Theas a chur chun cinn
  • soláthar chláir chultúrtha for-rochtana ar bhonn Thuaidh/ Theas a chur chun cinn

Bainfidh sé thionscadal déag leas as, le huasmhéid maoinithe €15,000. Beidh taispeántais, féilte agus léirithe damhsa i measc na dtionscadal agus beidh comhlachtaí ar dhá thaobh na teorann ag comhoibriú i gcomhthéacs cultúrtha agus ina measc beidh “Tradition. Past Tense. Future Tense. Present Tense" le Echo Echo Dance Company i nDoire agus scannán a léireofar i gcomhar le hIontaobhas Oidhreacht na hÉireann agus Ollscoil na Banríona Béal Feirste ag mapáil bhóithre an Ghorta Mhóir.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

"Tá an-áthas orm na leithdháiltí faoin Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2022 a fhógairt. Tar éis tréimhse fhada dhúshlánach de shrianta cúramacha, is féidir linn na himeachtaí agus na gníomhaíochtaí is fearr linn a phleanáil arís. Soláthraíonn an scéim seo ardán le haghaidh malartuithe cultúrtha agus comhthionscadail ó eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn. Tá maoiniú do raon éagsúil tionscadal ó scannánaíocht, grianghrafadóireacht, ceol agus rince go fiontair teanga san áireamh i leithdháiltí na bliana seo. Guím gach rath orthu siúd a ghlacann páirt sna himeachtaí seo agus táim ag tnúth le comhoibriú na n-eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn a fheiceáil ag baint sult as an raon leathan imeachtaí atá ar siúl sna míonna atá romhainn."

Nótaí

Miondealú Leithdháiltí 2022

Iarratasóir Contae an Fhorais a Maoiníodh Gné Thuaidh/Theas Cur síos ar an Tionscadal Maoiniú
Cinemagic Film Festival for Young People Aontroim Rannpháirtíocht Thuaidh Theas oscailte do gach duine ar oileán na hÉireann Cuirfidh Cinemagic raon leathan taispeántas fhéile scannán agus gníomhaíochtaí forbartha scileanna ar fáil €11,250
Muintir na Tíre Mhísil Ceatharlach Comhoibriú idir Muintir na Tíre Mhísil i gCeatharlach agus Cairde Columbanus Bheannachair sa Dún Pobail a athnascadh trí chomhoidhreacht chultúrtha Naomh Colmcille €9,300
Not Your Average Hooley (NYAH) An Cabhán Comhoibriú idir NYAH sa Chabhán agus Ionad Oidhreachta Cultúrtha Dhún Uladh i dTír Eoghain Féile bheo agus dhigiteach a thugann tallann trasteorann le chéile – scéalaithe, amhránaithe, rinceoirí & ceoltóirí ón dá thraidisiún ag cothú na síochána agus an athmhuintearais i gCabhán agus i dTír Eoghain agus ag casadh le chéile ag ceolchoirmeacha & ceardlanna ceoil Uladh €15,000
Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae an Chábháin An Cabhán Comhoibriú idir Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae an Chabháin agus Flax Arts Studios i mBéal Feirste Saothar ealaíne rannpháirtíoch nua dar teideal The Waking Walls i suíomh Loch Uachtair, atá suite i réigiún na teorann idir Co. an Chabháin agus Co. Fhear Manach, a dhíríonn ar thraidisiúin caointe a roinntear mar léiriú ar imní éiceolaíochta an lae inniu. €11,250
Ionad Ealaíon Sirius Corcaigh Comhoibriú idir Ionad Ealaíon Sirius i gCorcaigh agus an tIonad um Ealaín Chomhaimseartha i nDoire Léiriú scannáin, dar teideal sealadach 2 Channel Land, i gcomhar leis an Ionad um Ealaín Chomhaimseartha i nDoire agus le tacaíocht ó aemi, Baile Átha Cliath. €7,000
Echo Echo Dance Theatre Company Doire Comhoibriú idir Echo Echo Dance Company i nDoire, Siamsa Tíre - Amharclannaíocht Tíre Náisiúnta na hÉireann i gCiarraí and Cultúrlann Uí Chanáin i nDoire Féile 5 lá ag díriú ar léiriú damhsa le healaíontóirí atá fréamhaithe i gcleachtais damhsa traidisiúnta na hÉireann €10,808
Éabhlóid Dún na nGall Comhoibriú idir Éabhlóid i dTír Chonaill agus Cultúrlann Mc Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste Podchraoladh Bhláth na dTulach €10,500
Cruit Éireann Baile Átha Cliath Comhoibriú idir Cruit Éireann i mBaile Átha Cliath agus Reclaim the Enlightenment i mBéal Feirste Féile chomhoibríoch chun comóradh a dhéanamh ar 50 bliain ó tháinig na cruitirí le chéile i mBéal Feirste in 1972 agus chun saothar an orgánaigh agus an bhailitheora Edward Bunting a cheiliúradh. €15,000
Leabhair Pháistí Éireann Baile Átha Cliath Comhoibriú idir Leabhair Pháistí Éireann agus Iontaobhas Leabhair Thuaisceart Éireann Comhthionscadal le hIontaobhas Leabhair Thuaisceart Éireann chun leabhair le carachtair éagsúla agus ionadaíocha a thabhairt isteach i seomraí ranga bunscoile ar fud oileán na hÉireann €10,000
Ionad ADAPT (Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath) Baile Átha Cliath Comhoibriú idir Ionad ADAPT i mBaile Átha Cliath, Coláiste na Modhach, Béal Feirste, Meánscoil Phádraig i gCill Dara, CBC Baile na Manach i mBaile Átha Cliath agus Coláiste Belvedere i mBaile Átha Cliath Sraith nua ábhair theangeolaíochta cultúrtha don bhliain 2022 a dhearadh agus a fhorbairt le haghaidh ceardlanna trasteorann do dhaltaí meánscoile 13-19 mbliana d’aois agus dá gcuid múinteoirí. €11,000
Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann Baile Átha Cliath Comhshaothar idir Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann agus Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste. Ag mapáil bhóirthe an Ghorta Mhóir, scannán oideachasúil agus taispeántas fíorúil €5,700
Gailearaí Grianghrafadóireachta na hÉireann Baile Átha Cliath Comhoibriú idir an Gailearaí Grianghrafadóireachta i mBaile Átha Cliath, Féile Grianghraf Bhéal Feirste agus Source Magazine i mBéal Feirste 4 phríomheagraíocht ghrianghrafadóireachta a thabhairt le chéile chun líonra comhpháirtíochta Thuaidh-Theas nua a chruthú chun tacú le cleachtais ghrianghrafadóireachta chomhaimseartha atá ag teacht chun cinn ar an oileán, agus iad a fhorbairt agus a thaispeáint. €15,000
HD EIBF LTD (Arts Over Borders) Baile Átha Cliath Tugann imeachtaí Arts Over Borders ealaíontóirí agus cuideachtaí ealaíon Éireannacha ó dhá thaobh na teorann le chéile faoi scáth ilealaíon ceoil, amharclannaíochta, litríochta, rince, scannáin físealaíne agus suiteálacha a bhaineann go sonrach leis an suíomh. 10th Anniverserary Beckett & Friel Festival €11,175
Louth Contemporary Music Society An Lú Tionscadal trasteorann ina roinnfear cultúr agus ceol ó cheantair éagsúla. Beidh an léiriú ar siúl i gCairlinn atá i gceantar ársa Oirialla atá ar dhá thaobh na teorann. Léiriú ceoil ina mbeidh ceoltóirí traidisiúnta trasteorann ag seinm Work in C., saothar íocónach Terry Riley. Is as Béal Feirste, Aontroim agus Lú go príomha a bheidh na ceoltóirí agus iad faoi stiúir Ciarán Ó Meachair. €3,750
CCÉ Mheitheal an Iarthair Sligeach Comhoibriú idir CCE Mheitheal an Iarthair sa Chabhán agus Ionad Oidhreachta Cultúrtha Dhún Uladh i dTír Eoghain Ceolfhoireann cheoil tíre a bhunú ina mbeidh 50 duine óg, ó Thuaisceart Éireann agus Iarthuaisceart na hÉireann, ag coimisiúnú cumadóra chun ceol nua a chruthú don cheolfhoireann €11,250
Herstory An Iarmhí Comhoibriú idir Herstory san Iarmhí agus Músaem Náisiúnta Thuaisceart Éireann Peace Heroines, tionscadal nua ildisciplíneach ealaíon agus oidhreachta a cruthaíodh i gcomhpháirtíocht le Herstory (Theas) agus Iarsmalanna Náisiúnta Thuaisceart Éireann (Thuaidh) chun oideachas a chur ar dhaltaí meánscoile agus ar an bpobal ar an dá thaobh den teorainn, faoi ról cinntitheach na mban i próiseas síochána Thuaisceart Éireann. €15,000
Maoiniú Iomlán €172,983

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat