Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ceadaíonn an tAire Martin níos mó ná €147k i maoiniú do thionscadail chultúrtha trasteorann faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin T.D. leithdháileadh maoinithe €147,500 inniu chun tacú le 13 thionscadal chultúrtha le gnéithe suntasacha trasteorann faoin Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021.

Is scéim maoinithe í an Scéim um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann do thionscadail bheaga fhéinchuimsitheacha a bhfuil sé mar aidhm acu ealaín, cultúr, ceol, scannán nó oidhreacht oileán na hÉireann a fheabhsú, a cheiliúradh nó a chomóradh ar bhonn Thuaidh / Theas.

Cuireadh fáilte roimh iarratais le haghaidh tionscadal a chuireann:

  • Comhoibriú agus comhthionscnaimh chun cinn idir eagraíochtaí agus institiúidí ar bhonn Thuaidh/Theas;
  • Turasóireacht chultúrtha chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas;
  • Soláthar chláir chultúrtha for-rochtana chun cinn ar bhonn Thuaidh/Theas.

Bainfidh trí thionscadal déag leas as, le uasmhéid maoinithe €15,000. Beidh taispeántais, féilte agus léirithe damhsa i measc na dtionscadal agus beidh comhlachtaí ar an dá thaobh den teorainn ag comhoibriú i gcomhthéacs cultúrtha. I measc na n-imeachtaí beidh Reframing 100: Digital Collaborations le Gailearaí Grianghrafadóireachta agus grúpa ceoltóirí óga ar líne le Music Generation Laois.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm na leithdháiltí faoin Scéim Maoinithe um Chomhoibriú le Tuaisceart Éireann 2021 a fhógairt. Cuireann an scéim seo ardán ar fáil do mhalartuithe cultúrtha agus do chomhthionscadail ó eagraíochtaí ar an dá thaobh den teorainn agus sholáthair an scéim roinnt tionscadail spéisiúla agus luachmhara thar na blianta. Maoiníonn leithdháiltí na bliana seo gach rud ó ghrianghrafadóireacht go healaín go ceol agus glacfar go fonnmhar leo ar fud oileán na hÉireann. Guím gach rath ar rannpháirtithe na dtionscadal seo agus gabhaim buíochas leo siúd a bhí cliste agus cruthaitheach go leor chun na tionscadail seo a chur ar bun.”

Nótaí

Féach thíos liosta iomlán na dtionscadal rathúil:

Iarratasóir Cur síos ar an Tionscadal Gné Thuaidh / Theas Contae Méid Maoinithe Molta
Éabhlóid Bláth na dTulach - Leabhar & acmhainní ar líne I gcomhar le Cultúrlann Mac Adam Ó Fiaich i mBéal Feirste Dún na nGall €10,000
Cinemagic Féile Scannán agus Teilifíse Bhaile Átha Cliath Cinemagic 2021 (15ú heagrán) a reáchtálfar ar líne i mí Iúil le roinnt imeachtaí a d’fhéadfadh a bheith in ionaid i mí Mheán Fómhair agus i mí na Samhna. Cuimseoidh na tionscadail cláir scoile, cláir idirnáisiúnta um léiriú scannán, ceardlanna agus campaí thionscal scannán. Beidh daoine óga ón dá thaobh den teorainn ag glacadh páirte sna himeachtaí seo. Aontroim €15,000
Músaem Beag Bhaile Átha Cliath Píosa nua ealaíne chun taifead a dhéanamh ar scéal an lucht siúil. Glacfaidh an t-ealaíontóir as Béal Feirste Fiona McDonnell páirt sa tionscadal agus I gcomhthionscnamh i gcomhar le Músaem Beag Bhaile Átha Cliath. Baile Átha Cliath €7,000
NYAH Cavan No musical demarcation - féile bheo dhigiteach Féile bheo dhigiteach i gcomhar le hIonad Oidhreachta Dhún Uladh a thabharfaidh buanna trasteorann le chéile ón gCabhán, ó Mhuineachán, ón Dún, ó Aontroim, ó Fhear Manach agus ó Thír Eoghain. An Cabhán €15,000
Comhairle Cheantar an Iúir, Mhúrn & an Dúin Comhoibriú a chur chun cinn agus a fhorbairt agus clár for-rochtana cultúrtha a sholáthar do cheoltóirí agus d’amhránaithe ón dá thaobh den teorainn. Comhthionscnamh idir Comhairle Cheantar an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, Ceolfhoireann Thraidisiúnta Oriel i gContae Lú, Cumann Stair Áitiúil an Chreagáin in Ard Mhacha, Imeachtaí Colleen Savage-Oriel san Iúr agus Comhairle Chontae Lú. An Dún €15,000
Gailearaí Grianghrafadóireachta Reframing 100: Digital Collaborations Comhpháirtíocht idir an Gailearaí Grianghrafadóireachta i mBaile Átha Cliath, Nerve Centre i nDoire agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach i nDún na nGall chun comhshaothar nua Reframing 100 a chur chun cinn. Baile Átha Cliath €15,000
Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann Comóradh Cuimsitheach an Ghorta Mhóir Comhshaothar idir Iontaobhas Oidhreachta na hÉireann agus Teach Allt na bhFiach i gContae an Dúin. Baile Átha Cliath €3,000
ADAPT Ábhar teangeolaíochta cultúrtha a fhorbairt do cheardlanna trasteorann tras-phobail do dhaltaí meánscoile. Comhshaothar idir ADAPT i mBaile Átha Cliath, Coláiste na Modhach i mBéal Feirste, Meánscoil Phádraig Chill Dara, Coláiste Phobal Leamhcáin i mBaile Átha Cliath, Scoil an Chreidimh Naofa i mBaile Átha Cliath agus Scoil Pháirc Áth an Ghainimh i mBaile Átha Cliath Baile Átha Cliath €6,000
Músaem an Chumainn Lúthchleas Gael Cultúr a Cheiliúradh, Bailiúcháin a Fhionnadh Comhthionscnamh Mhúsaem CLG i mBaile Átha Cliath agus Ionad Línéadaigh na hÉireann agus músaem Lios na gCearrbhach in Aontroim Baile Átha Cliath €7,500
Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann A Voice for Veterans - beidh formáidí ilmheán sa tionscadal ar a áirítear grianghrafadóireacht, físeáin, agallaimh agus na meáin shóisialta. Cuirfidh sé seo béim ar ról an Choimisinéara Iarshaighdiúirí, déanfaidh sé taifead ar a gcuid oibre i dTuaisceart Éireann agus i bPoblacht na hÉireann agus cuirfidh sé an cultúr agus an oidhreacht chomhroinnte i measc iarshaighdiúirí ar oileán na hÉireann chun cinn. Comhshaothar idir Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann i gCill Dara agus Oifig Tacaíochta Iarshaighdiúirí Thuaisceart Éireann in Aontroim Cill Dara €12,000
Cumann Mhúsaeim na hÉireann Lá ‘Mhúsaeim Anois’ - a thaispeánfaidh gníomhaíocht a bheidh ar siúl i músaeim ar fud an oileáin agus a spreagfaidh lucht féachana chun cuairteanna a thabhairt ar an láthair. Comhshaothar idir IMA i mBaile Átha Cliath agus Comhairle Mhúsaeim Thuaisceart Éireann in Aontroim. Baile Átha Cliath €15,000
Damhsa Éireann Comhráite Damhsa - sraith comhráite idir péirí ealaíontóirí a oibríonn ar an dá thaobh den teorainn a dhéanfaidh iniúchadh ar a dtaithí oibre roinnte trí dhamhsa agus plé ar an damhsa. Comhshaothar idir Damhsa Éireann i mBaile Átha Cliath, Drámaíocht agus Damhsa Thuaisceart Éireann i mBéal Feirste, Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus UCD i mBaile Átha Cliath. Baile Átha Cliath €15,000
Music Generation Laois Ceoltóirí óga a sheinneann agus a dhéanann cleachtadh ar líne, ag úsáid teicneolaíocht dhigiteach agus ardáin ar líne. Comhshaothar idir Music Generation i gContae Laoise, Banna Práis an tSratha Báin i gContae Thír Eoghain agus Music Generation i gCeatharlach. Laois €12,000
Iomlán €147,500

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat