Ceadaíonn an tAire O’Donovan maoiniú os cionn €190,000 do Scéim Taispeántais Músaem Réigiúnach 2025
- Foilsithe: 18 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 18 Iúil 2025
D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, sraith deontas beag inniu do mhúsaeim áitiúla agus réigiúnacha ar fud na tíre. Tá maoiniú iomlán de €192,193 á chur ar fáil faoi Scéim Taispeántais Mhúsaem Réigiúnach 2025.
Tá sé mar aidhm ag tionscadail a mhaoinítear faoin scéim seo feabhas a chur ar thairiscint chultúrtha músaem, rochtain níos fearr ar mhúsaeim a spreagadh agus úsáid músaem mar acmhainní turasóireachta ina gceantar nó ina réigiún a chur chun cinn.
Tá seacht tionscadal déag ag baint leasa as an scéim agus maoineoidh na leithdháiltí roinnt taispeántas an-suimiúil agus nuálach lena n-áirítear Comóradh 90 Bliain Sheirbhís Meitéareolaíochta na hÉireann i bhFaing; taispeántais ar leith ar Chlub Peile na mBan i Luimneach agus ar Richard Harris i Luimneach chomh maith; lámhscríbhinní Meánaoiseacha i Leabharlann an Ard-Easpaig Marsh, Baile Átha Cliath; agus eispéireas Seomra Tae Seoirseach i dTeach Bhéal na mBuillí i Ros Comáin.
Agus é ag labhairt inniu dúirt an tAire O’Donovan:
Is cúis áthais dom an maoiniú seo de bhreis is €190,000 a fhógairt dár músaeim áitiúla agus réigiúnacha. A bhuíochas le tiomantas mo Roinne tacú le tionscadail faoin scéim seo, tá comhlachtaí cultúrtha in ann a gcuid taispeántas a fheabhsú agus an tairiscint chultúrtha do na pobail a bhfreastalaíonn siad orthu a fheabhsú.
Is acmhainn thar a bheith tábhachtach iad na hinstitiúidí seo chun rochtain a fháil ar chultúr agus oidhreacht i mbailte agus i sráidbhailte ar fud na tíre agus cuireann siad le pobal na háite. Bailíonn, caomhnaíonn agus coinníonn ár músaeim áitiúla agus réigiúnacha éagsúlacht mhór earraí agus ábhar a bhfuil luach reiligiúnach, cultúrtha agus stairiúil leo, rud a sholáthraíonn foinse siamsaíochta agus iontais do chuairteoirí. Cuidíonn na músaem seo lenár n-oidhreacht chultúrtha a chaomhnú agus a chur chun cinn agus guím gach rath orthu go leanfaidh siad orthu ag obair.”
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Miondealú ar Leithdháiltí 2025