Ceiliúradh á Dhéanamh ar Chomóradh 10 mBliana Chóras Cód Poist Náisiúnta na hÉireann ‘Éirchód’
- Foilsithe: 17 Iúil 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Iúil 2025
- Fógraíonn an tAire Stáit Charlie McConalogue gur éirigh ‘go hiontach’ leis an gcóras cód poist
- Bhí 97% de na freagróirí sa taighde in ann Éirchód bailíochtaithe a chur ar fáil le haghaidh a seoladh
Tá áthas ar an Aire Stáit le freagracht as Beartas Poist agus Spórt, Charlie McConalogue TD, a bhfuil freagracht speisialta air as Éirchóid sa Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, an rath atá ar an gCóras Náisiúnta Cód Poist, Éirchód, a cheiliúradh, tráth a chomóradh 10 mbliana.
I mí na Nollag 2013, bronnadh an conradh ar Capita Business Support Services Ireland Limited, ag trádáil mar Éirchód, chun an Córas Náisiúnta Cód Poist a fhorbairt, a rolladh amach agus a oibriú; córas a seoladh go foirmiúil i mí Iúil 2015. Bhí sé ar cheann de na príomhthiománaithe a bhí ag Éirchóid a thabhairt isteach an gá a bhí le déileáil leis na dúshláin a bhaineann le seoltaí neamh-uathúla in Éirinn. Áirítear leis sin deacrachtaí a bhí ag na seirbhísí éigeandála chun seoltaí a aimsiú mar gheall ar
35% de na haonaid mhaoine uile sa stát a roinneann seoladh le haonad maoine eile. Seo an figiúr is airde san ECFE agus tá tionchar diúltach ar leith aige ar dhaoine agus ar ghnólachtaí i gceantair thuaithe na hÉireann a bhfuil rochtain níos fearr ar earraí agus ar sheirbhísí ag teastáil uathu.
Ag labhairt dó inniu, dúirt an tAire McConalogue:
Ón am a seoladh an Córas Náisiúnta Cód Poist, Éirchód, tá a n-úsáid ag fás i gcónaí. Úsáidtear go forleathan é i measc an phobail, gnólachtaí agus na hearnála poiblí agus léiríonn taighde neamhspleách gur éirigh le 97% de na freagróirí Éirchód bailí a sholáthar le haghaidh a seoladh. Is cruthúnas breise é go n-úsáidtear Éirchóid go laethúil an úsáid leanúnach atá á baint as suíomh gréasáin Aimsitheoir Éirchóid, atá saor in aisce, agus a bhfuil 197 milliún cuardach faighte aige ó seoladh é. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Capita Business Support Services Ireland Limited as an obair iontach atá déanta acu maidir le hEirchóid a oibriú thar ceann an Stáit, agus táim ag tnúth lenár gcomhpháirtíocht leanúnach.
Dúirt Stiúrthóir Bainistíochta Capita Ireland, Gillian Chamberlain:
Agus muid ag comóradh deich mbliana d’Éirchóid a bheith ann, táim bródúil as an ról atá imeartha ag Capita i ndáil le seachadadh seirbhíse atá anois ina cuid riachtanach den saol laethúil in Éirinn." Tá luach Éirchóid cruthaithe ar fud na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha agus is fianaise í an chloch mhíle seo ar dhíograis ár bhfoirne agus ar neart ár gcomhpháirtíochta leis an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt. Táimid ag tnúth le rath leanúnach an bhonneagair náisiúnta ríthábhachtach seo a chinntiú.
Ó tugadh Eirchóid isteach 10 mbliana ó shin, tá dul chun cinn suntasach déanta i ndáil le cur i bhfeidhm Éirchóid ar fud na hearnála poiblí, na hearnála príobháidí agus i measc an phobail.
Ó seoladh é i mí Iúil 2015, bhí:
- 197.3 milliún cuardach ar an gCuardaitheoir
- 2 mhilliún meánchuardach míosúil & 24 milliún cuardach in 2024
- 41,624 seoladh Éirchóid sannta in 2024
- 38,851 seoladh Éirchóid sannta in 2022
- Fuair 299k seoladh Éirchóid ó seoladh iad
- Faoi dheireadh mhí na Bealtaine 2025, bhí 2651 eagraíocht ghnó agus Gníomhaireacht Stáit ag ceadúnú Éirchóid laistigh dá gcórais agus oibríochtaí gnó ar fud réimse leathan earnálacha, lena n-áirítear lóistíocht agus seachadtaí, fóntais, soláthraithe loingseoireachta satailíte, óstáin, teileachumarsáid mhiondíola, árachas, airgeadais agus loingseoireacht satailíte
Is suntasach an rud é, go gairid i ndiaidh sheoladh Éirchód, gur chomhtháthaigh an tSeirbhís Náisiúnta Otharcharranna (NAS) Éirchóid ina gcóras Seolta Ríomhchuidithe agus go spreagann siad daoine atá ag lorg otharcharr éigeandála go gníomhach a n-Éirchód a bheith ar fáil chun é a thabhairt don ghlacadóir glaonna.
CRÍOCH