Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ciste ar fiú os cionn €600,000 fógartha ag an Aire Stáit O Donovan do Comhar Naíonraí na Gaeltachta i nDún na nGall

  • Plean Stráitéiseach Comhar Naíonrai na Gaeltachta á sheoladh ag an Aire Stáit O’Donovan
  • Ciste €601,100 á cheadú do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta
  • Plean Teanga Limistéir Ghaeltacht Láir á sheoladh

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta, Patrick O’Donovan T.D., inniu agus é ar chamchuairt ar Dhún na nGall go bhfuil allúntas nach mó na €601,100 ceadaithe aige do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta (CNNG) don tréimhse 2022 - 2023 chun clár oibre atá comhaontaithe a fheidhmiú ar leas an phróisis pleanála teanga & an pholasaí don oideachas Gaeltachta 2017-2022 araon.

Ina theannta sin, tá Plean Straitéiseach atá aontaithe ag Bord Chomhar Naíonraí na Gaeltachta le haghaidh na hEagraíochta don tréimhse 3 bliana ó 2023 go dtí 2026 a sheoladh go hoifigiúil.

Cuireann Comhar Naíonraí na Gaeltachta seirbhísí ar fáil san earnáil luathbhlianta sa Ghaeltacht. Is iad príomh aidhmeanna na heagraíochta ná:

• Deis a thabhairt do gach páiste sa Ghaeltacht freastal ar sheirbhís luathoideachais nó cúram leanaí trí mheán na Gaeilge;

• Seirbhís luathbhlianta den scoth a chur ar fáil do phobal na Gaeltachta;

• Polasaithe an Stáit i leith na luathbhlianta a chur i bhfeidhm sa Ghaeltacht;

• Polasaithe an Stáit i leith na Gaeilge sa chóras oideachas luathbhlianta a chur i bhfeidhm;

• Sláinte agus Sábháilteacht an linbh a chinntiú mar aon le sábháilteacht na foirne oibre.

De thoradh ar an maoiniú breise seo, tiocfaidh fás ar an méid a bhaineann CNNG amach ar leas an réimse luathoideachais Gaeilge sa Ghaeltacht. Tacóidh an cúnamh breise seo leis an soláthar oideachais sna luathbhlianta a láidriú tuilleadh sna ceantair Ghaeltachta agus, dá réir, leis an ngealltanas atá tugtha sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 maidir le maoiniú agus acmhainní breise a chur ar fáil do naíonraí atá ann cheana féin, do naíonraí nua agus do shuíomhanna eile oideachais sna luathbhlianta.

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan:

“Le fógairt na dtacaíochtaí seo, tá céim mhór chun tosaigh tógtha a bheidh ar leas teaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo é sin a dhéanamh. De thoradh an mhaoiniú breise a bheith curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, beidh mo Roinn in ann cuidiú tuilleadh leis an earnáil agus i ndeireadh báire, le teaghlaigh óga na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn. De thoradh an méid seo, cuirfear go suntasach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga atá ag bailiú nirt anois ó cheann ceann na Gaeltachta.”

Seoladh an tAire Stáit Plean Teanga an Ghaeltacht Láir go hoifigiúil le linn a chuairte chomh maith.

Deir an tAire Stáit:

“Is cúis ceiliúradh don Phróiseas Pleanála Teanga agus do Limistéar an Gaeltacht Láir an plean Teanga seo a cheadú. Tréaslaím leis an gCeanneagraíocht as ucht an sár obair atá déanta acu chun ceadú an phlean seo a thabhairt go ceann scríbe. Tá sé soiléir go bhfuil dul chun cinn cuimsitheach déanta le ceadú an phlean seo. Ní gá a rá go bhfuilim féin agus mo chuid oifigigh agus oifigigh Údarás na Gaeltachta ag súil go mór le bheith ag leanúint orainn ag oibriú as lámh a chéile leis an gceanneagraíocht chun tacú le cur i bhfeidhm an phlean.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat