Cuireann an tAire Catherine Martin Fáilte roimh Thacaíocht don Earnáil Raidió Tráchtála i mBabhta Maoinithe Nua Údarás Craolacháin na hÉireann
- Foilsithe: 29 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Chuir an tAire Catherine Martin fáilte inniu roimh fhógra Údarás Craolacháin na hÉireann go gcuirfí €2.58m ar fáil don earnáil raidió tráchtála neamhspleách. Chuir an tAire Catherine Martin €2.5m ar fáil d’Údarás Craolacháin na hÉireann i mí na Nollag chuige sin.
Ag labhairt inniu, dúirt an tAire:
“Tá an-áthas orm gur chuir Údarás Craolacháin na hÉireann an babhta seo ar fáil mar thoradh ar an €2.5m a chuir mé ar fáil chun aitheantas a thabhairt do thábhacht earnáil an raidió in Éirinn, go háirithe ag leibhéal áitiúil. Beidh dhá fheidhm ag an mbabhta seo, ár n-earnáil raidió áitiúil agus régiúnach a thacú agus an pobal a choinneáil ar an eolas faoi scéal athraitheach COVID-19. Éisteann ceathrar as cúigear daoine fásta leis an raidió gach lá agus is meán luachmhar é, mar sin, chun saoránaigh a choinneáil ar an eolas faoi chúrsaí agus chun siamsaíocht a chur ar fáil dóibh.”
Agus í ag cur fáilte roimh an réimse leathan tionscadal atá ar siúl sna stáisiúin, dúirt an tAire:
“Bainfidh gach ceann de na 32 stáisiún raidió tráchtála ar fud na tíre tairbhe as fógra an lae inniu. Bainfidh an lucht féachana leas as an réimse leathan clár, nuair a chraolfar na tionscadail seo. Tá ríméad orm tacú leis an earnáil sa tréimhse dhúshlánach seo agus táim ag súil le héisteacht leis na tionscadail a chruthófar.”
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tógfaidh an tionscnamh seo ar bhearta eile a chuir an tAire Martin i bhfeidhm chun tacú leis an earnáil raidió neamhspleách le linn na paindéime, an €2.5m a cuireadh ar fáil don earnáil in 2020 chun tacú le gach stáisiún san áireamh. Fuair gach ceann de na 32 stáisiún tacaíochtaí sa bhabhta sin idir €40,000 agus €95,000.