Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh an gcéad imeacht chlub oíche le 18 mí anuas a bheidh ar siúl in The Button Factory anocht

Chuir an tAire Catherine Martin TD, an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, fáilte roimh an ócáid phíolótach chlub oíche a bheidh ar siúl in The Button Factory, Barra an Teampaill anocht (an 30 Meán Fómhair). Is é an chéad imeacht dá leithéid a bheidh ar siúl le níos mó ná 18 mí anuas.

Tá an ócáid, atá mar chuid de shraith imeachtaí píolótacha in earnáil na n-ealaíon agus an chultúir, á heagrú ag Hidden Agenda Ltd / District 8, i gcomhairle le Give Us The Night, baill lárnacha den Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche. Glacfaidh roinnt de na hÉireannaigh is cumasaí in earnáil an cheoil leictreonaigh páirt san ócáid. Beidh Cailín, R.Kitt, Sunil Sharpe, DART, Kelly Anne Byrne, Sim Simma, Breen, Cáit agus Sam Greenwood ann.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm tacú leis an ócáid phíolótach seo anocht. Is é seo an chéad imeacht chlub oíche faoi dhíon le níos mó ná 18 mí anuas agus is céim thábhachtach í agus muid ag ullmhú do níos mó gnólachtaí a athoscailt i mí Dheireadh Fómhair.

“Cuireann Tuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche, a foilsíodh níos luaithe an mhí seo, béim ar thábhacht earnáil an cheoil leictreonaigh agus chultúr na gclubanna. Creidim gur céim bheag chun tosaigh í seo chun tacaíocht a sholáthar don earnáil seo agus athoscailt á pleanáil acu, agus cuireann imeacht na hoíche anocht béim freisin ar thallann na ndaoine in earnáil cheoil leictreonaigh na tíre seo.

“Tá go leor dúshlán romhainn don earnáil léirithe beo, go háirithe i gcomhthéacs tar éis COVID-19, agus tá sé riachtanach go leanfaimid orainn ag foghlaim ó imeachtaí píolótacha cosúil leis an gceann seo. Tá an imeacht píolótach seo tábhachtach don tionscal seo chun cabhrú leis pleanáil le haghaidh athoscailt sábháilte iomlán ar an 22 Deireadh Fómhair, faoi réir chúrsaí sláinte poiblí."

Táthar ag súil go gcuideoidh an ócáid le lóistíocht thicéadú imeachta, dul isteach san ionad agus tionchar tástála antaigine agus aerála a phíolótú chun athoscailt shábháilte agus inbhuanaithe ó thaobh airgeadais earnáil na gclubanna oíche, atá leagtha amach faoi láthair sa phlean athoscailte don 22 Deireadh Fómhair, a chinntiú. Tagann an ócáid seo ag deireadh shraith imeachtaí píolótacha ceoil beo.

Beidh an lucht féachana go léir ina seasamh ag an seó, bunaithe ar thoilleadh 60% agus beidh cead ag lucht freastail iad féin a n-iompar mar is gnách laistigh de chlub.

Chun sábháilteacht lucht freastail, foirne agus ealaíontóirí a chinntiú, beidh réimse bearta rialaithe i bhfeidhm. Is iad seo a leanas cuid de na bearta a bheidh i bhfeidhm:

  • ní mór do gach duine a fhreastalaíonn ar an imeacht Teastas Digiteach COVID agus tástáil dhiúltach antaigine a sholáthar. Caithfidh lucht freastail freastal ar ionad tástála gar do The Button Factory inniu chun tástáil antaigine a dhéanamh
  • beidh sonraí teagmhála iomlána na ndaoine a fhreastalóidh ag teastáil do rianú teagmhálacha
  • caithfidh gach duine a fhreastalaíonn ar an imeacht masc a chaitheamh agus iad sa scuaine agus cuirfear i gcuimhne dóibh a gcuid masc a chur orthu arís agus clubanna á bhfágáil acu
  • uasmhéadófar an córas aerála agus déanfar monatóireacht ar leibhéil CO2 le linn na hócáide
  • déanfaidh eagraithe na hócáide agus bainistíocht an ionaid bainistíocht chúramach ar theacht isteach agus amach as an ionad