Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh dhul chun cinn sna hearnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

  • Achtú an Bhille um Rialáil Sábháilteachta agus Meán ar Líne
  • Seoladh Scéim Bun-Ioncaim do 2000 Ealaíontóir
  • Maoiniú Caipitil Spóirt €166.6m, an méid is airde riamh
  • Leanadh de mhaoiniú breise €30 milliún chun tacú le forbairt na turasóireachta agus le háiteanna nua turasóireachta
  • Maoiniú breise chun beocht ár bpobail Ghaeltachta a chinntiú san aois dhigiteach
  • Cainéal nua tiomnaithe do Pháistí le seoladh ar TG4
  • Bunófar Clár Ligean Gearrthéarmach do Thurasóirí trí reachtaíocht nua
  • Pacáiste tacaíochta don gheilleagar oíche
  • Leanfaidh Clár Éire Ildánach go dtí 2027
  • Maoiniú turasóireachta Aistriú Cóir na hÉireann/AE de €68 milliún do Lár na Tíre

Rinne an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, machnamh ar na príomhbhearta maoinithe agus ar fhorbairt bheartais a bhí mar bhonn faoi bhliain ina ndearnadh dul chun cinn iontach earnála in 2022.

Dúirt an tAire Martin:

“Chuireamar pacáistí tacaíochta láidre freagrúla i bhfeidhm dár n-earnálacha Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus iad ag aistriú go saol iar-phaindéimeach. Beidh inbhuanaitheacht chomhshaoil mar chuid lárnach den téarnamh seo in 2023. Beidh ról ríthábhachtach ag mo Roinnse chun a chinntiú go gcothóidh an t-aistriú go geilleagar carbóin níos ísle an chruthaitheacht, go leathnófar na féidearthachtaí do dhaoine in Éirinn dul i ngleic leis an dúlra trí bheartais inbhuanaithe spóirt agus turasóireachta, agus cinntíonn sé go dtabharfar tosaíocht d’fhorbairt inbhuanaithe sa Ghaeltacht.

“Is earnáil eacnamaíoch thar a bheith suntasach í an turasóireacht in Éirinn, a chruthaíonn fostaíocht agus ioncam do gach cearn den tír. Leanfaidh mo Roinnse agus mise ag obair go dlúth le Fáilte Éireann agus le Turasóireacht Éireann chun an bealach a leagan amach do na blianta atá romhainn. Fuarthas maoiniú breise €30 milliún leanúnach i mBuiséad 2023 chun tacú le forbairt turasóireachta sa bhaile agus chun cur leis an éileamh tosaigh turasóireachta a chonacthas i mbliana.

"Tá ról an-suntasach ag cultúr na hÉireann ina fhoirmeacha éagsúla – oidhreacht thógtha, na healaíona, forais chultúrtha, féilte agus imeachtaí spóirt – i dtairiscint turasóireachta na hÉireann agus tá siad i measc na bpríomhghnéithe a spreagann cuairteoirí idirnáisiúnta chun cuairt a thabhairt ar Éirinn.

"Bainfidh Turasóireacht Éireann leas as imeachtaí mar chluiche Peile Coláiste Aer Lingus idir Notre Dame agus Navy i Staid Aviva i mí Lúnasa seo chugainn, The Open i bPort Rois in 2025 agus Corn Ryder i Mainéar Áth Dara i gCo. Luimnigh in 2027 chun Éire a chur chun cinn thar lear. Chun cabhrú leis an iarracht téarnaimh inbhuanaithe fadtéarmach féachfaimid le leas a bhaint as acmhainneacht na spreagthaí seo trí thionscnaimh nua cosúil leis an gCuireadh.

"Príomhcheist sa Pholasaí Turasóireachta Náisiúnta nua is ea an méid a chuireann earnáil na turasóireachta le gealltanais bheartais náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le gníomhaíocht aeráide agus táim ag súil le Polasaí Turasóireachta Inbhuanaithe nua a sheachadadh an bhliain seo chugainn. D’fháiltigh mé freisin roimh dhréachtú an Bhille um Ligean Gearrthéarmach do Thurasóirí a cheadóidh úsáid chothrom agus éifeachtúil a bhaint as tithíocht atá ann cheana féin.

“Cuireann ár gCultúr agus na hEalaíona ár bhféiniúlacht mar náisiún in iúl. Ó thaobh an chultúir de, tógadh céim shuntasach chun cinn i mbliana nuair a cuireadh tús leis an scéim phíolótach bunioncaim cheannródaíoch, do 2000 ealaíontóir. Thug mé tús áite freisin d'athbheochan ár nGeilleagar Oíche le rolladh amach an Scéim Phíolótach Tacaíochta um Gheilleagar Oíche, tacaíocht d’fhéile iontach Haunted Dancehall sa Cheoláras Náisiúnta agus fógairt suíomhanna nua do Scéim Phíolótach Comhairleoirí Oíche.

"Bhí lúcháir orm freisin athfhorbairt shuntasach ar an gCeoláras Náisiúnta a fhógairt, chun an foras cultúrtha tábhachtach seo a chosaint don todhchaí do na glúnta ceoltóirí atá le teacht.

"Tá Clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022 tar éis ardán tuisceanach agus fiúntach a sholáthar maidir le rannpháirtíocht agus cuimhneamh na saoránach ar thréimhse shuaite inár gcuid staire.

"Lena linn sin, leanann an Chartlann Náisiúnta ar aghaidh ag cosaint agus ag caomhnú dhoiciméid ár staire, agus i mbliana chuir sí clár imeachtaí bríomhar agus spreagúil ar fáil – lena n-áirítear Taispeántas rathúil an Chonartha agus foilsiú dialanna Mhichíl Uí Choileáin.

“Maidir lenár n-earnáil Meán, chuireamar bonn reachtúil nua-aimseartha agus láidir faoin Rialachán Sábháilteachta agus Meán ar Líne i mbliana. Tosóidh an Coimisinéir um Shábháilteacht ag obair sna seachtainí atá romhainn, agus gníomhóidh an Coimisinéir mar rialtóir cumhachtach chun cuntasacht a chur i bhfeidhm san earnáil. Fógraíodh €7.5 milliún mar chuid de Bhuiséad 2023 chun cur ar chumas Choimisiún na Meán tús a chur leis an obair ríthábhachtach a bhaineann le sábháilteacht ar líne agus rialáil na meán. Tá maoiniú breise €7.3m á sholáthar freisin do TG4 do 2023, an méadú bliantúil is mó riamh don chraoltóir. San áireamh sa leithdháileadh méadaithe maoinithe tá soláthar €3.3m do bhunú Cúla4, cainéal tiomnaithe Gaeilge do pháistí a sheolfar ar TG4 mar chuid dá soláthar leanúnach de chláir Ghaeilge ar ardchaighdeán.

"I gcomhpháirtíocht le Roinn an Taoisigh, rinneamar maoirsiú freisin ar fhoilsiú na Tuarascála um Thodhchaí na Meáin agus bhíomar chun tosaigh i gcur i bhfeidhm mholtaí an Choimisiúin leis an Straitéis Forfheidhmithe agus an Plean Gníomhaíochta, a fhoilseofar ar an 21 Nollaig. Cuirfidh an Grúpa Teicniúil a bunaíodh chun scrúdú a dhéanamh ar athchóiriú ar an Táille Ceadúnais Teilifíse a dtuarascáil i dtoll a chéile i R1 2023.

"Tacóidh cruthú an Chiste Meán nua, mar a mhol an Coimisiún um Thodhchaí na Meán, le soláthar ábhar meán seirbhíse poiblí ardchaighdeáin, beag beann ar an ardán a sheachadtar air. Leithdháileadh €6m freisin i mBuiséad 2023 chun tacú le rolladh amach na Scéimeanna um Dhaonlathas Áitiúil agus Tuairisciú Cúirte. Beidh sé mar aidhm aige seo a bheith luachmhar go háirithe do na hionaid áitiúla agus réigiúnacha meán, agus comhlánaíonn sé na hathruithe ar CBL ar nuachtáin agus ar thréimhseacháin nuachta i bhformáid chlóite agus dhigiteacha araon a d'fhógair an tAire Donohoe.

“Tá an spórt ríthábhachtach dár bhfolláine, go fisiciúil agus go meabhrach agus treoraíonn croíphrionsabail na rannpháirtíochta agus an chomhionannais obair na Roinne. Cuidíonn an spórt le beocht a chur inár gcuid pobal agus cuireann sé lenár dtuiscint ar fhéiniúlacht, áit agus muintearas idir daoine. Bhí lúthchleasaí na hÉireann ar stáitse an domhain in 2022 thar raon leathan spóirt – ó rámhaíocht go lúthchleasaíocht agus gleacaíocht. Bhain foireann sacair na mban áit amach i gCorn an Domhain 2023 – cloch mhíle iontach agus thábhachtach.

"Tá ár n-oifigigh pholasaí ag obair go dian, i gcomhar le Spórt Éireann agus comhlachtaí eile ar fud na tíre, chun tacú leis an earnáil seo agus tacú léi le bearta agus cistí éifeachtacha polasaí. Tugadh an babhta is mó riamh den Chlár Caipitil & Trealaimh Spóirt chun críche i mbliana agus leithdháileadh maoiniú iomlán de níos mó ná €166.6m ar eagraíochtaí spóirt agus grúpaí pobail ar fud na tíre, agus seoladh máistirphlean nua do Champas Spóirt Éireann.

"In 2022 thugamar faoi chomhairliúchán poiblí maidir le hóstáil mórimeachtaí spóirt idirnáisiúnta agus tá torthaí an chomhairliúcháin sin ag cur le forbairt beartais don réimse sin. Tá na hullmhúcháin faoi lánseol freisin do Chluiche Clasaiceach Peile Coláiste Aer Lingus idir Notre Dame agus Navy in 2023 agus Cluiche Ceannais Shraith Europa in 2024. Ag breathnú níos faide romhainn táimid ag ullmhú chun Corn Ryder 2027 a óstáil in Áth Dara agus ar an 15 Samhain, chinn an Rialtas tacú le haighneacht an FAI maidir le réamhthairiscint do EURO 2028. Cuireadh an réamhthairiscint isteach agus tá obair fhairsing ar siúl lenár gcomhpháirtithe sa RA. Tá sé ar intinn againn an t-ábhar a thabhairt os comhair an Rialtais arís roimh spriocdháta UEFA Aibreán 2023 chun Sainchomhad Tairisceana Deiridh a chur isteach.

"Leithdháileamar €8 milliún i mBuiséad 2023 chun tacú le spórt ardfheidhmíochta, ciste nua oiliúna a fhorbairt, rannpháirtíocht a mhéadú ag gach leibhéal, agus an chéad straitéis snámha náisiúnta riamh in Éirinn a sheachadadh.

“Príomh-mhisean de chuid na Roinne seo is ea tacú leis an nGaeilge - a húsáid mar phríomhtheanga phobal na Gaeltachta a neartú agus an teanga a fhorbairt san aois dhigiteach. Bhain an Ghaeilge stádas iomlán amach mar theanga oibre in Institiúid an AE ag tús 2022 agus cuireadh fáilte mhór roimhe sin.

"Níos luaithe i mbliana, d’fhógair mo Roinn 400 scoláireacht coláistí Gaeilge d’iar-bhunscoileanna DEIS, as ciste de €400,000. Tá aidhm uileghabhálach ag an gciste seo tacú le cuimsiú sóisialta i gcomhthéacs na Gaeilge.

"I mí an Mheithimh, bunaíodh an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, agus d’fhógair mo Roinnse leithdháileadh beagnach €3.7 milliún don phróiseas pleanála teanga.

"Tháinig bunghnéithe d’Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i mbliana chomh maith, agus beidh tionchar forleathan acu chun todhchaí láidir a chinntiú dár dteanga. Foilsíodh Plean Digiteach don Ghaeilge le seachtainí beaga anuas chomh maith.

"Gabhaim buíochas le pobal na Gaeilge as tacú leis an reachtaíocht seo agus tá áthas orm go mbeidh sí chun leasa phobail na Gaeltachta agus go saibhreoidh sí ár sochaí ina hiomláine."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Martin:

“Tacóidh ár gcláir mhaoinithe agus tacaíochta le téarnamh agus teacht aniar eacnamaíoch agus ag an am céanna feabhsófar folláine an duine agus an phobail agus cosnófar ár n-oidhreacht uathúil chultúrtha, teanga agus spóirt do na glúnta atá le teacht.”

Nótaí

Seo thíos achoimre ar na príomhbhearta maoinithe agus na príomhfhógraí a rinne an Roinn le linn 2022.

An Turasóireacht

  • Maoiniú turasóireachta Aistriú Cóir na hÉireann/AE de €68 milliún do Lár na Tíre
  • Fógraíonn an tAire Martin agus Chambers sonraí Bhuiséad 2023 don Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
  • Tacaíonn an Rialtas le hÚcránaigh Óga in Éirinn trí na hEalaíona agus tríd an gCruthaitheacht
  • Tionscadail Turasóireachta, Éire Ildanach agus Gaeltachta le tacaíocht a fháil faoi Thionscnamh Oileán Comhroinnte an Rialtais
  • Óráid an Aire Martin ag Comhdháil Aeráide Fháilte Éireann
  • Bunófar Clár Ligean Gearrthéarmach do Thurasóirí trí reachtaíocht nua

An Spórt

  • Méadú mór maoinithe €52 milliún don Spórt chun soláthar a dhéanamh do théarnamh leanúnach na hearnála agus chun tacú le rannpháirtíocht leanúnach sa spórt agus san aclaíocht
  • Ráiteas maidir le réamhthairiscint a chur faoi bhráid UEFA tar éis preaseisiúint an chumainn pheile, Dé Céadaoin, an 16 Samhain
  • Aontaíonn an tAire Catherine Martin agus an tAire Gordon Lyons comhthairiscint Tour de France Thuaidh-Theas a lorg
  • Leithdháileadh €6.14m faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt
  • Seoltar Comhairliúchán Poiblí ar Óstáil Mhór-Imeachtaí Spóirt Idirnáisiúnta
  • Tacaíonn an Rialtas le Léiriú Suime an FAI i gcomhthairiscint EURO 2028 leis an RA (info)
  • Soláthraíodh €150m faoin gClár um Chaipiteal agus Trealamh Spóirt, an méid is mó riamh

Na hEalaíona agus An Cultúr

  • Fógraítear Faighteoirí an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche
  • Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona: Íoctar faighteoirí den chéad uair
  • Cabhróidh leasú ar Dhlíthe Ceadúnaithe agus tacaíocht bhreise le Geilleagar Oíche níos beoga, níos éagsúla agus níos oscailte a chruthú
  • Fógraítear maoiniú €5.2m do Chultúr Éireann le linn 2022
  • Caomhnófar cáipéisí a sábháladh ó thine Oifig na dTaifid Phoiblí in 2022
  • Seolann an Rialtas Scéim Phíolótach um Ioncam Bunúsach do na hEalaíona
  • Bronnann Éire Ildánach os cionn €1,000,000 ar thionscadail chruthaitheacha do dhaoine níos sine
  • Scéim deontais ‘atosaithe gnó’ nua €15m don earnáil fheidhmíochta beo
  • Fógraíonn an Taoiseach Micheál Martin, an Tánaiste Leo Varadkar agus an tAire Catherine Martin clár Dheich mBliana na gCuimhneachán 2022
  • Fógraíonn an tAire Catherine Martin agus an tAire Darragh O’Brien €6.6 mhilliún in 2022 do thionscadail údaráis áitiúil Éire Ildánach
  • Fógraíonn an tAire Martin pacáiste maoinithe €2m d’údaráis áitiúla in 2022, faoi Snáithe Pobail de Chlár Dheich mBliana na gCuimhneachán
  • Tugann an Rialtas tús áite do chuimsiú pobail trí shíneadh 5 bliana a chur le hÉire Ildánach
  • Fógraítear maoiniú €626,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta
  • Foilsiú an Achta um Fhorais Náisiúnta Cultuir (An Ceoláras Náisiúnta) (Leasú) 2022
  • Cuireann Éire Ildánach €551,000 ar fáil chun tacú le forbairt na dtionscal cruthaitheach
  • Seoltar Féile Bhróid Bhaile Átha Cliath 2022 le tacaíocht na Roinne don chlár cultúrtha
  • Cruinniú na nÓg 2022 – lá lán le gníomhaíochtaí cruthaitheacha saor in aisce do dhaoine óga
  • Fógraítear maoiniú €380,000 do Chultúr Éireann chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn go hidirnáisiúnta
  • Cuireann an Scéim um Chlárú Taibhiú Beo Áitiúil borradh faoi imeachtaí i mí an Mheithimh 2022
  • Scileanna Sláinte agus Folláine: Siompóisiam Náisiúnta faoi ról na cruthaitheachta agus na n-ealaíon i sláinte agus folláine ar siúl ar an 22 Meitheamh 2022
  • Fógraíonn an tAire iarratas pleanála d’athfhorbairt mhór i nGailearaí Ealaíne Crawford
  • Seolann an Rialtas Ciste Nua €3m um Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide
  • Digitiú Dhaonra 1926
  • Fógraíonn an Rialtas tionscadal athfhorbartha sa Cheoláras Náisiúnta
  • Maoiniú €2.7 mhilliún do chur chun cinn na nEalaíon ar fud an domhain
  • Céim stairiúil do thionscal scannán na hÉireann agus comhaontú comhléiriúcháin sínithe idir an Fhrainc agus Éire
  • Fógraíonn an tAire Martin go gceapfar Comhairleoirí Geilleagair Oíche do naoi mbaile agus gcathair phíolótacha
  • Sheol an tAire Martin agus an Taoiseach Stór Taifid Fíorúla na hÉireann
  • Chuir an tAire Martin agus an Taoiseach fáilte roimh chomhdháil náisiúnta ceithre lá i COC (Meitheamh) chun céad bliain ó tharla an Cogadh Chathartha a chomóradh agus comhdháil dhá lá i COBÁC (Nollaig) chun céad bliain ó bunaíodh an Stát a chomóradh.
  • Clár ‘Sábháilte le Cruthú’ chun tosaigh maidir le deireadh a chur le gnásanna díobhálacha san earnáil ealaíon ar mhaithe le gach oibrí ealaíon
  • Seolann na hAirí Donohoe agus Martin Creidmheas Cánach le haghaidh Cluichí Digiteacha

An Ghaeltacht

  • Fógraítear 400 scoláireacht coláiste Gaeilge d’iar-bhunscoileanna DEIS
  • Deontas Tosaithe €6,000 do Theaghlaigh Óstacha na gColáistí Samhraidh ar Fáil Anois
  • Ardú ceadaithe ag an Aire Stáit Chambers do Mhná Tí Earnáil na gColáistí Samhraidh sa Ghaeltacht
  • Tuairisc bhliantúil 2021 ar dhul chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge 2018-2022 seolta ag an Aire Stáit, Jack Chambers
  • Pacáiste maoinithe méadaithe €2,084,330 do Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad
  • Allúntas 3 bliana ar fiú sa bhreis ar €4m ceadaithe ag an Aire Martin agus ag an Aire Stáit Chambers do Scéim na gCúntóirí Teanga
  • Fógraíonn na hAirí Martin agus Chambers allúntas ar fiú beagnach €3.7m don phróiseas pleanála teanga i mbliana
  • Bunaítear an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge
  • Plean Digiteach don Ghaeilge seolta agus teicneolaíochtaí úra urlabhra agus teanga ar na bacáin

Na Meáin

  • Faigheann 10 dtionscadal teilifíse agus raidió maoiniú €2m chun earnáil an cheoil bheo a chur os comhair an phobail
  • Ciste nua €10.5m do theilifís agus raidió chun tacú le feasacht ar athrú aeráide, cheol beo agus chraoladh Gaeilge
  • Téann an tAire Martin ar aghaidh le dlí tábhachtach sábháilteachta ar líne chun rialtóir nua a bhunú
  • Faigheann 15 thogra raidió agus teilifíse €2 mhilliún do Chláir Ghaeilge
  • Ceapann an Rialtas Cathaoirligh nua ar Bhoird RTÉ agus TG4
  • Síníonn an tUachtarán Ó hUiginn reachtaíocht ríthábhachtach um Shábháilteacht agus Meáin ar Líne ina dlí
  • Faigheann 25 thionscadal raidió agus teilifíse €5 mhilliún do chláir a bhaineann le hathrú aeráide agus gníomhú ar son na haeráide

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat