English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin fáilte roimh sheoladh Chlár Eoraip Ildánach an AE 2021-2027 le buiséad €2.44 billiún chun tacú le hearnáil an Chultúir, an Chlosamhairc agus na Meán

Cuireann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán Catherine Martin T.D., fáilte roimh sheoladh Chlár Eoraip Ildánach an AE 2021-2027 le buiséad €2.44 billiún chun tacú le hearnáil an chultúir, an chlosamhairc agus na meán.

Dúirt an tAire Martin:

"Molaim d’earnáil an chultúir, an chlosamhairc agus na meán in Éirinn cur isteach ar na deiseanna maoinithe, comhpháirtíochta, oiliúna agus líonraithe a chuireann Clár Eoraip Ildánach 2021-2027 ar fáil. Ní thugann an Clár maoiniú amháin chun tacú le téarnamh agus inbhuanaitheacht na n-earnálacha seo atá ríthábhachtach dár sochaí, ach cuireann sé deiseanna tábhachtacha ar fáil chun comhoibriú níos dlúithe a dhéanamh le heagraíochtaí comhpháirtíochta ar fud na hEorpa. Cuireann sé áthas orm a fheiceáil, chomh maith, go bhfuil scéimeanna ann chun tacú le timpeallacht meán iolraíoch agus saor agus go leagtar béim ar chuspóirí trasghearrtha chun tacú le comhionannas inscne, glasú, uilechuimsitheacht agus éagsúlacht."

Is clár lárnach de chuid an AE é Clár Eoraip Ildánach. Tá sé mar aidhm aige comhoibriú ealaíne agus cultúrtha a chothú ar fud na hEorpa i réimsí na litríochta, an cheoil, na hailtireachta, na hoidhreachta cultúrtha, an dearaidh, na turasóireachta cultúrtha agus go leor réimsí eile, mar aon le scéim le haghaidh soghluaisteachta ealaíontóirí aonair. Tá sé mar aidhm aige freisin iomaíochas agus nuálaíocht earnáil closamhairc na hEorpa a fheabhsú trí thacaíocht do thionscadail, comhléiriúcháin, líonraí struchtúrtha, sraitheanna teilifíse ar ardchaighdeán, chomh maith le heispéiris chluichíochta agus réaltachta fíorúla. Tá scéimeanna ann chomh maith chun tacú le hoiliúint, dáileadh ábhar closamhairc agus forbairt lucht féachana.

Den chéad uair, cuirfidh Clár na hEorpa Cruthaithí 2021-2027 scéim i bhfeidhm agus eiseoidh sé glaonna ar earnáil na meáin nuachta, le béim ar litearthacht sna meáin, iolrachas, saoirse an phreasa agus iriseoireacht ardchaighdeáin a chur chun cinn. I measc na gcuspóirí atá fite fuaite sa chlár tá tiomantas do ghlasú, do chothromaíocht inscne agus d’uilechuimsitheacht.

Is féidir le heagraíochtaí Éireannacha iarratas a dhéanamh ar leas a bhaint as an maoiniú €300 milliún atá le leithdháileadh in 2021 ar scéimeanna sna hearnálacha cultúrtha, closamhairc agus meáin nuachta le rátaí cómhaoinithe AE do roinnt scéimeanna chomh hard le 80%.

Tá go leor éachtaí bainte amach ag Éirinn cheana féin trí chlár Eoraip Ildánach 2014-2020 agus bronnadh os cionn €13 mhilliún ar chuideachtaí closamhairc de chuid na hÉireann agus €5 mhilliún ar eagraíochtaí cultúrtha agus ealaíne.

I measc na bhfaighteoirí closamhairc bhí Cartoon Saloon do Wolfwalkers, Element Pictures do The Killing of a Scared Deer, Fantastic Films do Sea Fever agus Vivarium agus Léiriúcháin Dead Pan don tsraith teilifíse Dead Still. I measc na bhfaighteoirí cultúrtha agus ealaíne bhí ionad cultúrtha leanaí The Ark do The Big Bang Festival, Ballaí Phort Láirge do Mhúrmhaisithe do Phobail, Cuideachta Amharclainne Blue Teapot do Trasna na Líne agus Gailearaí Glucksman do Voyage Inside a Blind Experience.

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Martin: ‘Mholfainn go mór d’eagraíochtaí scrúdú a dhéanamh ar na scéimeanna éagsúla faoi chlár nua Eoraip Ildánach agus iarratas a dhéanamh ar an gClár seo a chuir buntáistí agus deiseanna ollmhóra ar fáil do go leor iarratasóirí rathúla de chuid na hÉireann roimhe seo.’

Tá an t-eolas go léir faoin gclár agus faoi na tacaíochtaí ar fáil trí Dheasc tiomnaithe na hÉireann d’Eoraip Ildánach - https://www.creativeeuropeireland.eu/


Notes

Clár Eoraip Ildánach 2021-2027

Is é Clár Eoraip Ildánach 2021-2027 príomhchlár an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an earnáil chultúrtha, chruthaitheach agus chlosamhairc, agus tá buiséad €2.44 billiún aige, méadú ó €1.47 billiún faoi chlár 2014-2020, roinnte ina thrí fho-chlár:

  • Clár an Chultúir chun tacú leis an earnáil chultúrtha agus chruthaitheach;
  • Clár na Meán chun tacú leis an earnáil chlosamhairc; agus,
  • Clár Tras-earnála chun tacú le deiseanna comhchoiteanna agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna don earnáil chultúrtha agus chlosamhairc. Tá na scéimeanna nua a cuireadh ar bun d’earnáil na meáin nuachta san áireamh sa Chlár Tras-earnála.

Príomhspriocanna Eoraip Ildánach

Is iad an dá phríomhsprioc atá ag Eoraip Ildánach ná chun

  • éagsúlacht chultúrtha agus teanga agus oidhreacht na hEorpa a chosaint, a fhorbairt agus a chur chun cinn.
  • iomaíochas agus acmhainneacht eacnamaíoch na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha a mhéadú, go háirithe an earnáil closamhairc

Príomhghnéithe Fho-Chlár an Chultúir

  • Tacaíocht do thionscadail chomhoibrithe chultúrtha, líonraí d’eagraíochtaí gairmiúla, ardáin chun ealaíontóirí agus saothair na hEorpa a chur chun cinn, scéim shoghluaisteachta aonair.
  • Tacaíocht shonraithe do cheol, do leabhair & d’fhoilsitheoireacht, d’oidhreacht chultúrtha agus d’ailtireacht chomh maith le hearnálacha eile.
  • Gníomhartha speisialta chun sármhaitheas agus cruthaitheacht a chúiteamh agus a chur chun cinn, cosúil le dámhachtainí don litríocht, don cheol, don ailtireacht agus don oidhreacht chultúrtha, Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, agus Lipéad Oidhreachta na hEorpa.

Príomhghnéithe Fho-Chlár na Meán

  • Tacaíonn scéimeanna um mhaoiniú closamhairc le: Comhfhorbairt Eorpach do Thionscadail Bheochana, Clár Faisnéise Cruthaithí nó Ficsin do Phictiúrlanna, Teilifís agus Ardáin Dhigiteacha; Féilte Scannán; Ábhar Teilifíse & Ar Líne; Margaí & Líonraí.

Príomhghnéithe an Fho-Chláir Thras-Earnála

  • Na meáin nuachta: tacú le litearthacht na meán, iriseoireacht ar ardchaighdeán, saoirse na meán agus iolrachas
  • Comhoibriú beartais trasnáisiúnta: eolas ar an gclár a chur chun cinn agus tacú le hinaistritheacht torthaí.
  • Saotharlanna Nuálaíochta Cruthaithí: cur chuige nuálach a chur chun cinn maidir le cruthú, rochtain, dáileadh agus cur chun cinn ábhair ar fud na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheachta.

Torthaí na hÉireann faoi chlár Eoraip Ildánach 2014-2020

An Cultúr

  • Faoin bhfo-chlár Cultúir, fuair 68 eagraíocht Éireannach a raibh baint acu le tionscadail chomhoibrithe maoiniú díreach os cionn €5 mhilliún.
  • Bhí eagraíochtaí cultúrtha na hÉireann i gcomhpháirtíocht le tionscadail le heagraíochtaí i 34 tír eile as 41 tír.
  • Reáchtáladh na tionscadail seo i ngach réigiún in Éirinn, ag plé le pobail áitiúla. Bhí réimse foirmeacha ealaíne sna tionscadail rathúla ar a áirítear na hamharcealaíona, damhsa, ceol, drámaíocht, litríocht, sorcas, ceardaíocht, dearadh agus oidhreacht chultúrtha.
  • I measc na mbuaicphointí bhí an tionscadal ealaíon sráide Múrmhaisithe do Phobail, faoi stiúir Chomhairle Chathair agus Chontae Phort Láirge; an tionscadal amharc-ealaíon atá lonnaithe i Luimneach Memory of Water leis an gcomhpháirtí Éireannach Teach Ormston; agus The Ark ag léiriú an chéad fhéile cheoil do dhaoine óga, le tionscadal mórscála The Big Bang.
  • Bhain ealaíontóirí aonair leas as chomh maith. Mar chuid de chlár CULTURE, bronnadh maoiniú ar 12 ealaíontóir aonair faoi Dhámhachtain Shoghluaisteacht Ealaíontóra i-Portunus, ag taisteal go dtí an Ghearmáin, an Phortaingéil, an tSeirbia agus an Danmhairg, agus ag obair sa drámaíocht, sna hamharcealaíona, sa damhsa, sa cheol, san ailtireacht agus sa chleachtas coimeádaithe.

Na Meáin

  • Idir 2014 agus 2020, tugadh níos mó ná €13 mhilliún do chomhlachtaí na hÉireann trí MEDIA, le maoiniú díreach ag dul do chomhlachtaí Éireannacha san earnáil scannánaíochta, cláir faisnéise, beochana, teilfíse agus físchluiche.
  • Chabhraigh dámhachtainí maoinithe MEDIA le hearnáil chlosamhairc na hÉireann fás agus idirnáisiúnú trí infheistíocht a dhéanamh i gcruthú thionscadail idirnáisiúnta trí na Scéimeanna Tacaíochta do Léiritheoirí, agus trí rochtain a thabhairt do ghairmithe na hÉireann ar mhargaí agus oiliúint idirnáisiúnta. Chonaic muintir na Mór-Roinne scannáin Éireannacha ar nós Float Like A Butterfly, Katie, The Killing of a Sacred Deer, agus The Breadwinner chomh maith a bhuí le tacaíocht dáileacháin MEDIA.
  • Infheistíodh beagnach €2 mhilliún den mhaoiniú seo i bhforbairt tacaíochtaí scannáin, teilifíse, físchluichí agus Rochtana Margaidh. Áiríodh air seo €500,000 do chuideachtaí Gaeltachta chun tionscadail scannáin agus teilifíse a fhorbairt.