Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Cuireann an tAire Martin síneadh ama leis an Scéim um Gheilleagar Oíche a Bhfuil Móréileamh uirthi

• Fógraíonn an tAire Catherine Martin an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche chun tacú le siamsaíocht seachbhuaice in ionaid ar fud na tíre

• Leithdháileadh €1.4 milliún sa bhreis chun tacú le siamsaíocht in amanna seachbhuaice chun líon na ndaoine a théann isteach inár gcathracha agus inár mbailte níos déanaí sa tráthnóna agus san oíche a mhéadú, rud a thugann an t-iomlán a leithdháileadh suas go €4m;

• Is féidir le tithe tábhairne, clubanna oíche, caiféanna agus áitribh oiriúnacha ceadúnaithe agus neamhcheadúnaithe eile iarratas a dhéanamh

• Beidh maoiniú ar fáil chun sraith gníomhaíochtaí cultúrtha a thriail (íosmhéid 4 imeacht), agus beidh uasdeontas €10,000 ar fáil in aghaidh gach iarratais

• Maoineofar imeachtaí mar cheol, ceol leictreonach san áireamh, greann, rince, litríocht, filíocht, léiriúcháin amharclainne, drámaí, ceardaíocht agus taispeántais ealaíne/grianghradóireachta

• Osclófar an Scéim seo le haghaidh iarratas ag 1 i.n. ar an 27 Iúil 2022 agus beidh sí ar oscailt go dtí 1 i.n. ar an 10 Lúnasa 2022 nó go dtí go n-ídítear an ciste, cibé acu is túisce a tharlóidh.

Inniu (27/07/22), chuir an tAire Catherine Martin síneadh ama leis an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche le hinfheistíocht bhreise €1.4m, rud a fhágann gur €4m an t-iomlán a leithdháileadh ar an Scéim seo. Cuirfear síneadh ama leis an Scéim go 12 i.n. ar an 10 Lúnasa nó go dtí go n-ídítear an maoiniú, cibé acu is túisce.

Seoladh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche ar an 22 Meitheamh chun maoiniú €2.6 milliún do thithe tábhairne, clubanna oíche, caiféanna agus áitribh cheadúnaithe/neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile a sholáthar chun tacú le soláthar siamsaíochta le linn uaireanta seachbhuaice. Is é aidhm na scéime ná líon na ndaoine a théann isteach inár gcathracha, bailte agus sráidbhailte a mhéadú chomh maith le gigeanna táille a sholáthar d’ealaíontóirí agus tairiscint oíche níos ailtéarnaí, níos éagsúla agus níos cuimsithí a chur ar fáil do chustaiméirí.

Tacaíonn an tionscnamh seo le dhá mholadh i dTuarascáil an Tascfhórsa um Gheilleagar Oíche. Bhí an-tóir ar an Scéim i measc lucht na hearnála agus úinéirí ionaid ar mhaith leo borradh a chur faoin nGeilleagar Oíche ina gceantair agus tá an tAire Martin tar éis an maoiniú atá ar fáil a mhéadú agus an Scéim a oscailt arís.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

Tá lúcháir orainn a fheiceáil go bhfuil éileamh an-mhór ar an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche. Chuir go leor gnólachtaí agus ionad atá ag feidhmiú sa Gheilleagar Oíche tograí nuálacha spreagúla isteach chun borradh a chur faoin ngníomhaíocht oíche inár gcathracha, inár mbailte agus sráidbhailte ar fud na tíre. Tá a fhios agam go raibh díomá ar go leor acu nuair a dúnadh an Scéim ach tá ríméad orm anois a bheith in ann síneadh ama a chur leis an Scéim le €1.4 milliún breise. Gabhaim buíochas leis na heagraíochtaí ionadaíocha earnála as a gcuid tacaíochta chun an Scéim seo a chur chun cinn”.

Dúirt an tAire Martin chomh maith:

“Tugann an Scéim seo deis do ghnólachtaí agus d’ealaíontóirí oibriú le chéile chun triail a bhaint as rud éigin nua agus féachaint cad a oibríonn dóibh féin agus dá gcustaiméirí. Tá súil agam go gcabhróidh sé seo le tairiscint oíche níos inbhuanaithe a thógáil ar fud na tíre.

Is féidir iarratas a dhéanamh ar an Scéim tríd an suíomh gréasáin tiomnaithe iarratais ó 12 i.n. inniu. Ní gá d’aon duine a chuir iarratas iomlán isteach agus a fuair admháil iarratas a dhéanamh arís.

Tabharfar cuireadh d’iarratais faoi dhá snáithe ar leith:

Snáithe A: Áitribh cheadúnaithe – tithe tábhairne, bialanna agus beáir fíona, clubanna oíche agus áitribh cheadúnaithe oiriúnacha eile a fheidhmíonn sa Gheilleagar Tráthnóna agus Oíche, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) le linn uaireanta seachbhuaice ón Luan go Déardaoin (gan an deireadh seachtaine san áireamh) ó 6 i.n. ar aghaidh.

Snáithe B: Áitribh neamhcheadúnaithe – caiféanna, lena n-áirítear caiféanna a bhféadfadh a n-áitreabh a bheith acu in asraon miondíola, beáir gan alcól, gailearaithe áitiúla agus áitribh neamhcheadúnaithe oiriúnacha eile, ar mhaith leo triail a bhaint as sraith imeachtaí/gníomhaíochtaí cultúrtha (ceithre imeacht ar a laghad) níos déanaí sa tráthnóna nó oíche ó 6 i.n., agus gealltanas á thabhairt a bheith ar oscailt go 9 i.n. sa tráthnóna ar a laghad, ón Luan go Domhnach.

Caithfidh na himeachtaí siamsaíochta/cultúrtha a bheith rannpháirtíoch nó léiritheach agus is féidir na himeachtaí seo a leanas a bheith iontu i measc imeachtaí eile:

• ceol beo, lena n-áirítear ceol, taibhiú leictreonach

• oícheanta coiméide

• damhsa léirithe nó imeacht rannpháirteach

• oícheanta litríochta nó filíochta

• léiriúcháin nó drámaí amharclainne

• imeachtaí ceardaíochta

• taispeántais ealaíne/grianghrafadóireachta

Forbraíodh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche i gcomhairle le hionadaithe ó earnáil an gheilleagair oíche.

Nóta d’Eagarthóirí

Osclaíodh an Scéim Tacaíochta um Gheilleagar Oíche le aghaidh iarratas ar an 21 Meitheamh 2022 le leithdháileadh maoinithe €2.6m. Dúnadh an Scéim ar an 20 Iúil mar gheall ar líon ard iarratas agus tá sí athoscailte anois le €1.4m sa bhreis, rud a fhágann gurb é an t-iomlán a leithdháileadh ar an Scéim seo ná €4m.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat