Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Deimhníodh le Comhairliúchán Poiblí go bhfuil an pobal go mór i bhfabhar an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona a chur ar bhonn Bhuan

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu príomhthorthaí comhairliúcháin phoiblí maidir le tionscnamh an Ioncaim Bhunúsaigh do na hEalaíona, ina léiríodh go bhfuil 97% den phobal i gcoitinne agus d’earnáil na n-ealaíon i bhfabhar an scéim a dhéanamh buan.

Fuarthas breis is 7,600 freagra ó dhaoine den phobal, agus fuarthas breis is 7,400 freagra ó ealaíontóirí nach raibh an íocaíocht á fáil acu. Chomh maith leis sin, rinne beagnach 75% de lucht faighte an ioncaim bhunúsaigh an suirbhé freisin.

Measann 47% den bhreis is 17,000 freagróir gur cheart faighteoirí a roghnú bunaithe ar riachtanas airgeadais, agus measann 37.5% de na freagróirí gur cheart iad a roghnú bunaithe ar theist/fiúntas ealaíne. Is fearr le 14% eile roghnú randamach.

Tá 50% de na freagróirí den tuairim go bhfuil an leibhéal reatha íocaíochta (€325) ceart go leor, agus tá 44% den tuairim go bhfuil sé ró-íseal. Ar an meán, dúirt freagróirí gur cheart go bhfaighidh ealaíontóirí an ioncam bunúsach go ceann 12 bliana, agus is é 5 bliana an meánluach don fhreagra seo.

Bhí an comhairliúchán poiblí ar oscailt ón 12 Lúnasa go dtí an 5 Meán Fómhair.

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chuir an dua air féin a chuid tuairimí a chur in iúl faoin scéim seo. Is dócha gurb é seo an freagairt is mó ar chomhairliúchán poiblí a rinneadh sa Roinn seo. Tá áthas orm gur daoine den phobal i gcoitinne sciar mór de na freagróirí, rud a léiríonn go bhfuil meas ar an scéim ní hamháin in earnáil na n-ealaíon ach i measc an phobail i gcoitinne freisin. Tá mo Roinnse i mbun anailíse faoi láthair ar an líon mór freagraí, d’fhonn tuarascáil maidir leis an gcomhairliúcháin phoiblí a ullmhú.”

Nótaí do na heagarthóirí:

Miondealú ar na bhfreagróirí

 

 

Freagraí

Cóimheas

duine den phobal

7686

44.73 %

ealaíontóir nach n-íoctar an ioncam bunúsach d'ealaíontóirí  leis (lena n-áirítear grúpa cóimheasa)

7422

43.19 %

ealaíontóir atá ag fáil an ioncaim bhunúsaigh d'ealaíontóirí faoi láthair

1459

8.49 %

ionadaí ó eagraíocht ealaíon

474

2.76 %

Freagra ar bith

101

0.59 %

ionadaí ó eagraíocht a throideann ar son cearta daoine faoi mhíchumas

42

0.24 %

Ar cheart an tIoncam Bunúsach do na hEalaíona a dhéanamh buan?

 

 

Freagraí

Cóimheas

Ba cheart

16736

97.39 %

Níor cheart

344

2.00 %

Freagra ar bith

104

0.61 %

Nuair a shuífear go bhfuil duine incháilithe, cén bealach ar cheart faighteoirí a roghnú? (freagra amháin)

 

 

Freagraí

Cóimheas

Ar bhonn riachtanais airgid

8090

47.08 %

Ar bhonn teiste/fiúntas ealaíne

6464

37.62 %

Go randamach

2455

14.29 %

Freagra ar bith

175

1.02 %

Maidir leis an leibhéal reatha íocaíochta (€325 in aghaidh na seachtaine) an gceapann tú: (freagra amháin)

 

 

Freagraí

Cóimheas

Go bhfuil sé ceart go leor

9188

53.47 %

Go bhfuil sé ró-íseal

7559

43.99 %

Go bhfuil sé ró-ard

312

1.82 %

Freagra ar bith

125

0.73 %

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat