Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Martin €1,461,587 i ndeontais chaipitil d’eagraíochtaí ealaíon agus cultúir

D’fhógair Catherine Martin, T.D., an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, bronnadh deontais chaipitil arbh fhiú níos mó ná €1.46m inniu d’aon eagraíocht ealaíon agus cultúir déag as uasghrádú agus forbairt a gcuid áiseanna. Cuirfear an maoiniú seo ar fáil faoi Shruth B den Scéim Chaipiteal Chultúrtha 2019-2022 atá mar chuid de scéim infheistíochta caipitil €4.7m ar an iomlán i mbonneagar na n-ealaíon agus an chultúir ar fud na tíre.

Tá an maoiniú á chur ar fáil faoin bPlean Náisiúnta Forbartha, Tionscadal Éireann 2040. Leagann Ag infheistiú inár gCultúr, Teanga & Oidhreacht 2018 - 2027, amach cuspóirí an Rialtais maidir le hinfheistíocht chaipitil i gcultúr, teanga agus oidhreacht na hÉireann. Mairfidh an Scéim Chaipiteal Cultúrtha 2019-2022 ar aghaidh go dtí 2022 agus díreoidh sí ar ionaid ealaíon agus cultúir ar fud na tíre a fheabhsú.

Ag teacht le gníomh an Rialtais maidir le hathrú aeráide, tugann an scéim seo tosaíocht do thionscadail a laghdaíonn lorg carbóin eagraíochta a mbeidh tionchar dearfach acu ar an gcomhshaol. Tabharfar tús áite freisin do thionscadail a chuireann áiteanna breise ar fáil d’ealaíontóirí agus do léiriú ealaíonta, go háirithe in ionaid ealaíon. Tógann an Scéim nua seo ina bhfuil ceithre shruth maoinithe ar leithligh, ar rath na hiar-Scéime Chaipiteal Ealaíon agus Cultúir 2016-2018.

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm a bheith in ann an maoiniú seo a bhronnadh inniu ar na heagraíochtaí ealaíon agus cultúir seo. Tugann an scéim chaipitil seo tosaíocht do thionscadail a laghdaíonn lorg carbóin eagraíochta. Tá sé seo ag teacht le gníomh an Rialtais maidir le hathrú aeráide agus tá áthas orm go mbeidh tionchar dearfach ag an maoiniú ag cuid de na tionscadail seo ar an gcomhshaol. Tabharfar tús áite freisin do thionscadail a chuireann áiteanna breise ar fáil d’ealaíontóirí agus do léiriú ealaíonta, go háirithe in ionaid ealaíon.

Tá sé mar aidhm ag an infheistíocht seo i réimse áiseanna éagsúla ar a áirítear ionaid ealaíon, amharclanna, dánlanna, músaeim, chomh maith le stiúideonna ealaíontóirí agus spásanna cruthaitheacha, eispéireas an lucht féachana agus an eispéireas cruthaitheach a fheabhsú agus na háiseanna a uasghrádú. Cinnteoidh an pacáiste maoinithe seo ar an iomlán go gcosnófar agus go gcothófar infheistíocht a cuireadh sna hionaid ealaíon agus cultúrtha seo cheana féin.

Tagann an maoiniú atá á fhógairt inniu i ndiaidh mo leithdháileadh maoinithe níos luaithe faoin Scéim seo i mí na Nollag mar aon le maoiniú do spásanna oibre d’amharcealaíontóirí agus maoiniú Sruth D atá le haghaidh oiriúnuithe caipitil nó trealamh atá riachtanach chun cabhrú le heagraíochtaí ealaíon athoscailt go sábháilte tar éis COVID -19 go sonrach. Ag cur an mhaoinithe a fógraíodh inniu san áireamh, bronnadh €2.5m ar an iomlán faoin Scéim seo. Fógrófar tuilleadh maoinithe faoin Scéim seo in am trátha. Guím gach rath ar na háiseanna ealaíon agus cultúir seo sa todhchaí”.

Nótaí

Seo a leanas na haon tionscadal déag a gheobhaidh maoiniú faoi fhógra an lae inniu:

Dámhachtainí faoi Shruth B den Scéim Chaipiteal Cultúrtha 2019-2022

Deontaí Contae Méid an Deontais €
Ionad Ealaíon agus Cultúrtha na Mainistreach Dún na nGall €88,000
Fondúireacht Alfred Beit Baile Átha Cliath €80,000
Comhlacht Bhainistíocht Amharclainne an Ghrianáin Dún na nGall €290,299
Axis (Ballymun Arts and Community Resource Centre CLG) Baile Átha Cliath €73,959
Barker Arts Centre CLG (t/a Garter Lane Arts Centre) Port Láirge €196,857
Ionad Ealaíon an Droichid €70,000
Firkin Crane CLG Corcaigh €79,476
Comhairle Chathair na Gaillimhe Gaillimh €179,893
Comhairle Chontae Lú (Ionad Ealaíon na Tána) €72,929
Royal Hibernian Academy Baile Átha Cliath €74,767
Watergate Theatre Co Ltd Cill Chainnigh €255,407
Iomlán €1,461,587

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat