Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Martin maoiniú do Mhionfhéilte Áitiúla agus do Mhionscoileanna Samhraidh

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán leithdháileadh maoinithe €122,045 inniu do 34 imeacht chun tacú le Mionfhéilte Áitiúla agus Mionscoileanna Samhraidh a reáchtálfar ar fud na hÉireann in 2022.

Dearadh an scéim chun cabhrú le himeachtaí cultúrtha áitiúla nach mbeadh incháilithe faoi chritéir mhaoinithe d’imeachtaí níos mó cosúil leo siúd a dtugann Fáilte Éireann, an Chomhairle Ealaíon agus comhlachtaí cosúil leo tacaíocht dóibh. Glacfar le hiarratais go dtí an 22 Aibreán 2022. Leithdháileadh maoiniú tar éis phróiseas iomaíoch iarratais, agus tá uasdeontas €5,000 ar fáil.

Tá liosta na n-iarratasóirí a gheobhaidh maoiniú thíos:

Ag labhairt inniu, dúirt an tAire Martin:

“Tá an-áthas orm tacú le Scéim na Mionfhéilte Áitiúla agus na Mionscoileanna Samhraidh i mbliana. Cuireann an cultúr agus na healaíona go mór lenár saolta agus lenár bpobal.

Cuireann na tionscadail seo go mór le forbairt agus le cur chun cinn thairiscint turasóireachta cultúrtha na hÉireann, ar mhaithe le turasóirí intíre agus ón gcoigríoch araon. Tréaslaím le agus guím gach rath ar na heagraithe agus tá súil agam go mbainfidh an lucht freastail taitneamh as na himeachtaí.”

Iarratasóir Cur síos ar an Tionscadal Contae Maoiniú a leithdháileadh
Scoil Samhraidh Mhíchíl Uí Chléirigh Scoil samhraidh a dhéanann comóradh ar shaol agus ar éachtaí Mhíchíl Uí Chléirigh agus a chuid comhghleacaithe, baill eile ‘The Four Masters” Dún na nGall €5,000
Féile Amhránaíochta Dhrom Dhá Liag Sraith ceolchoirmeacha ina léireofar na hamhránaithe is fearr ó Éireann agus ón iasacht. Corcaigh €5,000
CCÉ an Ghoirt Chroim Ag cur scoth cheoltóirí traidisiúnta Mhaigh Eo ar stáitse i gceolchoirm agus ag reáchtáil ceachtanna ceoil do thosaitheoirí Maigh Eo €5,000
Mol Cruthaitheach Choill an Chollaigh Sraith ceardlanna treoraithe agus seisiúin ‘plein air’ ina úsáidfear roinnt teicnící cruthaitheacha éagsúla (péint, teicstíl, grianghrafadóireacht, an focal scríofa, srl.) Reáchtálfar taispeántas le linn Sheó-Thaispeántas Samhraidh 2022 ag an am céanna is a bheidh Féile Lár an tSamhraidh Choill an Chollaigh ar siúl An Cabhán €3,045
Comhairle Phobail Chlais Mhór (Féile Mochua) Féile trí lá ina ndéantar ceiliúradh ar oidhreacht agus ar chultúr Chláis Mhór Port Láirge €5,000
Parnell Society (Avondale Trust) New beginnings: Parnell Autumn School Baile Átha Cliath €4,000
Féile Litríochta Loch Gorman Athléiriú Chath Inis Córthaidh ar an 1 Iúil 1922 (Snáithe ar leith ar aon lá amháin) Loch Garman €3,000
Scoil Samhraidh Cheoil Dhún na nGall Clár leathan de cheardlanna ceoil agus disciplíní cruthaitheacha gaolmhara a sheachadfaidh teagascóirí oilte, ag críochnú le léirithe ag an deireadh seachtaine. Dún na nGall €5,000
Not Your Average Hooley (NYAH) A Festival of Connection: Tabharfaidh seisear ceoltóirí, amhránaithe & rinceoirí cuairt ar Sé Theach Altranais/Cúraim sa Chabhán An Cabhán €2,600
Féile Staire Iarthar Chorcaí Imeacht hibrideach digiteach/ar an láthair. Beidh dhá théama sa chlár seo: Éire in 1922 agus 175 bliain ó ‘47 an Bhróin Corcaigh €2,000
Comhairle Phobail an Dúrais agus a Cheantar Féile Samhraidh Dúrais - Ceiliúradh ar Oidhreacht Phobail agus Chultúir Corcaigh €5,000
Ionad Ealaíon agus Oidhreachta Bhaile Átha an Rí ATHENRY MUSIC. ARTS. DRAMA (M.A.D.) FESTIVAL - Féile ildisciplíneach pobail a bhfuil sé mar chuspóir aici clár ealaíon cuimsitheach agus inrochtana a sholáthar do chách. Gaillimh €5,000
Músaem Scríbhneoirí Chiarraí Féile Idirnáisiúnta Scéalaíochta Lios Tuathail 2022 Ciarraí €5,000
Cumann Yeats Shligigh 63ú Scoil Samhraidh Idirnáisiúnta Yeats Sligeach €5,000
Oidhreacht Bhaile Átha Í 22nd Shackleton Autumn School/Festival Hybrid Cill Dara €4,500
Féile Imeallach Bhéal an Átha Féile na nEalaíon Beag ina mbeidh amharc-ealaíona, ceol beo, drámaíocht, ealaín na bpáistí agus ealaín sráide Maigh Eo €5,000
Creative Spark Is féile ealaíon, oidhreachta agus chultúir í SEEK a bhfuil sé mar aidhm aici roinnt de na healaíontóirí múrphictiúr agus ealaíontóir uirbeacha is fearr ar domhan a mhealladh go Dún Dealgan An Lú € 5,000
Ceardaíocht agus Dearadh Chorcaí Clár imeachtaí 31 lá a reáchtálfar le linn mhí Lúnasa. Tá liosta cuimsitheach deiseanna oideachasúla sa chlár seo ó dhisciplíní éagsúla ceardaíochta ó cheardaithe agus ó fhiontair cheardaíochtaí ar fud na tíre. Sa chlár oideachasúil beidh: ceardlanna, taispeántais, caintanna ealaíontóra, máistir-ranganna agus turais amharc-ealaíon. Corcaigh € 5,000
Brainse Mhuinchille, Comhaltas Ceoltóiri Éireann Reáchtálfar an 15ú Féile Bhliantúil Cheoil Thraidisiúnta chun comóradh a dhéanamh ar Gerry Whelan i Muinchille, Co. an Chabháin ar an deireadh seachtaine an 9/10/11 Meán Fómhair 2022. An Cabhán €1,000
Féile Liam O'Flynn Ceiliúradh bliantúil ar tharraingteacht fhairsing chultúrtha agus cheoil Chontae Chill Dara le béim láidir ar cheol traidisiúnta Cill Dara € 5,000
Féile Cheoil Larry Reynolds Deireadh seachtaine lán le ceol, ealaíona agus oidhreacht na hÉireann chun grá Reynolds do chultúr agus d’oidhreacht oirthear na Gaillimhe a choinneáil beo. Gaillimh € 5,000
Carndonagh Traders Association CLG (Live at the Marquee) Féile cheoil agus teaghlaigh ceithre lá ina ndéantar ceiliúradh ar ealaíontóirí agus ceoltóirí áitiúla agus ina reáchtáltar ceardlanna leanaí Dún na nGall €3,500
Féile Cheoil Tíre agus Thraidisiúnta Bhéal Átha Seanaidh Seisiúin bhríomhara i dtithe tábhairne, siamsaíocht sráide, ceardlanna, comórtais bhuscála agus céilithe Dún na nGall €5,000
Fondúireacht Oidhreacht Mhíleata na hÉireann (The Speaker Connolly Summer School) Fondúireacht a thógáil chun éagsúlacht, féiniúlacht agus athmhuintearas na hÉireann a fhiosrú trí mheán taifeadta scannán go príomha agus ardáin ilmheán ar nós YouTube. Chomh maith leis an imeacht ar an láthair, craolfar an scoil samhraidh arís saor in aisce. Cill Dara €3,150
Féile Ealaíon an Chabháin Is féile ealaíon ildisciplíneach nuálach atá ag teacht chun cinn í Féile Ealaíon an Chabháin. Tá ealaíona, ealaíona faoin aer, obair shainsuíomh & obair “dochatagóirithe” sa chlár. An Cabhán €3,500
Muckno Mania Festival Féile ealaíon agus cultúrtha trí lá a chuireann rannpháirtíocht shaor in aisce an phobail sna healaíona, sa chultúr agus i ngníomhaíochtaí fóillíochta chun cinn. Muineachán €2,500
Forbairt Phobail Theach Solais ÓMÓS - Féile Chultúrtha An Cabhán €2,500
Comhaltas Aimiréal de Brún, Ceathrú na Líne (Deireadh Seachtaine Traidisiúnta Cheathrú na Líne) Ceithre cheardlann ag druidim le Deireadh Seachtaine Traidisiúnta Cheathrú na Líne Maigh Eo €2,500
Comhaltas na Cathrach Seó Samhraidh - leathnú ar an gclár atá ann cheana. Tugadh cead d’ocht seó chun cur leis na himeachtaí ceoil i mbliana agus níos mó amhránaíochta agus damhsa a thabhairt isteach. Tiobraid Árann €1,250
Féile Lár an tSamhraidh Choill an Chollaigh & Imeachtaí Baile Féile Phobail Sráide aon lá chun tacú le healaíontóirí, ceoltóirí agus siamsóirí áitiúla An Cabhán €2,000
Cumann Cairde Cholmcille (Féile Cholmcille) Féile aon lá de chainteanna, siúlóidí agus ceol chun ceiliúradh a dhéanamh ar Shlí Cholmcille An Mhí €3,000
Deireadh Seachtaine Ealaíon Chionn tSáile Iarraidh ar ealaíontóirí óga clár a phéinteáil ar fhoirgnimh nach bhfuil in úsáid ar fud an bhaile i stíl chomhaimseartha, uathúil agus oiriúnach d’fhéile sráide Corcaigh €1,000
Féile Scannán Phort Láirge 3 chomórtas bhliantúla sa scannánaíocht, scríbhneoireacht scripte agus grianghrafadóireacht Port Láirge €1,000
Mullahoran GFC Féile Cheoil Tíre a reáchtálfar thar trí oíche An Cabhán €1,000
Iomlán €122,045

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat