Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Patrick O’Donovan ceapachán an Dr Moling Ryan mar Stiúrthóir Eatramhach na Comhairle Ealaíon

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, inniu go bhfuil an Dr Moling Ryan ceaptha mar Stiúrthóir Eatramhach ar an gComhairle Ealaíon.

Is iar-Phríomhfheidhmeannach ar an mBord um Chúnamh Dlíthiúil é an Dr Ryan, post a bhí aige ar feadh 10 mbliana. D’fhóin sé ina dhiaidh sin mar Stiúrthóir Eatramhach agus Príomhfheidhmeannach ar Ard-Mhúsaem na Nua-Ealaíne in Éirinn ar feadh tréimhse 15 mhí suas go dtí Márta 2019 agus mar chomhairleoir don Cheoláras Náisiúnta. Bhí sé ina Stiúrthóir ar Acmhainní Daonna agus Bainistíocht Athraithe sa tSeirbhís Chúirteanna ar feadh 5 bliana freisin agus d’oibrigh sé roimhe seo i roinnt Ranna Rialtais i réimsí beartais agus oibríochtúla araon, lena n-áirítear an Roinn Ealaíon, Cultúir agus na Gaeltachta ag an am. Ghlac sé róil chomhairliúcháin in oifigí agus i Ranna Rialtais agus bhí sé ina bhall den Údarás Póilíneachta ar feadh 8 mbliana.

Mairfidh an ceapachán ar feadh tréimhse suas le dhá mhí dhéag nó go dtí go n-earcófar Stiúrthóir buan trí phróiseas earcaíochta iomaíoch trí Publicjobs.

Agus é ag labhairt inniu, dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

Tá an-áthas orm go bhfuil duine den scoth, a bhfuil an oiread sin taithí aige agus atá ag an Dr Moling Ryan, tar éis dul i mbun poist mar Stiúrthóir Eatramhach ar an gComhairle Ealaíon. Tá méadú 75% tagtha ar mhaoiniú don Chomhairle Ealaíon le blianta beaga anuas go €140m in 2025. Is infheistíocht an-suntasach í seo ón Rialtas thar ceann an cháiníocóra chun tacú le healaíontóirí agus chun na healaíona a fhorbairt in Éirinn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Ryan as an ról tábhachtach seo a ghlacadh, ról a choinneoidh cobhsaíocht don Chomhairle Ealaíon go dtí gur féidir Stiúrthóir buan a earcú.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhairle Ealaíon, Maura McGrath:

Táim ag tnúth le bheith ag obair le Moling agus táim ag súil go mbeidh a chuid eolais agus taithí fairsing fíorluachmhar don Chomhairle Ealaíon ag an am seo. Thar ceann an Bhoird, ba mhaith liom fáilte chroíúil a chur roimh Moling agus gach rath a ghuí air ina ról nua.

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat