English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin maoiniú €2 mhilliún do chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin TD, maoiniú Chultúr Éireann de bheagnach €2 mhilliún do chur chun cinn ealaíona na hÉireann ar fud na cruinne in 2022. Tacóidh an maoiniú le healaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon agus ionaid chultúrtha na hÉireann thar lear chun imeachtaí ailtireachta, damhsa, scannánaíochta, litríochta, ceoil, amharclainne agus amharcealaíon a chur i láthair ar ardán idirnáisiúnta.

Agus na dámhachtainí á bhfogairt aici, dúirt an tAire Martin:

“Tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag tacú lenár n-ealaíontóirí agus iad ag obair chun a gcuid oibre a chur i láthair ar fud an domhain ar bhealaí nua agus nuálacha. Tá lúcháir orm go gcuideoidh maoiniú Chultúr Éireann a fógraíodh inniu le healaíontóirí na hÉireann lucht féachana ar fud an domhain a mhealladh, ar an láthair nuair is féidir agus filleadh ar naisc chultúrtha a dhéanamh agus lucht féachana ealaíona na hÉireann a thógáil”.

Tá maoiniú iomlán €1.47m san áireamh sna dámhachtainí chun ealaíona na hÉireann a chur chun cinn trí chomhaontuithe bliantúla do 2022 idir Cultúr Éireann agus eagraíochtaí comhpháirtíochta, Litríocht Éireann, First Music Contact agus Institiúid Idirnáisiúnta Scannán na hÉireann, chomh maith le dhá cheann de phríomhionaid chultúrtha na hÉireann, Center Culturel Irlandais, Páras agus Ionad Ealaíona na hÉireann, Nua Eabhrac.

Tá sé i gceist ag an dá ionad chultúrtha bliain speisialta a cheiliúradh in 2022 agus díreofar maoiniú ar a gcláir bhliantúla d’ealaíontóirí Éireannacha a chur i láthair.

Cuirfear clár Ionad Ealaíona na hÉireann i láthair ina spás athfhorbartha den chéad scoth i Nua Eabhrac agus déanfaidh Center Culturel Irlandais i bPáras ceiliúradh ar chomóradh 20 bliain a bhunaithe.

Cuirfidh maoiniú Litríocht Éireann ar chumas na heagraíochta leanúint lena hobair thábhachtach chun tuiscint idirnáisiúnta a thógáil ar litríocht chomhaimseartha na hÉireann, go príomha trí thacaíocht d’aistriúcháin ar shaothair scríbhneoirí na hÉireann agus freastal ar aontaí leabhar idirnáisiúnta.

Tugadh cuireadh d’Éirinn a bheith mar phríomhpháirtí ag The Great Escape in Brighton in 2022 a bheidh mar chuid de thaispeántas First Music Contact de cheoltóirí Éireannacha ag príomhimeachtaí domhanda an earnáil ceoil idirnáisiúnta. Tá sé beartaithe ag Institiúid Idirnáisiúnta Scannán na hÉireann scannáin na hÉireann a thabhairt ar ais chuig pictiúrlanna an domhain agus cláir hibrideacha a chur i láthair chun scannáin na hÉireann a chur i láthair ar líne de réir mar is gá, ag tógáil ar chlár 2021 le himeachtaí i 52 cathair agus 34 tír go dtí seo.

Cuirfear €393,700 den mhaoiniú san iomlán ar fáil chun 47 tionscadal ealaíne aonair a chur i láthair a chlúdóidh scannán, litríocht, ceol, drámaíocht agus na hamharcealaíona i 15 tír ar fud an domhain. Cuimsíonn sé seo turais SAM roinnt bannaí traidisiúnta Éireannacha mar We Banjo 3, Lunasa, Goitse agus The Jeremiahs thar thréimhse Lá Fhéile Pádraig, chomh maith le clár láidir ceoltóirí Éireannacha ag Celtic Connections i nGlaschú i mí Eanáir.

Freastalóidh roinnt foilsitheoirí ar Aonach Leabhar Leanaí Bologna tar éis dhá bhliain gan a bheith ann le láithreacht na hÉireann faoi stiúir Leabhair Pháistí Éireann idir an 21 agus an 24 Márta 2022.

Déanfar leathnú idirnáisiúnta ar thaispeántas Entanglement le hAnnex na hÉireann ag Biennale Ailtireachta na Veinéise, trína chur i láthair i mí Eanáir i mBeirlín ag Transmediale. Léireofar taispeántas de shaothar Richard Mosse ag an Kunsthalle Bremen, Bremen, an Ghearmáin den chéad uair chomh maith ó dheireadh mhí an Mhárta go dtí deireadh mhí Iúil 2022.

Féach ar www.cultureireland.ie i gcomhair liosta iomlán na dtionscadal a fuair tacaíocht.