Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí O’Donovan agus McConalogue sonraí Bhuiséad 2026 don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt

  • Méadú buiséid bliain ar bhliain de €131
  • Méadú €81m i gCaiteachas Caipitil agus €50m breise i gCaiteachas Reatha
  • Foráil maidir le scéim comharba buan leis an Scéim Phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona, faoi réir cheadú an Rialtais, ag oscailt d’iarratais sa chéad leath de 2026
  • Oibreacha suntasach ar an gCartlann Náisiúnta agus Gailearaí Crawford
  • Coigeartú le hAlt 481 maidir le VFX
  • €3m don FAI chun tacú le hacadaimh Sraith na hÉireann
  • Maoiniú TG4 méadaithe chuig os cionn €65m le soláthar do sheirbhís nuachta digiteach nua
  • An leithdháileadh caipitil is mó riamh de €433m le tacú le cur i gcrích an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda
  • Maoiniú breisithe de €15m sa bhliain do Líonra na nOifigí Poist, faoi réir cheadú an Rialtais

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan TD, agus an tAire Stáit le freagracht as Beartas Spóirt agus Poist, Charlie McConalogue, TD, inniu (7 Deireadh Fómhair) sonraí maidir le maoiniú €1,514,678,000 arna leithdháileadh don Roinn i mBuiséad 2026 ina bhfeicfear méaduithe i ngach réimse le méadú 9.5% ar an iomlán ar fud na Roinne.

Tá maoiniú do 2026 ag méadú i ngach réimse faoin Roinn fad is a leanann tacaíochtaí do ghníomhaireachtaí in earnálacha ag fás. Trí Bhuiséad 2026 beifear in ann leanúint le tacaíochtaí tábhachtacha in earnálacha na nEalaíon agus na Meán, fad is a sheachadtar tionscadail uaillmhianacha feadh earnálacha na Cumarsáide, an Spóirt agus inár nInstitiúidí Cultúrtha Náisiúnta.

Dúirt an tAire Patrick O’Donovan:

Déanann mo Roinn forbhreathnú ar earnálacha ina bhfuil fás ollmhór feicthe le blianta beaga anuas, agus bíonn a dhúshláin féin ag baint leis sin. Is é an tosaíocht atá agam mar Aire a chinntiú go bhfuil na hearnálacha Ealaíon agus Cultúir, Cumarsáide, Meán agus Craolacháin athléimneach, inbhuanaithe, ag síneadh chun tosaigh agus inrochtana. Chun é sin a dhéanamh, is gá dúinn acmhainneacht a fhorbairt i ngach réimse faoi mo shainchúram.

Cothóidh agus méadóidh Buiséad 2026 maoiniú feadh raon leathan príomhthionscnamh. Tiocfaidh deireadh in 2026 leis an scéim phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona, ar chuir mé síneadh léi i mbliana, agus tabharfaidh mé scéim comharba chuig an Rialtas agus é mar rún agam bunioncam buan a leabú in earnáil na nEalaíon agus an Chultúir. Tá an domhan in éad leis an scéim seo, is éacht iontach í d’Éirinn, agus is gá dúinn a chinntiú go seasfaidh sí an aimsir agus go bhfuil sí inbhuanaithe.

Leanann an tacaíocht don Chomhairle Ealaíon, do Chultúr Éireann agus do Éire Ildánach. Méadaíodh maoiniú Fís Éireann, le tacú lena gcuid oibre chun ceann scríbe iomaíoch a dhéanamh d’Éirinn do léirithe thionscal an scáileáin. Fáiltímid freisin roimhe bhearta nua a d’fhógair an tAire Donohoe ag tabhairt faoiseamh breise faoi Alt 481 do thionscal incháilithe san earnáil maisíochta físe.

Mar chuid dár dtiomantas chun tacú le hábhar as Gaeilge, méadaíodh maoiniú foriomlán TG4 chuig níos mó ná €65 milliún lena chinntiú go leantar leis an soláthar clár Gaeilge d’ardchaighdeáin, lena n-áirítear seirbhís nuachta digiteach nua. Mar a fógraíodh roimhe seo, cuirfear maoiniú poiblí iomlán €240 milliún ar fáil do RTÉ in 2026 le leanúint lena straitéis nua agus leanúint ag freastal ar lucht féachana na hÉireann le nuacht agus cúrsaí reatha neamhchlaonta, agus ardchaighdeán ábhar feadh gach seánra.

Neartófar iriseoireacht leasa phoiblí a thuilleadh le €4.4m i maoiniú Státchiste do na meáin chun scéimeanna a mhaoiniú arna riaradh ag Coimisiún na Meán agus tá €1.1 milliún á chur ar fáil le tacú le taighde, seiceáil fíricí agus litearthacht meán le tacú le cur i bhfeidhm.

Leagtar amach sa Chlár don Rialtas cuspóir uaillmhianach chun cur i bhfeidhm an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda a chur i gcrích faoi dheireadh 2026. Tá sé ar cheann de na tionscadail bhonneagair is rathúla agus is mó a raibh tionchar aige i stair an Stáit, agus tá sé le bheith críochnaithe roimh an sprioc cheana féin.

Tá an NBP beagnach críochnaithe anois, agus tá mé sásta leithdháileadh €433 milliún a fhógairt don chlár poiblí uaillmhianach seo a athraíonn saol daoine, a cheadóidh do chur i bhfeidhm an líonra a chríochnú an bhliain seo chugainn, ag cinntiú go seachadtar tairbhí an aistrithe digitigh ar fud na tíre – do gach baile, feirm agus gnó.

Leis na bearta sin, agus tuilleadh a fhógróidh mé inniu, leanfaimid ag neartú agus ag tacú lenár gcultúr, an chaoi a ndéanaimid cumarsáid, an méid a dhéanaimid i gcomhair taitneamhachta in 2026 agus ina dhiaidh.

Dúirt an tAire Charlie McConalogue:

Is é an spórt cuisle an oiread sin dár bpobail, agus tá an Rialtas seo tiomanta don spórt a fhás ag gach leibhéal. Ó rannpháirtíocht ag an mbunleibhéal chuig lúthchleasaithe den scoth agus ardfheidhmíochta, táimid tiomanta do sheasamh na hÉireann a fheabhsú mar náisiún spórtúil.

Cumasóidh maoiniú breise do Spórt Éireann maoiniú ilbhlianta do Chomhlachtaí Rialaithe Spóirt agus Comhpháirtíochtaí Spóirt Áitiúla, chomh maith le ciste nua chun imeachtaí spóirt réigiúnacha a fheabhsú. Tabharfaimid tacaíocht freisin don FAI chun tús a chur lena gclár Acadamh agus tabharfaimid tacaíocht isteach chun iománaíocht a fhás i gceantair uirbeacha agus áiteanna nach n-imrítear go traidisiúnta í ar fud na tíre.

Táimid ag comhaireamh na laethanta go mbeidh Ryder Cup 2027 agus Euro 2028 in Éirinn, agus leanfaimid ag infheistiú iontu sin agus i Mórimeachtaí Spóirt eile in 2026. Leanfaidh sé de bheith ina thosaíocht go bhfágann na himeachtaí sin oidhreacht leanúnach do phobail, go dtiomáineann siad fás eacnamaíoch, agus go mbíonn tionchar dearfach acu ar rannpháirtíocht spóirt.

Ag druidim leis na Cluichí Oilimpeacha in Los Angeles in 2028, tá an Rialtas tiomanta do €30 milliún sa bhliain i maoiniú Ardfheidhmíochta a bhaint amach roimh Chluichí Oilimpeacha LA 2028. Le méadú €1.5 milliún, chun an maoiniú iomlán a thabhairt chuig €28.5 milliún, táimid chun tosaigh ar an sprioc seo.

Tá foráil déanta againn freisin do bhabhta eile maoinithe faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail, chomh maith le méadú sa tacaíocht don Chiste Bonneagair Spóirt ar Scála Mór, ag aithint cur i bhfeidhm na dtionscadal a fógraíodh cheana. Leanfaimid ag forbairt an Champais Náisiúnta Spóirt, agus obair le tosú go gairid ar an Veileadróm agus Ionad Badmantan Náisiúnta nua. Tá an Rialtas seo tiomanta do rath spórt na hÉireann; ó infheistíocht nach bhfacthas cheana inár n-áiseanna spóirt, chuig tacú le huaillmhian ár lúthchleasaithe ardfheidhmíochta ar leibhéal iontach agus go bunúsach, ag cinntiú go mbíonn sé de cheart ag gach duine, ag gach leibhéal, páirt a ghlacadh i spórt agus gníomhaíocht choirp.

Is féidir liom a dheimhniú freisin go ndéantar foráil i soláthar caipitil na Roinne do leibhéal breisithe tacaíochta le Líonra na nOifigí Poist de €15 milliún in aghaidh na bliana, ag aithint a stádais mar phríomh-chomhpháirt den bhonneagar eacnamaíoch agus sóisialta ar fud na hÉireann. Chun é sin a dhéanamh tabharfar tograí chuig an Rialtas, a dhéanfar lena chinntiú go mbeidh tacaíocht bhreisithe ar fáil in 2026. Leanfaidh sé seo ag cinntiú a n-inbhuanaitheachta agus breiseoidh sé an luach a thugann siad do phobail áitiúla.

Buaicphointí Bhuiséad 2026

Na hEalaíona agus Cultúr

Tá sé mar aidhm le clár Ealaíon agus Cultúir na Roinne rannpháirtíocht leis agus sna healaíona, sa chultúr agus sa chruthaitheacht ag daoine aonair agus pobail a thacú agus a fhorbairt trína saibhreofaí a saolta trí ghníomhaíocht chultúrtha agus chruthaitheach; chun ealaíona, cultúr agus cruthaitheacht na hÉireann a chur chun cinn ar fud an domhain; agus chun Geilleagar Oíche níos beoga agus níos éagsúla a thiomáint.

  • Tá foráil déanta, faoi réir cheadú an Rialtais, maidir le scéim comharba leis an Scéim Phíolótach um Bunioncam do na hEalaíona, a chríochnóidh i mí Feabhra 2026. Cruthaítear sa taighde go gcothaíonn an Scéim gairmeacha ealaíontóirí agus go laghdaíonn sí neamhchinnteacht ioncaim a bhíonn go mór i gceist i ngairm sna healaíona.
  • Cur i gcrích tionscadal an stóir sa Chartlann in 2026
  • Tosú ar mhór-athfhorbairt ar Ghailearaí Crawford
  • Tús a chur le hathfhorbairt ar an gCeoláras Náisiúnta le tionscadal an Ionaid Fionnachtana (ionad foghlama agus rannpháirtíochta ceoil) sa seanbhloc Paiteolaíochta
  • Forbrófar scéim oibreacha caipitil €6m nua chun tionscadail chaipitil ealaíon a mhaoiniú i gcomhréir leis an tiomantas sa Chlár don Rialtas, ag tabhairt tacaíochta do phobail ar fud na tíre.
  • Méadú €2.1m le leithdháileadh 2026 Fís Éireann chun straitéisí nua a fhorbairt chun na hearnálacha cluichíochta agus maisíochta a fhás in Éirinn agus chun tacaíocht níos mó a thabhairt don tionscal scáileáin dúchasach agus a thagann isteach
  • Leithdháileadh breise de €600,000 do Chomhaltas Ceoltóirí Éireann atá ag ceiliúradh 75 bliain ar an bhfód i 2026.
  • Maoiniú €1m, dúbailt ar leithdháileadh 2025, le haghaidh babhta 2026 den Scéim Tacaíochta d’Ionaid Cheoil Pobail chun tacú le hionaid cheoil agus ealaíontóirí neamhspleácha ar fud na tíre.
  • Tháinig méadú €800k ar leithdháileadh 2026 Chultúr Éireann, le cabhrú chun gairmeacha idirnáisiúnta ealaíontóirí na hÉireann a fhorbairt agus a chothú

Cumarsáid

Is é is aidhm le clár Cumarsáide na Roinne nascacht agus cumarsáidí den chéad scoth a sheachadadh, a chinnteoidh go mbeidh bonneagar digiteach sofhreagrúil, freagrúil agus athléimneach i bhfeidhm agus go dtacaítear le claochlú an gheilleagair dhigitigh chun tairbhe gach saoránach, gnó, agus pobal in Éirinn.

  • Maoiniú don chlár cumarsáide méadaithe €40.945m
  • Maoiniú breise de €33m le tacú le cur i bhfeidhm leanúnach an Phlean Náisiúnta Leathanbhanda
  • Maoiniú breisithe de €15m sa bhliain do Líonra na nOifigí Poist, faoi réir cheadú an Rialtais
  • €3.5m chun síneadh a chur le conradh an Lárionaid Náisiúnta Taighde Dhigitigh go dtí deireadh 2026 le tacú le Fiontraíocht Éireann clár comharba a chur i bhfeidhm

Spórt

Tá sé mar aidhm le clár Spóirt agus Áineasa na Roinne rannpháirtíocht níos mó i spóirt ag gach duine a chur chun cinn, le fócas ar leith ar rannpháirtíocht na mban agus éagsúlacht, fad is a leantar ag infheistiú in áiseanna spóirt nua, lúthchleasaithe ardfheidhmíochta agus óstáil mórimeachtaí.

  • €10.8m de mhaoiniú reatha breise do Spórt Éireann, lena n-áirítear:
    • méadú €2m ar chroí-mhaoiniú do chomhlachtaí rialaithe náisiúnta spóirt agus comhpháirtíochtaí spóirt áitiúla
    • agus €500k breise le tacú le hobair Spórt Éireann le cláir agus imeachtaí oidhreachta spóirt.
  • Maoiniú breise do na Cluichí Gaelacha lena n-áirítear:
    • croí-mhaoiniú breisithe de €250k don CLG
    • díreach faoi bhun €750k chun Iománaíocht a fhás i gceantair nach n-imrítear go traidisiúnta í
    • €1.6m breise le tacú le himreoirí idirchontae
  • Maoiniú breise don IRFU lena n-áirítear:
    • croí-mhaoiniú breisithe de €250k
    • maoiniú díreach faoi bhun €500k le tacú le conairí ardfheidhmíochta a fhorbairt d’imreoirí rugbaí ban
  • €3m don FAI le tacú le hacadaimh pheile Shraith na hÉireann
  • Méadú €1.5m ar mhaoiniú Ardfheidhmíochta roimh LA 2028, chun tiomantais an Chláir don Rialtas a chomhlíonadh
  • Infheistíocht €500k i gclár rannpháirtíochta bunleibhéil gailf mar chuid de chlár oidhreachta mórimeachta gailf cosúil le Ryder Cup 2027
  • Tús le cur le tógáil an Veileadróm agus Ionad Badmantan Náisiúnta
  • Méadú €18.7m sa leithdháileadh bliantúil don Chiste um Bonneagar Spóirt ar Mhórscála (LSSIF), chun tacú le háiseanna spóirt den chéad scoth a fhorbairt ar fud na tíre
  • Tacóidh an leithdháileadh leis na mílte tionscadal atá ar siúl cheana féin faoin gCiste Áiseanna Spóirt Pobail agus tá coinne leis go bhfógrófar oscailt bhabhta eile níor deireanaí in 2026

Na Meáin agus Craolachán

Tá sé mar aidhm ag an Roinn earnáil Meán agus Craolacháin inbhuanaithe agus éagsúil a chur chun sinn, agus chun sábháilteacht ar líne a chur ar aghaidh trí chóras rialála éifeachtach agus tacaíocht leanúnach do Choimisiún na Meán.

  • Méadú €5.376m do TG4, ag tabhairt maoiniú poiblí iomlán in 2026 chuig €65.376m, a chumasóidh TG4 chun seirbhís nuachta digiteach nua a fhorbairt.
  • Maoiniú poiblí do RTÉ le méadú chuig €240m, comhdhéanta den táille ceadúnais agus maoiniú Státchiste, i gcomhréir le leibhéil chomhaontaithe.
  • €1.1m i maoiniú Státchiste chun an Straitéis Frith-Bhréagaisnéise Náisiúnta a chur i bhfeidhm le tacú le taighde ar bhréagaisnéis agus frithbhearta iomchuí, le saineolas um sheiceáil fíricí a fhorbairt agus cuideoidh sé chun soláthar scileanna litearthachta meán a leathnú chuig gach aoisghrúpa.
  • €4.4m de mhaoiniú Státchiste breise chun tacú le hábhar seirbhíse poiblí agus iriseoireacht leasa phoiblí trí Choimisiún na Meán, ag tabhairt iomlán na tacaíochta do scéimeanna maoinithe meán chuig €34.4m. Tá an maoinithe breise comhdhéanta den mhéid a leanas:
    • €1 le haghaidh Scéim Meán Pobail nua
    • €1.4m breise de mhaoiniú Státchiste don Scéim ‘Fuaim agus Fís’ (chun an maoiniú iomlán don Scéim in 2026 a thabhairt chuig €15.4m)
    • €1m i maoiniú breise don Scéim Tuairiscithe Nuachta (ag tabhairt an leithdháileadh iomlán in 2026 chuig €5m, a bhfuil €3m de imfhálaithe d’earnáil an raidió tráchtála)
    • €1m i maoiniú breise don Scéim um Chlaochlú Digiteach (ag tabhairt maoiniú iomlán don Scéim chuig €4m in 2026)
    • leanúint leis an €3m atá leithdháilte le tacú le soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ar an teilifís tráchtála
    • an leithdháileadh €6m coinnithe do Scéimeanna Tuairiscithe Dhaonlathas Áitiúil agus na gCúirteanna

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat