Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Fógraíonn na hAirí síneadh don Ionad Náisiúnta um Thaighde Digiteach (NDRC)


Seolfaidh Fiontraíocht Éireann Luasaire Náisiúnta nua in 2026

D’fhógair an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, Patrick O’Donovan, T.D., agus an tAire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, T.D., go bhfuil ceadú tugtha ag an rialtas inniu don rogha síneadh a chur leis an NDRC leis an soláthraí seirbhíse reatha, Dogpatch Labs, agus go leanfaidh seirbhísí an NDRC de thacaíochtaí a chur ar fáil don éiceachóras fiontraíochta digití atá i gcéim luath go dtí deireadh na bliana 2026.

Tá sprioc uaillmhianach ag Fiontraíocht Éireann, faoina straitéis ‘Ag Seachadadh d’Éirinn, ag Ceannaireacht ar fud an Domhain’ chun tacú le 1,000 gnólacht nuathionscanta faoi 2029 agus seolfaidh sí Ardán Luasaire Náisiúnta comharba in 2026, ag cur leis an rath a bhí ar an NDRC. Léireoidh an tArdán Luasaire Náisiúnta nua, atá i gcéim forbartha ard, riachtanais nua agus athraitheacha bhunaitheoirí, feabhsóidh sé éagsúlú earnála agus nascacht idirnáisiúnta, chomh maith le freagairt do thorthaí thuarascáil le déanaí ón OECD ar Éiceachóras Gnólachtaí Nuathionscanta na hÉireann.

Dúirt an tAire Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt agus Meán, Patrick O’Donovan T.D.:

“Tá an NDRC tar éis a bheith ina thacaíocht ardfheidhmíochta do ghnólachtaí nuathionscanta digiteacha na hÉireann; ag cur meantóireachta, oiliúna, agus infheistíochtaí ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta agus d’fhiontraithe atá i gcéim luath agus ag cabhrú le cruthú postanna ar ardluach. Tá áthas orm conradh an NDRC a fhadú go dtí deireadh 2026 mar thacaíocht le cur i bhfeidhm chlár comharba Fhiontraíocht Éireann, atá á fhorbairt i gcomhthéacs ghealltanas an NDRC sa Chlár don Rialtas.”

Dúirt an tAire Fiontraíochta, Turasóireachta agus Fostaíochta, Peter Burke, T.D.:

“Cinntíonn an cinneadh seo leanúnachas seirbhíse, tacaíonn sé le leanúnachas na nuálaíochta réigiúnaí, agus cuireann sé bunchloch chobhsaí ar fáil do chur i bhfeidhm clár Luasaire Náisiúnta fadtéarmach nua atá á fhorbairt ag Fiontraíocht Éireann bunaithe ar riachtanais Ghnólachtaí Nuathionscanta agus Gnólachtaí Scála Éireannacha. Ní mór dúinn leanúint de thacaíocht a thabhairt d’uaillmhian dhomhanda na ngnólachtaí nuathionscanta atá bunaithe in Éirinn agus atá faoi stiúir na nuálaíochta, go háirithe i dtimpeallacht eacnamaíoch dhomhanda dúshlánach. Chun seo a dhéanamh, forbróidh mo Roinn, trí Fhiontraíocht Éireann, cur chuige uile-chórais a luasghéaróidh fás, idirnáisiúnú agus scálú gnólachtaí nuathionscanta.”


Nótaí

  • Bronnadh an NDRC ar Dogpatch Labs in 2020, agus feidhmíonn sé le múnla moil-agus-spól, ag dul i gcomhpháirtíocht le moil nuálaíochta réigiúnacha i gCiarraí (RDI Hub), i gCorcaigh (Republic of Work), agus i nGaillimh (PorterShed), chun foirne oilte a lonnú laistigh d’éiceachórais áitiúla.
  • Ó thaobh náisiúnta de, tá an NDRC dírithe ar phoist ar ardluach a chruthú sa tSeirbhís Dhigiteach, ar nuálaíocht dhigiteach agus ar fhiontraíocht dhigiteach a chur chun cinn trí sheirbhísí éagsúla a chur ar fáil. Tá sé de cheangal ar an NDRC tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí a bhfuil an poitéinseal is mó acu maidir le “tionchar ard” ó thaobh geilleagair de. I gcomhthéacs na spriocanna straitéiseacha seo cuireann an NDRC ar fáil:
    • Cláir Luasaireachta;
    • Infheistíocht chaipitil i ngnólachtaí nuathionscanta;
    • Seirbhísí Réigiúnacha; agus
    • Bainistíocht Punainne