Gheobhaidh 144 tionscadal raidió, teilifíse agus craolta pobail os cionn €7.5 milliún tríd an Scéim Fuaime agus Físe
- Foilsithe: 6 Aibreán 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
- €6.6 milliún do 29 tionscadal teilifíse
- €636,000 le fáil ag 67 tionscadal raidió nua
- Maoiniú do 17 gcraoltóir pobail
Inniu (Déardaoin, an 6 Aibreán 2023), d’fháiltigh an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, roimh fhógra Choimisiún na Meán go mbronnfar breis is €7.5 milliún faoin Scéim Fuaime agus Físe. Is iad seo na dámhachtainí do Bhabhtaí 47 agus 48 den Scéim Fuaime agus Físe.
Tacóidh na leithdháiltí a dhéanfar faoi Bhabhta 47 le 96 tionscadal le craoladh ar an raidió agus ar an teilifís, le maoiniú á leithdháileadh ar chláir faisnéise, drámaí, siamsaíochta, oideachais agus beochana ina léirítear cultúr, oidhreacht agus eispéireas na hÉireann.
Ag labhairt inniu dúirt an tAire Martin:
“Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an bhfógra seo ó Choimisiún na Meán, agus déanaim comhghairdeas leis na hiarratasóirí ar fad ar éirigh leo as a gcuid dámhachtainí. Tá maoiniú na dtionscadal thar gach formáid agus seánra tábhachtach ó thaobh cuimsithe de, agus meallann an raon leathan clár, ó dhrámaíocht go clár faisnéise, ó oideachas go siamsaíocht, lucht féachana de gach aois. Áirítear leis na dámhachtainí atá á ndéanamh leithdháileadh breise de €1 mhilliún a chuir an Státchiste ar fáil don Chiste Craolacháin chun leanúint ar aghaidh ag freastal ar an éileamh méadaithe san earnáil”.
Agus í ag labhairt faoi leithdháileadh €645,000 do 17 gcraoltóir pobail faoi Bhabhta 48 chun ábhar agus gníomhaíochtaí leasa shóisialta a fheabhsú laistigh den phobal, dúirt an tAire Martin:
“Léiríonn maoiniú do chraoltóireacht phobail, ní hamháin do léiriú clár ach do ghníomhaíochtaí for-rochtana agus oiliúna chomh maith, tábhacht na Scéime Fuaime agus Físe ina cumas réimsí tábhachtacha laistigh den earnáil a aithint agus tacú leo. Fáiltím go háirithe roimh Theilifís Phobail a chuimsiú den chéad uair i mbabhta maoinithe dá leithéid”.
Tá sonraí na dtionscadal a gheobhaidh maoiniú, ar léiriúcháin dátheangacha/Gaeilge iad 35% díobh i mBabhta 47, ar fáil ar www.bai.ie.
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí:
I measc bhuaicphointí na dtionscadal a gheobhaidh maoiniú, tá:
- Sraith úrnua ceithre pháirt ina leantar néaramháinlianna in Ospidéal Beaumont agus iad i mbun a n-obair cheannródaíoch a dhéantar faoi bhrú ollmhór.
- Don lucht éisteachta níos óige tá tacaíocht ar fáil don dara sraith de Dizzy Deliveries, an chéad sraith teilifíse do pháistí in Éirinn le teanga chomharthaíochta a léiriú agus a neadú.
- Don raidió, beidh lucht féachana in ann éisteacht le Joe ar Thóir Líofacht, clár faisnéise 10 gcuid bunaithe ar an láithreoir Joe McGill agus a thuras go líofacht sa Ghaeilge i gceann bliana.
Tá sonraí faoi na tionscadail a gheobhaidh maoiniú ar fáil ar www.bai.ie.
Áirítear le leithdháileadh €7.29m sa bhabhta seo €1m breise i gcistí státchiste a fuair an tAire Martin.
D’fhógair Coimisiún na Meán le déanaí freisin go n-osclófar an chéad Bhabhta Fuaime & Físe eile (Babhta 49), Déardaoin, an 20 Aibreán agus dúnfar é Dé Máirt, an 30 Bealtaine agus cuirfear sonraí iomlána lena n-áirítear an Fhoirm Iarratais agus na Treoirlínte ar fáil ar a suíomh gréasáin ón 20 Aibreán.